Conas plean gnó a scríobh

Cad is plean gnó ann?

Is doiciméad é plean gnó a leagann amach do spriocanna gnó agus conas a bhfuil súil agat iad a bhaint amach. Má tá gnó á thosú agat, beidh plean gnó ag teastáil uait chun dul chuig institiúid airgeadais ar iasacht, chun iarratas a dhéanamh ar dheontas gnó beag, nó chun tairiscint a dhéanamh d’infheisteoirí.

Cad atá le cur san áireamh i do phlean gnó

Níl aon fhormáid chaighdeánach nuair a bhíonn plean gnó á scríobh. Féadfaidh tú aon fhaisnéis a mheasann tú a bheith tábhachtach do do ghnó a chur san áireamh. Moltar go gcuimseodh do phlean gnó ar a laghad:

Achoimre feidhmiúcháin

Seo an áit a ndéanann tú cur síos ar do ghnó agus cén fáth a gceapann tú go n-éireoidh leis. Caithfidh sé a thaispeáint go bhfuil margadh ann do do tháirge nó do sheirbhís. Ba chóir duit a mhíniú conas a bheartaíonn tú an gnó a mhargú do chustaiméirí.

Do ghnó agus do tháirgí

Ba cheart go n-áireofaí sa chuid seo do phríomhtháirgí agus do sheirbhísí, stádas dlíthiúil an ghnó agus do spriocanna gnó fadtéarmacha.

Taighde margaidh

Cuir san áireamh aon anailís mhargaidh atá curtha i gcrích agat agus do straitéis díolacháin. Ba cheart duit praghas do tháirge nó do sheirbhísí a chur san áireamh freisin.

Struchtúr bainistíochta agus eagraíochta

Ba chóir go n-áireofaí sa chuid seo achoimre ar struchtúr bainistíochta an ghnó. Cuir san áireamh aon cheanglais ó thaobh foirne, trealaimh agus innealra.

Plean airgeadais

Ba cheart go n-áireofaí sa chuid seo réamh-mheastacháin ar ioncam agus ar chostais ionchais, agus ar do riachtanais mhaoinithe.

Treoracha agus teimpléid

Níl aon teimpléad seasta ann chun do phlean gnó a leagan amach. Féadfaidh a dteimpléad féin a bheith ag gach banc nó institiúid tacaíochta.

Is féidir leat imlíne phlean gnó do ghnólachtaí nuathionscanta agus do mhicrifhiontair a úsáid ar shuíomh Gréasáin na hOifige Fiontair Áitiúil.

Is féidir leat dul chuig Fiontraíocht Éireann freisin le haghaidh:

leabhar oibre ag Teagasc chun cabhrú le feirmeoirí ionchasacha a gcuid smaointe a eagrú, sula ndéanann siad plean gnó iomlán a fhorbairt.

Faigh tuilleadh treoracha agus tacaíochtaí chun plean gnó a fhorbairt ó na heagraíochtaí seo a leanas:

B’fhéidir gur mhaith leat freisin comhairle a fháil ón gcomhlacht ionadaíoch do d’earnáil ar leith.

Tuilleadh faisnéise faoi ghnó a thosú

Aistriúchán ar feitheamh: níor aistríodh an doiciméad seo go Gaeilge. Má tá an t-ábhar seo uait i nGaeilge, déan teagmháil linn ag ciofeedback@ciboard.ie.

Fiontraíocht Éireann

Enterprise Ireland,
East Point Business Park
The Plaza
Dublin 3
D03 E5R6

Teil: 01 727 2000
Láithreán Gréasáin: http://www.enterprise-ireland.com/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Lúnasa 2023