Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta

Réamhrá

Faoi Phacáiste Spreagtha Poist Iúil tá an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) tagtha in áit na Scéime Fóirdheontais Pá Sealadaigh (TWSS) ón 1 Meán Fómhair 2020. Mairfidh sí go dtí 31 Nollaig 2021.

Leanfar leis an SFPF a chur ar siúl go dtí an 30 Aibreán 2022.

Faoin scéim EWSS, gheobhaidh fostóirí agus gnólachtaí nua in earnálacha a ndeachaigh COVID-19 i bhfeidhm orthu agus a bhfuil a láimhdeachas laghdaithe 30% fóirdheontas ar ráta comhréidh in aghaidh na seachtaine bunaithe ar líon na bhfostaithe cáilitheacha ar an bpárolla, lena n-áirítear foireann shéasúrach agus fostaithe nua.

Má tá níos mó ná post amháin ag fostaí, is féidir le gach fostóir éileamh a dhéanamh faoin EWSS, agus neamhaird a dhéanamh ar aon fhostaíocht eile a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfostaí.

Athruithe ar an SFPF i Nollaig2021

Leanfaidh an SFPF de bheith i bhfeidhm i bhfoirm chéimnithe go dtí Aibreán 2022. Leanfaidh na rátaí breise tacaíochtaí faoi bhandaí reatha íocaíochta 5 agus rátaí gaolmhara bunaithe ar thuilleamh an fhostaí de bheith i bhfeidhm i Nollaig 2021 agus Eanáir 2022 - féach ‘Rátaí’ thíos.

Is iad na hathruithe a dhéanfar ó Fheabhra 2022:

  • Leanfar ag tacú le gnólachtaí a ghlacann páirt san SFPF an 31 Nollaig 2021 go dtí an 30 Aibreán 2022.
  • Cuirfear struchtúr dhá ráta €151.50 agus €203 i bhfeidhm i mí Feabhra.
  • Cuirfear fóirdheontas bunráta €100 i bhfeidhm i Márta agus Aibreán. Ní bheidh an ráta laghdaithe d’ÁSPC Fostóra i gceist a thuilleadh ar feadh an dá mhíosa seo.

Má íocadh an SFPF leat roimhe seo

Má íocadh an SFPF le do ghnólacht roimhe seo, ach murar shásaigh sé na critéir cháilitheachta a thuilleadh, athosclófar an scéim duit má shásaíonn tú critéir áirithe.

Gheobhaidh fostóirí a cháilíonn don scéim a athiontráil tacaíocht ar bhonn ionchasach ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 30 Aibreán 2022.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach Náisiúnta na gCoimisinéirí Ioncaim chun teacht ar eolas breise – féach ‘Eolas breise’ thíos.

Rialacha maidir le EWSS

Conas a cháilím?

Chun cáiliú don scéim caithfidh tú:

  • Imréiteach cánach bailí a bheith agat
  • An tástáil laghdaithe ar láimhdeachas nó ar orduithe custaiméirí a chomhlíonadh

Imréiteach Cánach

D’fhonn na híocaíochtaí EWSS a fháil, ní mór duit:

  • Imréiteach cánach bailí a bheith agat
  • imréiteach cánach a choinneáil ar feadh ré na scéime

Féadfaidh tú do stádas reatha imréitigh cánach a sheiceáil ar líne trí ROS. Tá tuilleadh faisnéise maidir le himréiteach cánach ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim. Áiríodh i bPacáiste Spreagthaí Iúil Iúil bearta maidir le ‘trádstóráil’ nó iarchur CBL neamhíoctha agus fiachas ÍMAT Fostóirí bainteach le COVID-19. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi na tionscnaimh a chuimsíonn fiacha cánach bainteach le COVID-19 i Leabhrán Faisnéise na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

An tástáil laghdaithe ar láimhdeachas nó ar orduithe custaiméirí

Ní mór duit féin a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim go raibh cur isteach suntasach diúltach eacnamaíoch ort mar gheall ar COVID-19, agus laghdú 30% ar a laghad ar láimhdeachas nó ar orduithe custaiméirí (idir Iúil agus Nollaig 2020 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019). Ba cheart go bhféachfadh an t-athbhreithniú ar láimhdeachas nó orduithe ar an tréimhse ina hiomláine, ní ar mhíonna aonair. Maidir le gnólachtaí nua, tá sé seo bunaithe ar thástáil réamh-mheasta.

Más soláthraí cláraithe cúraim leanaí tú, ní gá duit an laghdú 30% ar láimhdeachas nó tástáil orduithe custaiméirí a chomhlíonadh.

Má tá struchtúr gnó níos casta agat agus theastaíonn cabhair uait chun d’incháilitheacht don scéim a chinneadh, féadfaidh tú tuilleadh treorach a fháil in Aguisín I de Threoirlínte EWSS na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Athcháiliú don SFPF

Is féidir leat cáiliú arís eile don SFPF má bhí do ghnólacht thíos le laghdú 30% ar láimhdeachas nó ar orduithe custaiméirí i rith tréimhse thagartha ar leith:

  • Má bunaíodh do ghnólacht an 30 Aibreán 2019 nó roimhe sin, caithfidh an gnólacht súil a bheith leis go dtiocfaidh laghdú íosta 30% ar an gcomhláimhdeachas do Nollaig 2021 agus Eanáir 2022, i gcomparáid leis an gcomhláimhdeachas do Nollaig 2019 agus Eanáir 2020.
  • Má bunaíodh do ghnólacht idir an 1 Bealtaine 2019 agus an 31 Nollaig 2021, caithfidh an gnólacht súil a bheith leis go dtiocfaidh laghdú íosta 30% ar an meánláimhdeachas míosúil do Nollaig 2021 agus Eanáir 2022, i gcomparáid leis an meánláimhdeachas míosúil ó Lúnasa 2021 agus Samhain 2021.

Má tá struchtúr gnó níos casta agat agus má theastaíonn cúnamh uait le do cháilitheacht don scéim a dheimhniú, is féidir leat treoir bhreise a fháil in Aguisín I de Threoirlínte na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis an SFPF (pdf).

Fostaithe incháilithe

Tá an scéim ar fáil d’fhostóirí a choinníonn baill foirne ar a bpárolla le linn na paindéime. D’fhéadfadh na fostaithe a bheith:

  • Gan a bheith ag obair ar bhonn sealadach nó
  • Ar uaireanta laghdaithe nó ar phá laghdaithe (nó an dá rud

Caithfidh fostóir incháilithe a bheith ag íoc pá comhlán idir €151.50 agus €1,462 comhlán in aghaidh na seachtaine chun cáiliú le haghaidh EWSS (féach Rátaí thíos).

Má tá fostaí nua agat nó oibrí séasúrach, féadfaidh siad an EWSS a thosú ón 1 Iúil 2020. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil maidir le conas iarratais a dhéanamh ar fhostaí nua agus ar oibrithe séasúracha i dTreoirlínte EWSS na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Tá catagóirí áirithe fostaithe eisiata ón EWSS. Is iad seo:

  • Stiúrthóirí dílsithe (seachas iad siúd a choinníonn ‘gnáth’ fhostaithe ar an bpárolla - féach thíos)
  • Páirtithe nasctha nach raibh ar an bpárolla agus iad íoctha am ar bith idir Iúil 2019 agus Meitheamh 2020

Is féidir leat an fóirdheontas a éileamh do stiúrthóirí dílsithe sna cásanna seo a leanas:

•Sásaíonn tú na critéir cháilitheachta don SFPF

•Tá an stiúrthóir dílsithe ar do phárolla

•D’íoc tú pá leis an stiúrthóir dílsithe a tugadh le fios do na Coimisinéirí Ioncaim ar do phárolla idir an 1 Iúil 2019 agus an 30 Meitheamh 2020

Nuair is stiúrthóir dílsithe le 2 chuideachta incháilithe nó níos mó atá i nduine, ní féidir éileamh ar an SFPF

Beidh stiúrthóirí dílsithe a choinníonn 'gnáth'fhostaithe ar an bpárolla á gcur ar ais ar an EWSS ón 1 Meán Fómhair. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh treorach ar fáil go gairid agus déanfar uasdátú ar an doiciméad seo nuair a bheidh tuilleadh faisnéise ar fáil.

Féadfaidh tú treoir bhreise a léamh ar fhostaithe incháilithe agus ar chatagóirí eisiata i dTreoirlínte EWSS na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf)

Cruthúnais ata ag teastáil

Tá iarratais ar EWSS bunaithe ar phrionsabail féinmheasúnaithe. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort cruthúnas incháilitheachta a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim ag céim an chláraithe. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar incháilitheacht am éigin as seo amach, bunaithe ar chritéir riosca - féach ‘Seiceálacha comhlíonta’ thíos.

Ba cheart duit cruthúnas ar d’incháilitheacht don scéim a choinneáil (fianaise ar laghdú ar láimhdeachas agus fianaise eile). Féadfaidh tú mionfhaisnéis ar na cruthúnais tacaíochta in Aguisín I de Threoirlínte EWSS na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf) a léamh.

Athbhreithniú incháilitheachta

Caithfidh tú tabhairt faoi athbhreithniú ar do cháilitheacht don scéim. Caithfear seo a dhéanamh ar an lá deireanach i ngach mí (seachas i mí dheireanach na scéime). Ón 30 Meitheamh 2021 ar aghaidh, caithfidh tú Foirm Athbhreithnithe Cáilitheachta míosúil don SFPF a líonadh agus a sheoladh ar aghaidh trí ROS (seirbhís líne na gCoimisinéirí Ioncaim). Tugtar go dtí an 15ú lá den mhí dar gcionn duit chun na sonraí athbhreithnithe a líonadh agus a sheoladh ar aghaidh trí ROS.

Chun teacht ar dhátaí pá idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig 2021, caithfidh tú an fheidhmíocht iarbhír ghnó thuartha a chur i gcomparáid i gcaitheamh na tréimhse ó Eanáir 2021 go Nollaig 2021.

Ar an lá deireanach de gach mí, ní mór duit athbhreithniú a chur i gcrích chun a chinntiú go leanfaidh tú de chritéir incháilitheachta na scéime a chomhlíonadh (ag féachaint ar an tréimhse ina hiomláine seachas ar bhonn míosúil). Mura gcáilíonn tú a thuilleadh, ní mór duit:

  • Díchlárú le haghaidh EWSS trí ROS le héifeacht ón 1ú lá den mhí seo chugainn
  • Stop a chur ar éileamh an fhóirdheontais

Níl feidhm ag an gceanglas maidir le hathbhreithniú incháilitheachta a dhéanamh maidir le Iúil 2020 agus mí dheireanach na scéime.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar athbhreithnithe incháilitheachta i Treoirlínte na gCoimisinéirí Ioncaim ar cháilitheacht don SFPF ón 1 Iúil 2021 (pdf).

Seiceálacha comhlíonta

Beidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le fostóirí a éigin as seo amach chun taifid a bhaineann le hoibriú na scéime a sheiceáil lena n-áirítear:

  • Fianaise go gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, go sonrach an tástáil maidir le laghdú ar láimhdeachas nó orduithe custaiméirí
  • Sonraí maidir le hathbhreithnithe incháilitheachta míosúla

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh faisnéise faoi sheiceálacha comhlíonta ar fáil.

Rátaí

Braithfidh méid an fhóirdheontais a íoctar le fostóirí ar ollioncam gach fostaí.

Tabharfaidh EWSS fóirdheontas ar ráta comhréidh d’fhostóirí cáilitheacha, bunaithe ar líon na bhfostaithe cáilitheacha ar an bpárolla.

Rátaí fóirdheontais ón 20 Meán Fómhair 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021

Tá na rátaí seo a leanas i bhfeidhm:

Ollphá sa tseachtain Ráta ón 20 D.F. 2020 go dtí an 31 Eanáir 2022 Ráta ón 01 go dtí an 28 Feabhra 2022 Ráta ón 01 Márta 2022 go dtí an 30 Aibreán 2022
Níos lú ná €151.50 Níl aon fhóirdheontas i gceist Níl aon fhóirdheontas i gceist Níl aon fhóirdheontas i gceist
€151.50 - €202.99 €203 €151.50 €100
€203 - €299.99 €250 €203 €100
€300 - €399.99 €300 €203 €100
€400 - €1,462 €350 €203 €100
Níos mó ná €1,462 Níl aon fhóirdheontas i gceist Níl aon fhóirdheontas i gceist Níl aon fhóirdheontas i gceist

Cáin ioncaim agus asbhaintí ÁSPC

Faoi EWSS beidh ar fhostóirí an gnáthriachtanas ÍMAT a oibriú ar gach íocaíocht a atosú. Ciallaíonn sé seo gur cheart duit asbhaint rialta cánach ioncaim, MSU agus ÁSPC fostaí a atosú ó phá d’fhostaithe.

Má tá fostaíocht incháilithe don fhóirdheontas, beidh ráta 0.5% d'ÁSPC an fhostóra i bhfeidhm.

Siardhátú an fhóirdheontais

Is féidir an fóirdheontas a shiardhátú go 1 Iúil i gcásanna áirithe. Áirítear leis seo:

  • Fostaí nua nó oibrithe séasúracha
  • Fostaithe nach raibh i dteideal TWSS (seachas fostaithe nach raibh incháilithe le haghaidh aon fhóirdheontais nuair a bhí a n-ioncam barrchaolaithe de réir rialacha TWSS)
  • Fostóirí nua don EWSS nach raibh ag éileamh TWSS nó nach raibh i dteideal TWSS

Déanfar an íocaíocht tar éis 14 Meán Fómhair. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar íocaíochtaí siardhátaithe i dtreoirlínte EWSS na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Conas iarratas a dhéanamh

Ón 18 Lúnasa, beidh tú féin, do ghníomhaire nó do sholáthraí párolla in ann clárú don EWSS trí Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ní phróiseálfar iarratais ach:

  • Má tá tú cláraithe le haghaidh ÍMAT/PRSI an Fhostóra (PREM)
  • Má tá cuntas bainc agat atá nasctha leis an gclárú PREM
  • Má tá imréiteach cánach agat

Is tríd an gcóras Ríomhchlárúcháin a dhéanfar an clárú. Beidh ort féin-dhearbhú a dhéanamh mar chuid den phróiseas seo.

Is féidir leat miontreoracha a fháil maidir leis an bpróiseas ba cheart duit a leanúint chun EWSS na gCoimisinéirí Ioncaim a oibriú ar do phárolla i dTreoirlínte EWSS na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Tuilleadh eolais

Is féidir leat tuilleadh cabhrach a fháil ó Dheasc Chabhrach Náisiúnta um Fhostóirí na gCoimisinéirí Ioncaim tríd an gcóras MyEnquiries nó trí ghlaoch a chur ar an Líne Chabhrach Náisiúnta d'fhostóirí Teil: 01 738 3638 (Luan go hAoine, ó 9.00rn go 5.00in).

Má tá ceist agat faoi do chás le linn na tréimhse éigeandála COVID-19, féadfaidh tú glaoch ar ais a lorg ón tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaig

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Feabhra 2022