Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Tosú ag obair agus athrú jabanna > Oiliúint agus lorg oibre > Post a aimsiú agus a fháil

Print Page Send to a Friend

Post a aimsiú agus a fháil

Réamhrá

Nuair atá tú ag cuardach poist in Éirinn, tá raon foinsí eolais agus tacaíochtaí ann chun cabhrú leat. D'fhéadfá a bheith ag cuardach poist don chéad uair tar éis an scoil nó coláiste a fhágáil nó d'fhéadfá a bheith ag smaoineamh faoi phost a athrú nó filleadh chun na hoibre. Má tá tú dífhostaithe, tá roinnt seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil chun cabhrú leat obair a aimsiú - féach thíos. Bíonn an próiseas aimsithe agus iarratais poist mar an gcéanna, cibé an bhfuil tú ag obair i láthair na huaire, dífhostaithe nó i mbun oideachais. Tá sé tábhachtach taighde a dhéanamh ar na foinsí eolais ar fad atá ar fáil duit maidir le deiseanna oibre, iarratas poist atá dea-ullmhaithe le CV (curriculum vitae) ábhartha a sheoladh agus, mura bhfuil rath ar d'iarratas, leanúint ag cuardach fostaíochta. Rogha eile ná breathnú ar roghanna eile cosúil le filleadh ar oideachasféinfhostaíocht. Má thagann tú ó áit lasmuigh d'Éirinn, is féidir leat breis eolais a fháil inár ndoiciméad, Post a aimsiú in Éirinn.

Foinsí eolais

Chun tús a chur le do chuardach poist, caithfidh tú áiteanna difriúla ina bhfógraítear poist a aithint. Ba chóir duit na foinsí ar fad atá liostaithe thíos a sheiceáil go rialta le cinntiú go bhfuil tú feasach ar fholúntais nua ar bith. Is iad na cinn is tábhachtaí ná:

  • Oifig FÁS áitiúil: Tá líonra d'oifigí fostaíochta áitiúla ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012 - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Soláthraíonn siad eolas agus comhairle do lucht cuardaigh fostaíochta chomh maith le liosta na bhfolúntas.
  • Láithreáin Ghréasáin: Ceadaíonn láithreán gréasáin FÁS Jobs Ireland duit do CV a uaslódáil áit gur féidir le fostóirí é a fheiceáil. Má dhéanann tú cuardach ar líne, aimseoidh tú raon láithreán gréasáin faoi phoist in Éirinn.
  • Nuachtáin: Rannóga aicmithe poist sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla
  • Gníomhaireachtaí earcaíochta: Gheobhaidh tú iad san eolaí teileafóin nó trí chuardach ar líne a dhéanamh. Tá gníomhaireachtaí earcaíochta speisialta ann má tá cineál áirithe poist á lorg agat.
  • Fógraí: Is minic a bhíonn poist fógraithe ar an bhfuinneog i siopaí agus bialanna, i leabharlanna, sna hollmhargaí agus ar chláir fógraí pobail eile
  • Comhlachtaí: Is minic go mbíonn folúntais fógraithe ar láithreán gréasáin an chomhlachta amháin - ba chóir duit na láithreáin ghréasáin atá ábhartha don réimse oibre a bhaineann leat a sheiceáil.
  • Teagmhálacha pearsanta: D'fheadfadh fios a bheith ag cairde nó gaolta faoi dheiseanna oibre

Níl aon eolas ar láithreán gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh faoi fholúntais poist maidir le hearnáil ar bith d'eacnamaíocht na hÉireann. Ní ghlacann siad le CV/resumé agus ní féidir leo iad a sheoladh ar aghaidh chuig fostóirí ar do shon féin.

Iarratas ar phost

Is doiciméad fíorthábhachtach é do CV nó resumé. Is achoimre iad ar do shonraí pearsanta, cáilíochtaí oideachais agus taithí oibre. Ba chóir go mbeadh do phríomhscileanna agus eolas ábhartha eile ann chomh maith, mar aon le hainmneacha beirt a sholáthróidh teistiméireacht duit.

Nuair a thagann tú ar fholúntas, déan teagmháil leis an bhfostóir chun breis sonraí a fháil faoi agus faoin gcomhlacht féin. Ba chóir duit do CV a nuashonrú agus a sheoladh ar aghaidh le litir nó foirm iarratais mar atá sonraithe san fhógra poist. Ba chóir don eolas sa CV agus sa litir nó san fhoirm iarratais díriú ar riachtanais shonracha an phoist. Tá sé tábhachtach ullmhú má fhaigheann tú glaoch chun agallaimh le haghaidh poist. Tá liosta de leideanna agallaimh ar láithreán gréasáin FÁS.

Má tá tú dífhostaithe, is féidir le do sheirbhís fostaíochta áitiúil (LES) nó Club Poist cabhrú leat chun CV agus iarratais poist a scríobh agus le hoiliúint i scileanna agallaimh - féach 'Tacaíochtaí eile' thíos.

Comhionannas fostaíochta: Tá cosaint agat ó reachtaíocht comhionannais fostaíochta nuair atá tú ag déanamh iarratais ar phost, chomh maith leis an tréimhse a mbíonn tú i mbun fostaíochta. Mar sin má tá tú ag déanamh iarratais ar phost, tá sé neamhdhleathach don fhostóir ionchasach leatrom a dhéanamh ort ar cheann ar bith den naoi fhoras cosúil le cine, inscne nó stádas teaghlaigh. Tá tuilleadh eolais faoi na cúrsaí seo inár ndoiciméad faoin Údarás Comhionannais.

Foinsí cabhrach

Daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach: Tá raon scéimeanna tacaíochta fostaíochta a spreagann daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach filleadh chun na hoibre. Tá siad dírithe ar dhaoine atá ag fáil sochair dífhostaíochta nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile ar feadh saintréimhse ama.

Tá scéimeanna áirithe ann, cosúil le Fostaíocht Pobail nó an Clár Seirbhísí Pobail, a sholáthraíonn deiseanna fostaíochta atá pobalbhunaithe. Ceadaíonn scéimeanna eile cosúil leis an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair do dhaoine ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe obair a ghlacadh agus cuid den íocaíocht a choinneáil.

Tacaíochtaí eile

Soláthraíonn clubanna poist oiliúint agus tacaíocht do lucht cuardaigh fostaíochta trí chabhrú leo CV a ullmhú, oiliúint a fháil i scileanna agallaimh agus post a chuardach. Is féidir leat liosta de Chlubanna Poist a fháil ar láithreán gréasáin FÁS.

Bunaíodh seirbhísí fostaíochta áitiúla – Obair (LES) chun cabhrú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach obair a aimsiú. Feidhmíonn siad trí chomhlachtaí comhpháirtíochta go ginearálta agus soláthraíonn siad idirghabhálaithe a chabhraíonn leis an gcuardach poist agus a dhéanann teagmháil le fostóirí áitiúla. Soláthraíonn siad comhairleoireacht threorach chomh maith chun breathnú ar roghanna oiliúna agus scéimeanna fostaíochta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil amach faoi LES ar láithreán gréasáin FÁS.

Tá Éascaitheoirí Poist ó Aonad Tacaíochta Fostaíochta na Roinne Coimirce Sóisialaí lonnaithe in oifigí áitiúla leasa shóisialaigh chun cabhrú le daoine dífhostaithe obair a aimsiú nó na scéimeanna fostaíochta agus roghanna oiliúna atá ar fáil a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi phost a aimsiú agus a fháil, is féidir leat Working for Work (pdf) agus bileog maidir le post a chuardaigh (pdf) a íoslódáil ó láithreán gréasáin Eagraíocht na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil leis an oifig FÁS áitiúil
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Do phost a chailliúint
    Má tá do phost caillte agat ba cheart duit eolas a chur ar na hiocaíochtaí agus seirbhísi a thugann tacaíocht do dhaoine dífhostaithe.
  • Ag obair faoi mhíchumas
    Tá raon tacaíochtaí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas le cabhrú leo fostaíocht a fháil agus a choimeád.
  • Post a fháil in Éirinn
    Cuireann an doiciméad seo eolas ar fáil do náisiúnaigh LEE agus náisiúnaigh neamh-LEE faoi conas fostaíócht a fháil in Éirinn. Cuireann se béim ar an eolas agus ar na riachtanais nár mhór duit cur san áireamh sula dtagann tú go hÉirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.