Tá sé mar aidhm ag an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 sláinte oibrithe óga a chosaint agus a chinntiú nach gcuirfear oideachas daoine óga i bhfiontar agus iad ag freastal ar scoil. Leagann an tAcht síos téarma íosaoise maidir le fostaíocht, tréimhsí sosa agus uaireanta uasoibre agus cuireann sé cosc fostaíochta ar aon duine faoi bhun 18 mbliana d'aois maidir le hobair oíche dhéanach a dhéanamh. Eilíonn an tAcht go gcoiméadfadh fostóirí taifid achtaithe d'oibritheoirí faoi bhun 18 mbliana d'aois.
Tá feidhm ag an Acht seo maidir le fostaithe faoi bhun 18 mbliana d'aois. Tá leanaí mínithe san Acht mar daoine faoi bhun 16 bliana d'aois agus daoine óga mar daoine idir 16 agus 17 bliana d'aois. Ní feidhm ag an Acht seo maidir leanaí nó daoine óga a bheidh fostaithe ag garghaol. Tá tuilleadh eolais inar doiciméad faoi na uaireanta oibre agus sosanna scíthe do leanaí agus dhaoine óga.
De réir an Achta, ní féidir le fostóirí postanna lánaimseartha rialta a thabhairt do dhaoine óga faoi bhun 16 bliana d'aois. Tá sé ceadaithe ag fostóirí daoine óga idir 14 agus 15 bliana d'aois a fhostú:
Féadfar leanaí ós cionn 15 bliana d'aois 8 n-uaire sa tseachtain i rith an téarma scoile. Is í 35 uaire í an uassheachtain i rith laethanta saoire, ciallaíonn nó más taithí oibre é is í 40 uaire í an uassheachtain.
Is í 40 uaire í an uassheachtain, agus 8 n-uaire an uaslá do dhaoine óga idir 16 agus 17 bliana d'aois. Má oibríonn duine óg do níos mó ná fostóir amháin, ní féidir leis na huaireanta oibre seachtainiúil nó laethúil comhcheangailte an uasuimhir uaireanta ceadaithe a shárú. Níl cead ag daoine óga a bheith ag obair ach idir 6 r.n. agus 10 i.n. Ní foláir eisceachtaí ar bith a bheith socruithe de réir rialacháin – féach ‘Áitreabh ceadúnaithe’ thíos.
Tá sé ceadaithe ag daoine óga fostaithe le haghaidh dualgas ghinearálta in áitreabh ceadúnaithe de réir an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 (Fostaíocht in áitreabh Ceadúnaithe) Rialacháin 2001 - (IR 350 de 2001) obair a dhéanamh suas go dtí 11 i.n. ar lá nach dtagann díreach roimh lá scoile i rith téarma scoile nuair atá an duine óg ag freastal ar scoil.
Ní mór do fhostóirí a fhostaíonn daoine óga le haghaidh dualgas ghinearálta in áitreabh ceadúnaithe feidhmiú de réir Cód Cleachtais maidir le Fostaíocht Daoine Óga in Áitreabh Ceadúnaithe (pdf).
Caithfidh na fostóirí cóip de theastas breithe an dhuine óig a fheiceáil nó fianaise eile maidir lena (h)aois roimh dóibh an duine siúd a fhostú. Má bhíonn an duine óg faoi bhun 16 bliana d'aois, caithfidh an fostóir cead i scríbhinn a fháil ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir an dhuine óig.
Tá teideal de réir dlí ag gach fostaí in Éirinn chun duillín pá a fháil. Is éard atá i nduillín pá go bunúsach ná ráiteas i scríbhinn ón bhfostóir don fhostaí ina bhfuil sracléiriú ar an bpá iomlán roimh cháin agus sonraí uile aon asbhaintí as an bpá. Ba chóir duit eolas a fháil faoi na míreanna is ceart a bheith ar do dhuillín pá agus conas a dhéantar do cháin a ríomh anseo.
Ó 1 Iúil 2011 is é €8.65 (€7.65 roimhe sin) in aghaidh na huaire an pá íosta náisiúnta. Ní chiallaíonn an méid sin go bhfuil gach duine go huathoibríoch i dteideal é a fháil. Ní thugtar ráthaíocht do dhaoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d’aois ach suas le 70% den phá íosta náisiúnta a fháil, sin €6.06 in aghaidh na huaire. Tá saoirse ag d’fhostóir ar ndóigh níos mó ná an pá íosta a íoc leat más mian leis é ach ba chóir duit a fhios a bheith agat nach gá dó sin a dhéanamh de réir dlí.
Má tá tú ag obair i bpost ina bhfaigheann an fhoireann aiscí ó chustaiméirí (i. bialanna, beáir, etc.) níl aon ní sa dlí a deir go bhfuil tú i dteideal, go huathoibríoch, na haiscí sin a fháil. Ní cheanglaíonn an dlí ort, áfach, na haiscí sin a thabhairt do d’fhostóir ach oiread. Ina ionad sin, braitheann cúrsaí go hiomlán ar an nós agus ar an gcleachtas atá i bhfeidhm in d’áit oibre.
Má bhailíonn an bhainistíocht na haiscí go léir agus má íoctar leis an bhfoireann iad tríd an bpárolla, ansin tagann na haiscí sin faoi réir cánach ar an ngnáthbhealach.
Caithfidh na fostóirí taifid a choimeád i leith gach fostaí faoi bhun 18 mbliana d'aois a mbeidh an t-eolas seo iontu:
Caithfidh an fostóir na taifid seo a choimeád ar feadh trí bliana ar a laghad.
Caithfidh na fostóirí cóip de choimriú oifigiúil den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 a thabhairt do na fostaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois maraon le sonraí eile a mbaineann lena dtéarmaí fostaíochta laistigh de mhí amháin tar éis dóibh post a ghlacadh. Caithfidh fostóirí a bhfuil fostaithe faoi bhun 18 mbliana d'aois acu coimriú oifigiúil den Acht a chur suas in áit faoi leith san áitreabh ar féidir le daoine é a léamh go héasca.
Féadfar fíneál suas le €1,904.61 a ghearradh ar aon fhostóir ciontaithe ar achoimre faoin Acht. Féadfar fíneál suas le €317.43 in aghaidh an lae a ghearradh i leith sáraithe leanúnacha.
Bunaíodh an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (BNLO) le deimhin a dhéanamh de go bhfreastalóidh gach gasúr ar scoil go rialta nó go bhfaighidh sé nó sí íosleibhéal sásúil oideachais ar bhealach éigin eile. Tá dualgas ag an mBord ar clárliosta de ógánaigh 16 agus 17 bliain d'aois a stopann ón scoil go luath le dul ag saothrú a choinneáil agus ní foláir don mBord cúrsaí scolaíochta is oiliúna dóibh i gcomhar lena bhfostóirí a shocrú.
Is féidir gearáin i dtaobh shárú an Achta um Chosaint Daoine Óga 1996 a chur faoi bhráid cigire na hÚdaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (UNCF). I gcásanna imthosca áirithe nuair aimsíodh sárú an Achta um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 agus ní cheartaíonn an fostóir an rud, d'fhéadfadh an cás ionchúisithe ag seirbhísí ionchúiseamh an UNCF.
Is féidir gearáin faoi phionós curtha ar fhostaí maidir le diúltú comhoibrithe le fostóir i sárú an Achta um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 a chur faoi bhráid Coimisinéara um Chearta taobh istigh de shé mhí ón bpionós sin. Is féidir gearáin a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua (pdf) agus na nótaí treorach (pdf) a úsáid.Is féidir síneadh 6 mhí bhreise a chur leis an tréimhse seo má tá an Coimisinéir sásta gur chuir cúinsí eisceachtúla moill ar chur isteach an ghearáin taobh istigh den tréimhse thuasluaite.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 déan teagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Tá treoir don Acht um Chosaint Daoine Óga 1996 (pdf) ann.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.