Má dhífhostaítear tú, is féidir leat éileamh maidir le dífhostú éagórach a dhéanamh i gcoinne d'fhostóra, faoi réir coinníollacha áirithe. Seachas cás ina bhfuil dífhostú inchiallaithe i gceist, glactar leis go bhfuil dífhostú éagórach mura bhfuil ar chumas an fhostóra a léiriú go bhfuil cúiseanna maithe ag baint leis.
Mar sin de, má bhí dífhostú ann agus má tá tú i dteideal éileamh a dhéanamh, caithfidh an fostóir a chruthú gur dífhostú cóir a bhí ann .i. go raibh cúiseanna maithe leis an dífhostú agus gur cloíodh leis na nósanna imeachta cearta:
Má dhífhostaítear tú ó do phost, tá fógra íosthréimhse reachtúil ag dul do gach fostaí atá fostaithe ag a f(h)ostóir ar feadh 13 sheachtain ar a laghad. D'fhéadfadh do chonradh oibre foráil a dhéanamh i gcomhair fógra tréimhse níos faide.
Faoin reachtaíocht, tá sé de cheart agat ráiteas scríofa a iarraidh ó d'fhostóir ag léiriú cúiseanna an dífhostaithe. Ba chóir don bhfostóir é seo a chur ar fáil laistigh de 14 lá.
Le dífhostú a chruthú ní mór don bhfostóir:
D'fhéadfadh d'fhostóir cúis amháin nó níos mó ón liosta seo thíos a thabhairt mar chúis leis an dífhostú:
Clúdaíonn sé sin cúiseanna ar nós déanacht, neamhláithreacht agus neamhláithreacht leanúnach mar gheall ar thinneas nó ghortú, cibé gearrthéarmach nó fadthéarmach.
Má tá déanacht nó neamhláithreacht i gceist, ba cheart cruthúnas faisnéisneach a bheith ag d'fhostóir, ar nós taifid chlogála isteach nó cruthúnas neamhláithreachta agus iad gan deimhniú dochtúra a bheith leo. Ina theannta sin, beifear ag súil go mbeidh an fostóir in ann cruthúnas a thabhairt gur chuir sé/sí an fhadhb in iúl duit agus gur tugadh foláireamh duit maidir leis an tionchar a bheadh aici ar bhuanú d'fhostaíochta.
Má tá breoiteacht nó gortú i gceist, meastar go minic nach féidir duine a dhífhostú go cóir agus é/í ar shaoire bhreoiteachta óna (h)obair. Níl sé sin fíor, áfach. Is deacair rialacha dochta daingne a leagan síos maidir leis na cásanna seo mar measfar gach ceann acu ar a fhiúntas féin. Beidh éagsúlacht i ngach cás, mar shampla faid sheirbhíse, do thaifead oibre roimhe seo agus tábhacht na fostaíochta. Cuirfear na sonraí sin ar fad san áireamh. Roinntear an cineál éileamh seo go minic i neamhláithreacht ghearrthéarmach agus neamhláithreacht fhadtéarmach.
Tarlaíonn dífhostú maidir le breoiteacht ghearrthéarmach nuair a bhíonn tú neamhláithreach go minic mar thoradh ar fadhb sláinte a bheith ort. Ag glacadh leis nach raibh aon amhras faoin bhfadhb sláinte, beidh ar an bhfostóir a thaispeáint go bhfuil pátrún neamhláithreachta i bhfeidhm agus go bhfuil sé ag cothú deacrachtaí, nach bhfuil dealramh ann go bhfeabhsóidh an fhadhb agus gur tugadh foláireamh duit gur cosúil go bhfuil dífhostú i ndán.
I gcás neamhláithreachta fadthéarmaí, áfach, beifear ag súil go bhfaighidh d'fhostóir fianaise leighis mhionchruinn ag rá nach cosúil go mbeidh tú ag filleadh ar an obair ar ball. Níl aon tréimhse socraithe neamhláithreachta leagtha síos inar féidir a rá go bhfuil nó nach bhfuil dífhostú réasúnach. Dá fhad an neamhláithreacht is ea is éasca don bhfostóir a thaispeáint go bhfuil sé ag cothú fíordheacrachtaí maidir le heagraíocht na háite oibre.
I dtéarmaí fianaise leighis d'fhéadfadh go mbeadh ort freastal ar shaineolaí leighis de chuid d'fhostóra. Má tá coimhlint ó thaobh fianaise leighis idir tusa agus d'fhostóir maidir leis an dáta fillte a d'fhéadfadh a bheith ann, beifear ag súil go lorgóidh an fostóir dara tuairim sula ndéanfaidh sé an cinneadh tú a dhífhostú.
Áfach, is tábhachtach aire a thabhairt, dá mbreathnódh ar do thinneas mar mhíchumas faoin reachtaíocht comhionannais fostaíochta (pdf), caithfidh do chearta faoin reachtaíocht seo bheith san áireamh freisin
Baineann inniúlacht le do chumas do jab a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos, beifear ag súil le caighdeáin uait agus ní mór iad sin a léiriú duit. Caithfidh go mbaineann siad leis an jab ar fostaíodh tú dó.
Ar an dara dul síos, mura sroicheann tú an caighdeán riachtanach, ní
mór é sin a chur in iúl duit. Ba chóir é sin a dhéanamh trí mheán nós
imeachta foirmeálta faoi leith. Ba chóir don bhfostóir na feabhsúcháin
riachtanacha a shonrú duit. Ba chóir dóibh siúd a bheith indéanta agus ní
mór teaorainn ama réasúnta a cheadú don bhfeabhas.
Faoi dheireadh, ba chóir don bhfostóir rabhadh deireanach a thabhairt duit a
léiríonn an dealraitheacht dífhostaithe.
Tarlaíonn dífhostú cóir mar gheall ar chúiseanna cáilíochtaí i ndá bhealach. Cás amháin ná nuair a chuir tú míthreoir ar an bhfostóir maidir leis na cáilíochtaí a bhí agat nuair a chuir tú isteach ar an bpost. An cás eile ná nuair a gheall an fostóir fostaíocht leanúnach duit ar an gcoinníoll go dtabharfá faoi cháilíochtaí breise a fháil agus theip ort an coinníoll sin a chomhlíonadh cé gur tugadh deis réasúnta duit.
Mar chúis le dífhostú cóir clúdaíonn an téarma iompar réimse leathan iompraíochta. Tá gá le idirdhealú a dhéanamh idir mí-iompar tromchúiseach agus gnátheachtraí mí-iompair.
D'fhéadfadh mí-iompar tromchúiseach dífhostú láithreach (achoimre) a spreagadh gan fógra nó pá in áit fógra. Samplaí den mhí-iompar tromchúiseach ná ionsaí, meisce, gadaíocht, bulaíocht nó sárú ar bheartanna agus cleachtais an fhostóra. D'fhéadfadh níos mó eolais a bheith i do chonradh fostaíochta maidir le mí-iompar tromchúiseach.
Maidir leis na gnátheachtraí mí-iompair, d'fhéadfadh sraith
mioneachtraí a bheith i gceist ach, nuair a chuirtear le chéile iad tugann
sé údar ceart le dífhostú. Cibé, tá dualgas ar an bhfostóir fógra nó
pá in áit fógra a thabhairt duit.
Caithfidh an fostóir gach cás a fhiosrú i gceart chun teacht ar na fíricí
ar fad a bhaineann leis an gcás. Ach amháin i gcásanna mí-iompair
thromchúisigh, tá sé riachtanach gur tugadh rabhaidh iomchuí duit faoi
d'iompar agus gur léiríodh duit go raibh seans maith ann go mbeadh dífhostú
mar thoradh ar an iompar sin dá leanfadh de na fadhbanna. Má cuireadh an
méid sin i gcrích, tá an dífhostú cóir, mar tugadh an deis duit d'iompar
a fheabhsú.
Sa chás seo beidh an fostóir ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil cás iomarcaíochta ann agus mar sin de go bhfuil an dífhostú cóir. Chun é sin a bhréagnú, is féidir leat ceann nó níos mó ná ceann amháin de na hargóintí seo a dhéanamh: nach bhfuil aon bhunús eacnamaíoch leis an iomarcaíocht; gur fostaíodh duine eile i d'áit; gur roghnaíodh tú go héagórach don iomarcaíocht. Léigh níos mó faoi cáiliú le haghaidh iomarcaíocht anseo.
Is féidir leis an bhfostóir tú a dhífostú dá sáródh buanú d'fhostaíochta riachtanas dlí eile. Cuir i gcás go bhfuil ceadúnas tiomána reatha uait don bhfostaíocht, ach gur chaill tú do cheadúnas mar cúisíodh tú le bheith ag tiomáint agus tú ólta. Ní féidir leat leanúint san obair gan an dlí a shárú agus féadann údar maith a bheith leis an dífhostú. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar an bhfostóir féachaint ar roghanna eile, ag brath ar na fíricí ar fad a bhaineann leis an gcás.
Díríonn an aicme seo ar aon chineál cás nach bhfuil clúdaithe thuas. Caithfidh an fostóir a chruthú go raibh cúiseanna substaintiúla eile agus go dtugann siad údar maith le dífhostú.
Meastar go bhfuil cúiseanna áirithe do dhífhostú éagórach sa ghnáthchúrsa. Ina measc:
Nóta: faoin reachtaíocht comhionannais fostaíochta ní féidir le fostóir aon duine a roghnú ar son dífhostaithe ar aon cheann den naoi gcúis leatroma seo a leanas: gnéas, stádas teaghlaigh, aois, míchumas, creideamh, cine, claonadh gnéis nó duine den Lucht Siúil. Mar sin, cuir i gcás go raibh tú fostaithe ar feadh níos lú ná bliain, d'fhéadfadh nach mbeifeá a bheith in ann éileamh a dhéanamh faoin reachtaíocht dífhostaithe éagóracha , ach d'fhéadfá é a dhéanamh faoi reachtaíocht comhionannais
Nuair atá dífhostú á mheas, ba cheart nósanna imeachta araíonachta a bheith i bhfeidhm ag an bhfostóir agus ba cheart dó/di cloí leo. Leagann nósanna imeachta araíonachta amach na céimeanna agus an próiseas a chloífidh an fostóir leo maidir le lochtanna líomhnaithe fostóra. Go ginearálta, ceadaíonn an nós imeachta rabhaidh neamhfhoirmeálta as a dtagann rabhaidh scríofa agus dhífhostú faoi dheireadh, D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais Cód Cleachtais ar nósanna imeachta casaoide agus araíonachta
Caithfidh d'fhostóir cloí le nósanna imeachta cóir agus beidh air/uirthi rabhaidh chuí a thabhairt duit, tú a chur ar an eolas maidir le líomhaintí a dhéantar i do choinne agus deis a thabhairt duit do chás a thabhairt. I nósanna imeachta araíonachta ar bith tá an ceart agat chun ionadaíochta ó, mar shampla, oifigeach do cheardchumainn. Ní mór an ceart sin a thabhairt duit.
Nuair atá do chás á mheas, caithfidh an lucht éisteachta aird a thabhairt ar an gné réasúnta nó eile a bhain le hiompar an fhostóra. Ina theannta sin, féachfar ar an gceist an raibh nó nach raibh nós imeachta dífhostaithe i bhfeidhm agus cuirfear é sin san áireamh chomh maith.
Más mian leat éileamh a dhéanamh ar son dífhostaithe éagóraigh, ba chóir duit é a dhéanamh laistigh de 6 mhí tar éis dáta an dífhostaithe. Féadfar an teorainn ama seo a leathnú go dtí 12 mhí i gcásanna nach rabhthas in ann an t-éileamh a chur isteach laistigh de 6 mhí mar gheall ar chúinsí eisceachtúla.
Má cháilíonn tú faoin reachtaíocht dífhostaithe éagóracha, is féidir leat an t-éileamh a thabhairt faoi bhráid an Coimisinéir um Chearta. Má dhéanann tusa nó d'fhostóir gearán leis an éileamh atá á éisteacht ag coimisinéir um chearta is féidir an t-éileamh a dhéanamh go díreach chuig an mBinse Achomharc Fostaíochta (BAF).
Déanann tú éileamh chuig an gCoimisinéir um Chearta nó chuig an mBinse Achomharc Fostaíochta tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid
Má éisteann Coimisinéir um Chearta d'éileamh, eiseoidh an Coimisinéir um Chearta moladh agus féadann tusa nó d'fhostóir achomharc a dhéanamh in aghaidh an mholta sin leis an mBinse Achomharc Fostaíochta. Nuair a éisteann an Binse Achomharc Fostaíochta éileamh nó achomharc, eiseoidh an Binse cinneadh. Tá ceart achomhairc ag aon pháirtí chuig an Chúirt Chuarda tar éis cinnidh an Bhinse.
Tá tuilleadh eolais sa leabhrán mínithe d'fhostóirí agus d'fhostaí ar na hAchtanna um Dhífostaithe Éagóracha (pdf) ar fáil ar workplacerelations.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais nó foirmeacha gearáin chun cúiteamh a lorg faoi na hAchtanna téigh i dteagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.