Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Dífhostaíocht agus Iomarcaíocht > Scéimeanna Tacaíochta Fostaíochta > JobBridge - Scéim Náisiúnta Intéirneachta

Print Page Send to a Friend

JobBridge - Scéim Náisiúnta Intéirneachta

Réamhrá

Cuireann JobBridge, Scéim Náisiúnta Intéirneachta nua deiseanna thaithí oibre ar fáil do 5,000 duine dífhostaithe. Thosaigh an scéim ar an 1 Iúil 2011 agus beidh sé oscailte suas go 30 Meitheamh 2013. Tá sé dírithe orthu siúd atá ag fáil íocaíocht dífhostaíochta nó atá ag síniú do chreidmheasanna ar feadh ar a laghad 3 mhí. Tairgfear intéirneacht do rannpháirtithe na scéime idir 6 agus 9 mí ar fhad le heagraíocht óstaigh. Faoin scéim seo, má ghlacann siad le hintéirneacht coinneoidh siad a n-íocaíocht leasa shóisialaigh agus gheobhaidh siad €50 sa bhreis in aghaidh na seachtaine. Tá an scéim riartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012.

Athruithe i mBealtaine 2012: Ardófar an méid intéirneachtaí go dtí 6,000 agus ó 28 Bealtaine 2012, beidh daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora i dteideal iarratas ar intéirneacht a dhéanamh.

Rannpháirtithe

Cén chaoi a gcáilím don scéim?

Chun a bheith i dteideal áit a fháil ar Scéim Náisiúnta Intéirneachta, ní mór duit a bheith dífhostaithe agus:

*Ó 26 Meán Fómhair 2011 is féidir tréimhse ar bith caite ar an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, SDOG, cúrsaí traenála FÁS/Fáilte Ireland, Youthreach, FIT, Scéimeanna Fostaíochta Pobail, Tús, Scéim Sóisialta Tuaithe, Scéim um Fhilleadh ar Obair, Tionscnamh JabannaPostchúnamh Ioncaim a chur san áireamh le haghaidh teidlíochta JobBridge, má:

  • Chríochnaigh tú na cláir seo
  • Tá tú ag síniú arís ar an gClár Beo
  • Tá tú ag fáil SCP, LCP nó ag síniú do chreidmheasanna díreach sula dtosaíonn tú JobBridge

Ó 28 Bealtaine 2012, beidh daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora i dteideal iarratas ar intéirneacht a dhéanamh.

Ní féidir leat tús a chur leis an intéirneacht go dtí go bhfuil do theidlíocht do JobBridge dearbhaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

D’fhéadfadh intéirneachtaí a bheith ofráilte i réimse leathan earnálacha fostaíochta agus ceirdeanna in eagraíochtaí poiblí, príobháideacha agus pobail agus deonacha.

Cé chomh fada is a mhaireann an intéirneacht

Faoi Scéim Náisiúnta Intéirneachta is féidir leat obair mar intéirneach le heagraíocht óstaigh ó 6 mhí suas go 9 mí ar a mhéid.

Beidh an scéim oscailte ar feadh 2 bhliain agus glacfar le hiarratais ar intéirneachtaí go dtí deireadh mí an Mheitheamh 2013.

Is féidir leat tuilleadh sonraí a léamh sa liosta seo de cheisteanna coitianta d'intéirneachtaí (pdf).

An bhfuil mé i dteideal saoire le linn intéirneachta?

Tá tú i dteideal saoire poiblí agus 1.75 lá saoire bliantúil do gach mí intéirneachta. Má tá tú as láthair ón obair de bharr tinnis, leanfaidh tú d'íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil ar choinníoll go sásóidh tú riachtanais an polasaí saoire tinnis do chuideachta

Eagraíochtaí óstaigh

Glaoitear eagraíochtaí óstaigh ar eagraíochtaí atá ag glacadh páirte sa scéim. Is féidir leo teacht ón earnáil phoiblí nó an earnáil phríobháideach nó ón earnáil phobail agus an earnáil dheonach. Ní mór d'fhostaí amháin, ar a laghad, a bheith fostaithe ag an eagraíocht óstaigh (EO) a oibríonn go lán-aimseartha ar feadh ar a laghad 30 uair an chloig sa tseachtain nó níos mó. Ní cheart go n-easáitíonn an intéirneacht áit fhostaí reatha.

Ní mór d’eagraíocht óstaigh a bheith ina heintiteas dleathach agus ní mór di a bheith géilliúlach do dhíotha sláinte agus sábháilteachta agus díotha dlíthiúla eile. Ó 15 Lúnasa 2011 beidh trádálaí aonair incháilithe chun bheith eagraíocht óstaigh (pdf)

Má theastaíonn seiceáil Gharda ní mór don eagraíocht óstaigh a chinntiú go ndéantar é seo. Clúdóidh árachas dhliteanais phoiblí na heagraíochta, agus árachas gluaisteán más ann dó, aon intéirneach ar an scéim.

Líon intéirneachtaí in eagraíocht óstaigh

Braitheann líon na n-intéirneachtaí gur féidir le heagraíocht óstaigh a thairiscint ar líon a fostaithe mar seo a leanas:

Líon fostaithe lán-aimseartha Líon áiteanna intéirneachtaí
1-10 fostaí 1
11-20 fostaí 2
21-30 fostaí 3
Níos mó ná 30 fostaí 20% den fhórsa oibre suas go dtí uasmhéid de 200, cibé acu is lú*

*Caithfear le hoifigí brainse áitiúla ag eagraíochtaí náisiúnta mar eagraíochtaí aonair i gcomhthéacs Scéim Náisiúnta Intéirneachta

Má tá socrúcháin WPP ag HO chomh maith, tá teorainneacha ar líon comhcheangailte na n-intéirneachtaí agus rannpháirtithe WPP. Is féidir leat tuilleadh sonraí a léamh sa liosta seo de cheisteanna coitiant d'eagraíochtaí ostacha (pdf).

Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí: Ó 1 Eanáir 2012, Is féidir le heagraíochtaí óstaigh a fhostaíonn intéirneacht an Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí a úsáid. Díolmhaíonn an scéim seo fostóirí óna ndliteanas a gcion de ranníocaíochtaí ÁSPC i leith fhostaithe áirithe. Is féidir leo a fhostú ar dhuine cáilithe díreach as ceann de JobBridge seo nuair atá critéir 156 lá sásaithe.

Rátaí

Coinneoidh tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh agus gheobhaidh tú íocaíocht bhreise de €50 in aghaidh na seachtaine. Coinneoidh tú aon sochair thánaisteacha atá agat freisin nuair a ghlacann tú le hintéirneacht. Má tá tu ag síniú do chreidmheasanna, gheobhaidh tú íocaíocht de €50 in aghaidh na seachtaine. Ní féidir leis na heagraíochtaí óstacha níos mó airgid a thabhairt d’intéirneachtaí ach is féidir a gcostais ón intéirneacht a íoc ar ais dóibh.

Má tá leanaí cleithiúnaigh agat, íocfar Méadú um Leanbh Cáilithe duit ina iomlán má tá tú i dteideal Méadú um Duine Fásta Cháilithe nó más tuismitheoir aonair thú. Mura bhfuil tú i dteideal Méadú um Duine Fásta Cháilithe seans go bhfaighfí Méadú um Leanbh Cáilithe leath-ráta.

Íocaíocht leasa shóisialaigh: Más intéirneach thú, tugtar neamhaird ar an tréimhse a fhaigheann tú liúntas intéirneacht nuair a mheastar fad do theidlíocht íocaíocht cuardaitheora poist.

Nuair críochnaíonn tú an intéirneacht, is féidir leat d'éileamh leasa shóisialaigh a atosú ag an bpointe a d'fhág tú é. Mar shampla, má fuair tú Sochar Cuardaitheora Poist agus bhí 90 lá fágtha de d'éileamh, nuair críochnóidh tú an intéirneacht, beidh teidlíocht 90 lá agat fós má atosann tú d'éileamh.

Conas iarratas a dhéanamh

Fógraítear intéirneachtaí ar jobbridge.ie, suíomh gréasáin Jobs Ireland agus oifigí áitiúla FÁS.

Más cuardaitheoir poist thú atá i dteideal na scéime is féidir leat seic a dhéanamh ar dheiseanna intéirneachta reatha ar jobbridge.ie. Nuair a thagann tú ar intéirneacht, cuireann tú isteach iarratas chuig an eagraíocht óstach de réir mar a dheirtear san fhógra. Má roghnaíonn an eagraíocht óstach thú tabhairt siad foirm cháilitheach duit agus beidh ar d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil é a stampáil duit. Má dheimhnítear teidlíocht, seolfaidh an Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh na foirmeacha comhlánaithe do chliaint incháilithe ar ais chuig JobBridge le haghaidh próiseála.

Ba cheart d'eagraíochtaí a bhfuil spéis acu intéirneacht a chur ar fáil clárú le Jobs Ireland mar eagraíochtaí óstacha. Má tá siad cláraithe cheana féin mar eagraíochtaí óstacha is féidir le a n-intéirneacht a fhógairt ar jobbridge.ie.

Tá eolas mionsonraithe maidir leis an scéim i dTreoirlínte Ginearálta do JobBridge, Scéim Náisiúnta na nIntéirneachtaí (NIS) (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Clár Socrúchán Oibre
    Cuireann Clár Socrúcháin Oibre taithí oibre ar fáil do dhaoine dífhostaithe.
  • Scéimeanna chun tacú le fostaíocht
    Forbhreathnú ar na scéimeanna fostaíochta agus ar na tacaíochtaí eile a spreagann daoine a bhfuil íocaíocht dífhostaíochta nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile á fháil acu chun fostaíocht a ghlacadh.
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
    Is íocaíocht é a bhfuil fiosrú maoine déanta air agus tugtar é do dhaoine atá dífhostaithe agus ag lorg oibre. Faigh amach dá bhfaighfeá Liúntas Cuardaitheora Poist.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.