Aispeist

Cad is aispeist ann?

Mianra í an aispeist a dtagtar uirthi go nádúrtha. Tá snáithíní fada caola inti ar féidir leo a bheith baolach má ion-análaítear iad mar dheannach.

Go dtí 1999, úsáideadh aispeist go coitianta in ábhair thógála, go príomha le haghaidh insliú agus dódhíonta, agus i roinnt earraí tomhaltóirí. Tá sé in aghaidh an dlí, anois, áfach, aispeist nó táirgí ina bhfuil aispeist a thabhairt isteach sa mhargadh.

Mar sin, má tá díon á bhaint agat, mar shampla, ina bhfuil aispeist, ní mór an t-ábhar a chur chun diúscartha agus ní féidir é a athúsáid nó a oiriúnú lena athúsáid.

Cá bhfaightear aispeist?

Tá aispeist le fáil in aon seanfhoirgneamh a tógadh nó a athchóiríodh roimh 2000. Úsáideadh aispeist de ghnáth mar mhodh inslithe agus dódhíonta, ach úsáideadh é i bhformáidí éagsúla freisin. De thoradh sin, tá sé le fáil in ábhair thógála a úsáidtear le haghaidh:

  • Urláir
  • Ballaí
  • Síleálacha
  • Díonta
  • Córais agus trealamh téimh

Cad a tharlaíonn má fhágtar mé gan chosaint ar an aispeist?

Is féidir le fadhbanna sláinte éagsúla a bheith mar thoradh ar a bheith neamhchosanta ar an aispeist. Is féidir go dtógfaidh sé idir 15-60 bliain chun go dtiocfaidh na fadhbanna sin chun cinn.

Cuireann aispeist le riosca méadaithe:

  • Ailse scamhóg
  • Aispeastóise (coilm ar fhíochán na scamhóige)
  • Méisitéilióma (ailse líneáil an chliabhraigh agus líneáil chuas an bhoilg)
  • Plaiceanna pleoracha/brúchtadh pleorach

Conas déileáil le aispeist

Má cheapann tú go bhféadfadh go bhfuil aispeist in ábhar, nó má tá socruithe á ndéanamh agat go dtabharfar faoi obair thógála ar do theach, ba cheart duit comhairle shaineolaí a fháil ó chuideachta speisialtóra monatóireachta/suirbhéireachta aispeiste, lena shainaithint an bhfuil nó nach bhfuil aispeist ann. Níor cheart duit ábhair ina bhfuil aispeist (ACManna) a láimhseáil, a shuaitheadh nó a bhaint, tú féin.

Ní gá aispeist a bhaint agus a dhiúscairt mar dhramhaíl i gcónaí. Más rud é go bhfuil dea-bhail ar an aispeist agus nach ndearnadh cur isteach uirthi nó damáiste di, ní dhéanfaidh sí dochar ar bith toisc nach scaoilfear na snáithíní.

Uaireanta, féadfaidh sé a bheith níos sábháilte é a choimeád seachas an aispeist a shuaitheadh trína bhaint. Ba cheart an cinneadh seo a bhunú ar mheasúnacht mheasúnú riosca, faoina dtugann speisialtóir.

Má tá aispeist le deisiú agus le coimeád, caithfidh speisialtóir é seo a dhéanamh go sábháilte. Ba cheart aon ábhar atá fanta a lipéadú go soiléir i leith aispeiste agus ba cheart an áit a bhfuil sé suite a mharcáil go soiléir ar phleananna an fhoirgnimh go mbeidh a fhios agat amach anseo cá bhfuil siad.

Nós imeachta casta is ea aispeist a bhaint, agus ní mór nach dtabharfaidh duine ar bith seachas conraitheoir speisialtóra faoi. Tá dramhaíl aispeiste guaiseach agus má bhaintear í ar an mbealach mícheart, méadaítear an baol go n-ion-análófar snáithíní. Tá rialacha mionsonraithe faoi conas ar cheart an dramhaíl a cheangal, a lipéadú agus a dhiúscairt.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis an aispeist ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú an Chomhshaoil (EPA) agus sna treoirlínte praiticiúla seo ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (pdf).

Tú féin nó do chuid fostaithe a chosaint ar an aispeist san ionad oibre

Rinneadh sraith Rialachán lena chinntiú go gcosnaítear oibrithe ón mbaol a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair. Baineann siad le gach áit oibre agus gach earnáil oibre ina bhféadfadh ábhair ina bhfuil aispeist (ACManna) a bheith i láthair, agus le gach duine a d’fhéadfadh bheith i mbaol nochta nuair a bhíonn siad ag an obair.

Comhlíonann an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteacht (ÚSS) mór-ról leis na rialacháin seo a fhorfheidhmiú. Cé go ndéileálann an ÚSS go sonrach le cosaint oibrithe agus na hearnála tionsclaíche, má tá obair á déanamh duit i do theach, is féidir caitheamh leis mar áit oibre chun na críche sin, agus ní mór go dtugtar an leibhéal riachtanach cosanta do na daoine atá ag oibriú ag an láithreán go ndéanfaidh siad a gcuid oibre go sábháilte, gan aon bhaol dá sláinte nó dá sábháilteacht.

Cad é an teorainn nochta d'aispeist?

Sainmítear sa reachtaíocht uasleibhéal na neamhchosanta laethúil ar féidir le hoibrithe a bheith nochta di ag ionad oibre. Is é an teorainn neamchosanta seo ná 0.1 snáithín in aghaidh an cm3 do gach cineál aispeiste (nó 100 snáithín in aghaidh an lítir aeir).

Más rud é, le hobair phleanáilte a bhaineann leis an aispeist go bhféadfaí tú féin nó oibrithe eile a nochtadh do thiúchan níos airde snáithíní aispeiste san aer, ní mór do d’fhostóir fógra scríofa a chur faoi bhráid an ÚdaráIs Sláinte agus Sábháilteachta 14 lá sula dtosófar ar aon obair.

Ní mór go ngníomhóidh fostóir atá freagrach as daoine a oibríonn i dtimpeallacht ina bhfuil aispeist féideartha chun sláinte a bhfostaithe a chosaint. I measc na mbeart atá le déanamh, tá:

  • Aon aispeist a shainaithint sula gcuirtear tús le hobair agus an obair a phleanáil chun iad a shuaitheadh a laghad is féidir
  • Measúnú scríofa riosca agus plean scríofa oibre nó ráiteas modha a réiteach
  • Fostaithe a chur ar an eolas ar thorthaí aon tomhais ar dheannach aispeiste san aer ina limistéar oibre
  • Nochtadh fostaithe d’aispeist a chosc nó gach gníomh is féidir a dhéanamh chun an méid aispeiste san aer a choimeád a ísle is féidir
  • Conraitheoirí speisialtóra a úsáid d’aon obair ina bhfuil baol suntasach nochta – ní mór do na speisialtóirí sin rialuithe oiriúnacha a úsáid, ar nós asbhainteoirí deannaigh agus aonaid dí-éilithe
  • An trealamh cuí cosanta a sholáthar don saghas oibre agus don leibhéal aispeiste san aer
  • Faisnéis, treoir agus oiliúint a sholáthar, ionas gurb eol d’fhostaithe cén rioscaí atá i gceist agus cén réamhchúraim ar gá dóibh a ghlacadh
  • Aon dramhaíl ina bhfuil aispeist a dhiúscairt i gceart

Tá faisnéis agus comhairle mhionsonraithe ann i dtreoirlínte praiticiúla (pdf) an ÚSS ar bhainistíocht agus ar láithreacht aispeist in ionaid oibre.

D’fhoilsigh an ÚSS bileog faisnéise achoimrí, Sábháilteacht le hAispeist, chomh maith, atá dírithe ar fhostaithe agus ar ionadaithe sábháilteachta, mar aon le fostóirí.

Iniúchtaí láithreáin

Tá an chumhacht ag an ÚSS chun cigireacht a dhéanamh ar láithreáin ina dtugtar faoi obair le haispeist agus féadfaidh cigirí cuairt a thabhairt ar láithreán gan fógra a thabhairt. Ní mór rochtain iomlán a thabhairt dóibh ar gach limistéar den láithreán sin lena chinntiú go gcomhlíontar na rialacháin.

Féadfaidh cigirí an ÚSS láithreán a dhúnadh síos láithreach bonn má shíleann siad go bhfuil cleachtais bhaolacha ar bun. Féadfaidh siad fógra toirmisc a chur ar an láithreán nó ar oibríocht ar leith. Tá éifeacht leis an bhfógra seo go dtí go réitítear nó go gcuirtear an cheist ina ceart.

Fógraí toirmisc maidir le hobair chontúirteach

Is éard is fógra toirmisc ann ná ordú dlíthiúil chun stad a chur le hobair shonrach toisc an ardleibhéal contúirte a mheastar a bheith ann mar gheall uirthi. Mura ndéanann tú gníomhaíocht agus mura gcomhlíonann tú na ceanglais atá leagtha amach i bhfógra toirmisc, féadfaidh an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta tú a ionchúiseamh sa chúirt.

Má chiontaítear tú i gcion faoi na Rialacháin Aispeiste, féadfaidh an chúirt fíneáil a ghearradh ort. Is féidir leis an gcúirt ordú a thabhairt duit na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun an cás a réiteach laistigh de spriocam sonrach. Cion a bheidh ann gan na céimeanna sin a leanúint.

Tá údaráis áitiúla freagrach as teagmhais de thruailliú aeir agus uisce a imscrúdú, agus bheadh diúscairt mhícheart aispeiste i gceist leo seo. Féadtar sáruithe ar an Acht um Thruailliú Aeir, 1987 agus an tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 a ionchúiseamh. Má dheimhnítear go bhfuil aon duine tar éis an reachtaíocht seo a shárú, tá an té sin ciontach i gcion.

Teagmhálaithe úsáideacha

Féadfaidh tú teacht ar liostaí de speisialtóirí agus conraitheoirí aispeiste ar láithreáin ghréasáin an GCC agus an ÚSS.

Lena chinntiú go bhfuil an ceadúnas ag cuideachta bhailithe dramhaíola chun dramhaíl aispeiste a láimhseáil, seiceáil leis an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola.

Má bhaineann do bhuarthaí le hionad oibre agus/nó le gníomhaíocht oibre, déan teagmháil leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Má tá buarthaí agat faoi aispeist i limistéir phoiblí, déan teagmháil leis an Oifigeach Sláinte Chomhshaoil i d’údarás áitiúil.

Déan teagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna má bhíonn aon bhuarthaí agat faoi láithreacht aispeiste i scoileanna.

Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as déileáil le haispeist i bhfoirgnimh eile i bpunann mhaoine an Stáit.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Feabhra 2024