Gnó a chur ar bun

Réamhrá

Má tá tú ag smaoineamh faoi ghnólacht a thosú, tá tacaíochtaí ar fáil chun cabhrú leat gnólacht a phleanáil, a chur ar bun agus a chistiú agus le hairgeadas.

Ba cheart duit breithniú a dhéanamh ar na rialacháin atá i gceist (mar shampla, maidir le cáin a íoc agus fostaithe a fhostú), agus an réimse tacaíochtaí airgeadais atá ar fáil duit.

Má tá tú fostaithe, dífhostaithe, nó ag teacht go hÉirinn ó áit lasmuigh d’Éirinn faoi láthair le gnólacht a chur ar bun, cuimsítear ar an leathanach seo roinnt de na hábhair thábhachtacha seo.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi bheith féinfhostaithe, agus is fiú cuairt a thabhairt ar ár leathanach faoi fhoinsí eolais ar ghnólacht a thosú.

Is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar d’Oifig Fiontair Áitiúil chun teacht ar chomhairle ar conas do ghnólacht a thosú, a fhás agus a fhorbairt. Tá 31 Oifig Fiontair Áitiúil suite in Éirinn a oibríonn le micrithionscadail agus trádálaithe aonair. Cuireann Fiontraíocht Éireann tacaíochtaí agus comhairle ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta níos mó agus d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna). Is féidir leat teacht ar eolas breise thíos maidir le ‘An áit a bhfuil comhairle ar fáil faoi ghnólacht a thosú’.

Más náisiúnach coigríche thú

Más ón Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (an LEE) nó an Eilvéis thú, níl cead ag teastáil uait le gnólacht a chur ar bun in Éirinn.

Más náisiúnach neamh-AE/an LEE thú agus mura náisiúnach na hEilvéise thú agus más mian leat gnólacht a oscailt nó infheistiú in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chead faoin gClár Infheisteoirí Inimirce agus an Clár Fiontraithe Nuathionscanta.

Is féidir níos mó a léamh faoi theacht go hÉirinn le gnólacht a chur ar bun nó le hinfheistiú in Éirinn.

Cinneadh a dhéanamh ar struchtúrdlíthiúil do ghnólachta

Braitheann saghas an struchtúir dhlíthiúil a roghnaíonn tú ar an gcineál gnólachta atá á reáchtáil agat, cé leis a ndéanfaidh tú gnó, agus do mheon i leith riosca.

Ba cheart duit comhairle a fháil ó aturnae nó cuntasóir nuair a dhéanann tú breithniú ar an struchtúr do do ghnólacht. Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála d’aturnaetha in Éirinn ar láithreán gréasáin an Dlí-Chumainn.

Is féidir leat do ghnólacht a bhunú mar:

  • Trádálaí aonair
  • Comhpháirtíocht
  • Cuideachta theoranta

Trádálaí aonair

Má roghnaíonn tú bheith i do thrádálaí aonair, tá tú ‘féinfhostaithe’ agus ní gá duit comhpháirtí gnó a bheith agat. Tá tú freagrach go pearsanta as an ngnólacht.

Is é an príomhdhualgas dlíthiúil atá ort clárú mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim (féach an mhír ‘Cáin agus ÁSPC’ thíos). Más mian leat ainm gnó a úsáid, caithfidh tú ainm do ghnólachta a chlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (an OCC).

Cé go bhfuil sé simplí go leor tú féin a bhunú mar thrádálaí aonair, d’fhéadfaí do shócmhainní pearsanta a úsáid le do chreidiúnaithe a íoc má theipeann ar do ghnólacht.

Comhpháirtíocht

Is éard is comhpháirtíocht ann ná nuair a bhunaíonn tú do ghnólacht le duine amháin nó níos mó (tugtar ‘comhpháirtithe’ orthu seo). Tá an fhreagracht chéanna ar gach comhpháirtí as an ngnólacht a reáchtáil, agus caithfidh gach comhpháirtí cáin ioncaim, ÁSPC agus MSU a íoc ar a sciar de na brabúis.

Má theipeann ar an ngnólacht, tá an fhreagracht chéanna ar na comhpháirtithe go léir as an bhfiachas.

Ba cheart d’aturnae do chomhaontú comhpháirtíochta a dhréachtú.

Cuideachta theoranta

Má bhunaíonn tú do ghnólacht mar chuideachta theoranta, caitear leat féin agus le do ghnólacht mar aonáin ar leith. Ciallaíonn seo, go ginearálta, nach mbíonn éileamh ag na creidiúnaithe ach ar shócmhainní na cuideachta (seachas ar do shócmhainní pearsanta) má chruthaíonn an chuideachta fiachas.

Le cuideachta theoranta a bhunú, caithfidh tú clárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (an OCC). Caithfidh do chuideachta tuarascálacha agus cuntais a sheoladh ar ais ansin chuig an OCC gach bliain. Is féidir leat ainm do ghnólachta a chlárú agus tuairisceáin do chuideachta a chomhdú ar líne trí úsáid a bhaint as (Timpeallacht Chláraithe Cuideachtaí ar Líne) (CORE) an OCC.

Saghsanna éagsúla cuideachtaí

Faoi Acht na gCuideachtaí, 2014, is féidir cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna clárú mar:

  • Cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (TEO/LTD)
  • Cuideachta Ghníomhaíochta Sainithe (CGC/DAC)

Is féidir níos mó a léamh faoi na riachtanais do shaghsanna éagsúla cuideachtaí ar láithreán gréasáin an OCC.

Conas cistiú a fháil

Má tá gnólacht á thosú agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chistiú agus deontais ó réimse foinsí. Mar shampla:

Microfinance Ireland

Tugann Microfinance Ireland iasachtaí do ghnólachtaí beaga ina bhfuil uasmhéid 10 bhfostaí, trádálaithe aonair agus gnólachtaí nuathionscanta san áireamh.

Tá na hiasachtaí idir €2,000 agus €25,000 do thograí gnó atá inmharthana ó thaobh tráchtála de. Is féidir leat do spéis a chlárú le hiasacht bheag gnó a fháil trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ar líne ar microfinancereland.ie.

Oifigí Fiontair Áitiúil (OFÁanna)

Is féidir le d’Oifig Fiontair Áitiúil réimse tacaíochtaí airgeadais a chur ar fáil, ag brath ar do riachtanais ghnó. Mar shampla:

Do riachtanas gnó: Tacaíocht airgeadais ó Fhiontraíocht Éireann:
Taighde a dhéanamh ar an éileamh ar an margadh do do tháirge nó do sheirbhís, agus scrúdú a dhéanamh ar a inbhuanaitheacht Deontais Staidéir Indéantachta
Do ghnólacht beag a thosú Deontais Phrímeála
Do ghnólacht nuathionscanta a fhairsingiú i ndiaidh 18 mí Deontas Fairsingithe Gnó
Deiseanna nua margaidh a fhiosrú agus a fhorbairt Cúnamh Teicniúil do dheontas Micrea-Easpórtálaithe
Do ghnólacht a bhunú ar líne Scéim na nDearbhán Trádála ar Líne

Fiontraíocht Éireann

Cabhraíonn Fiontraíocht Éireann le gnólachtaí Éireannacha tosú agus fairsingiú. Cuireann sé réimse tacaíochtaí airgeadais ar fáil, ag brath ar do riachtanais ghnó. Mar shampla:

 
Do riachtanas gnó: Tacaíocht airgeadais ó Fhiontraíocht Éireann:
Do ghnólacht a bhunú ar líne Scéim Digitithe
Borradh do ghnólachta nuathionscanta a luathú An Ciste um Thosú Iomaíoch

An Ciste um Fhairsingiú Post

Do ghnólacht a dhéanamh éiceabhách Dearbhán um ghníomhú ar son na haeráide

Deontas um Thús Glas

Deontas GreenPlus

An SEAI

Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin leis an SEAI ar dheontais ghnó, go sonrach lorg carbóin do ghnólachta a laghdú. Mar shampla:

 
Do riachtanas gnó: Tacaíocht airgeadais ó Fhiontraíocht Éireann:
Gluaisteá(i)n do chuideachta a athrú go feithiclí leictreacha Deontais feithiclí leictreacha
Feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh d’áitribh Scéim Tacaíochta do Theas In-athnuaite

Clár Deimhnithe EXEED

Is féidir níos mó a léamh faoi thacaíochtaí do ghnólachtaí atá ag tosú le roghanna glasa a dhéanamh.

Cistiú an rialtais d’fhostóirí

Cuireann an Rialtas roinnt scéimeanna airgeadais ar fáil chun cabhrú le fostóirí. Ag brath ar do chúinsí agus ar saghas na bhfostaithe a fhostaíonn tú, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don mhéid seo a leanas a fháil:

  • Scéim Iasachta Borrtha Amach Anseo
  • JobsPlus
  • An Clár Seirbhísí Pobail
  • An Scéim Fóirdheontais Pá do Dhaoine faoi Mhíchumas
  • An Scéim Deontais um Fhostaithe a Choinneáil
  • Deontas um Oiriúnú Trealaimh san Ionad Oibre

Is féidir eolas breise a fháil faoi chistiú ó d’Oifig Fiontair Áitiúil nó d’Ionad Intreo áitiúil.

B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe freisin d’fhaoiseamh cánach – féach ‘Cáin, ÁSPC agus foireann a fhostú’ thíos.

Má tá tú dífhostaithe faoi láthair

Má tá tú dífhostaithe faoi láthair agus más mian leat gnólacht a thosú, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair (LFFAO) nó don Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarma (LFGT).

Ina theannta sin, b’fhéidir go bhfaighidh tú tacaíochtaí breise faoi na scéimeanna seo, cosúil le deontais do phleananna oiliúna, taighde ar an margadh agus gnó, chomh maith le teacht ar iasachtaí le trealamh a cheannach. Déan teagmháil le d’Ionad Intreo áitiúil chun teacht ar eolas breise.

Má tá deacrachtaí creidmheasa agat

Má tá gnólacht beag nó meámhéide agat agus má dhiúltaíonn ceann de na bainc rannpháirteacha d’iarratas ar chreidmheas, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa go ndéanfar do chás a athbhreithniú.

Le bheith incháilithe d’athbhreithniú, caithfidh d’iarratas a bheith i scríbhinn. Íoslódáil an fhoirm iarratais ar athbhreithniú creidmheasa (pdf) ó láithreán gréasáin na hOifige um Athbhreithniú Creidmheasa.

Idir €100 agus €250 í an táille ar athbhreithniú, ag brath ar luach na hiasachta.

Comhairle airgeadais saor in aisce a fháil

Má tá deacrachtaí agat le do chreidiúnaithe, is féidir leat comhairle agus cúnamh saor in aisce a fháil ar do ghnóthaí gnó a fháil ó sheirbhís Comhairle Deonaí na gCuntasóirí Cairte (CAVA).

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do Sheirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil nó ó Sheirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA) lena fheiceáil an féidir leo seirbhís CAVA a sholáthar.

B’fhéidir gur mian leat an bróisiúr ar líne a léamh freisin faoi na seirbhísí a sholáthraíonn CAVA (pdf).

Cáin, ÁSPC agus foireann afhostú

Cáin a íoc agus faoiseamh cánach a fháil

Braitheann conas a ghearrtar cáin ar do ghnólacht ar cibé acu an ‘cuideachta theoranta’ í (féach ‘Cinneadh a dhéanamh ar struchtúr dlíthiúil do ghnólachta’ thuas).

Más cuideachta do ghnólacht, tá sé faoi dhliteanas cáin chorparáide a íoc. Mura cuideachta do ghnólacht, meastar gur ‘trádálaí aonair’ thú agus íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe.

Is féidir níos mó a léamh faoi cháin do dhaoine féinfhostaithe, nó cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim chun eolas a fháil ar chlárú do cháin.

Creidmheas Cáin Ioncaim Tuillte

Is féidir le daoine féinfhostaithe Creidmheas Cáin Ioncaim Tuillte a éileamh in 2022. Tá an creidmheas cánach seo ar fáil freisin d’úinéirí gnólachta nó do bhainisteoirí nach bhfuil incháilithe do chreidmheas ÍMAT a fháil ar ioncam a dtuarastail.

Má cháilíonn cáiníocóir don chreidmheas cánach ÍMAT, ní féidir le luach iomlán an 2 chreidmheas cánach seo €1,700 a shárú.

Aisíocaíocht cánach SURE

Scéim aisíocaíochta cánach atá in Aisíocaíochtaí Gnólachta Nuathionscanta d’Fhiontraithe (SURE) a cheadaíonn do dhaoine incháilithe aisíocaíocht a mhéid le 41% den chaipiteal a infheistíonn siad i ngnólacht a thosú.

Faoi scéim SURE, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal aisíocaíocht cáin ioncaim ÍMAT a fháil a d’íoc tú i rith na 6 bliana roimh an mbliain ina ndéanann tú infheistíocht.

Féach láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim chun teacht ar bhreis sonraí ar scéim SURE. Is féidir leat úsáid a bhaint as an áireamhán ar líne ar sure.gov.ie le d’aisíocaíocht fhéideartha a mheas.

Cuideachtaí nuathionscanta

Is féidir le cuideachtaí nua faoiseamh cánach a fháil ar na chéad 3 bliana de cháin chorparáide. Beidh luach an fhaoisimh ceangailte le méid an ÁSPC fostóra a d’íoc cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta, a mhéid le €5,000 in aghaidh an fhostaí.

Faoiseamh ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil (CGC)

Má dhíolann tú do ghnólacht an 1 Eanáir 2017 nó ina dhiaidh sin, bainfidh ráta níos ísle de Cháin Ghnóthachan Caipitiúil (10%) leis na glanghnóthachain inmhuirir a eascraíonn as do ghnólacht go léir (nó cuid de) a dhíol, a mhéid le teorainn saolré €1 milliún.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi gnóthachain chaipitil do chuideachtaí ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

ÁSPC a íoc

Má tá tú féinfhostaithe, íocann tú ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh Aicme S. Is féidir leat níos mó a léamh faoi ÁSPC do Dhaoine Féinfhostaithe (pdf) ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Foireann a fhostú

Má tá gnólacht á thosú agat agus má dhéanann tú cinneadh foireann a earcú, caithfidh tú clárú do ÍMAT agus ÁSPC leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Is féidir leat teacht ar eolas faoi oibleagáidí fostóirí in Éirinn. Is féidir leat treoir d’fhostóirí a bhfuil gnólacht nua á thosú acu le fostaí íoctha (pdf) de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) a léamh.

Nó, is féidir leat cuairt a thabhairt ar ár leathanaigh faoi:

  • Conarthaí fostaíochta
  • Pá íosta
  • Duillíní pá
  • Árachas Sóisialach (ÁSPC)
  • Saoire agus saoirí
  • Sláinte agus sábháilteacht ag an obair
  • Cosaint sonraí san ionad oibre

An áit a bhfuil comhairle ar fáilfaoi ghnólacht a thosú

Oifig Fiontair Áitiúil

Má theastaíonn cabhair uait le pleanáil a dhéanamh do do ghnólacht, nó má theastaíonn comhairle uait faoi conas tosú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Fiontair Áitiúil.

Tacaíonn Oifigí Fiontair Áitiúil le gnólachtaí atá ag tosú nó atá á bhforbairt. Is féidir leo cabhrú leat gníomhaíocht gheilleagrach a spreagadh ar leibhéal áitiúil agus do mhicrithionscadal (gnólacht ina bhfuil 10 bhfostaí nó níos lú) a chur chun cinn.

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na hOifige Fiontar Áitiúil le heolas a fháil ar:

  • Cláir oiliúna
  • Cúrsaí ‘do ghnólacht féin a thosú’
  • Meantóireacht
  • Tacaíochtaí airgeadais

New Frontiers

Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin le New Frontiers, ar clár forbartha náisiúnta é d’fhiontraithe luathchéime. Is éard a bhaineann leis an gclár ná ceardlanna praiticiúla agus idirghníomhacha, anuas ar mheantóireacht aghaidh ar aghaidh.

Cuireann institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre ar fáil go háitiúil é (Institiúidí Teicneolaíochta agus Ollscoileanna Teicneolaíochta san áireamh), agus cistíonn Fiontraíocht Éireann é.

Eolas breise

Is féidir leat níos mó foinsí eolais ar ghnólacht a thosú agus eolas faoi bheith féinfhostaithe and gnólacht a dhúnadh nó a dhíol a aimsiú.

Is féidir leat an réimse tacaíochtaí a fheiceáil freisin chun gnólacht éiceabhách a dhéanamh de do ghnólacht.

Chun teacht ar eolas faoi struchtúir éagsúla ghnó, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (an OCC).

Nó, má theastaíonn eolas uait faoi fhoireann a fhostú agus cearta fostaíochta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Aibreán 2022