Cáin, ÁSPC agus pinsin nuair a athraítear post

Poist a athrú

Má tá post á athrú agat (is é sin, má tá do phost reatha á fhágáil agat agus má bheidh ceann nua á thosú agat), tá roinnt rudaí ba cheart a bheith ar eolas agat faoi do cháin, ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) agus do phinsean.

Faisnéis cánach

Do phost a fhágáil

Nuair a fhágann tú do phost, cuirfidh d'fhostóir do dháta fágála agus sonraí faoi do phá deiridh agus d'asbhaintí isteach i gcóras ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Féadtar ansin do shonraí pá agus cánach ioncaim do do sheanphost a fheiceáil tríd an nasc 'Bainistigh do cháin' in moChúrsaí.

Ní bhfaighidh tú P45 ó d'fhostóir nuair a fhágann tú.

Do phost nua a thosú

Nuair a thosaíonn tú do phost nua, cuirfidh d’fhostóir nua na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas ar do dháta tosaithe. Cruthóidh seo taifead nua fostaíochta duit agus ceadóidh sé do d’fhostóir nua teacht ar chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta cánach duit atá cothrom le dáta.

Má tá do chéad phost in Éirinn á thosú agat, caithfidh tú é a chlárú sa mhír ‘Poist agus Pinsin’ ar sheirbhísí ar líne moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat teacht ar fhaisnéis bhreise faoi conas seo a dhéanamh inár gcáipéis ar seirbhísí ar líne do cháiníocóirí ÍMAT.

Cáin éigeandála

Féadtar cáin a ghearradh ort ar a dtugtar cáin éigeandála go sealadach má tá poist á n-athrú agat mura bhfaigheann d'fhostóir nua do FPCI.

Thug tú d’uimhir PSP do d’fhostóir

Faigheann tú scoithphointe cánach don chéad mhí, bunaithe ar an scoithphointe cánach do dhuine singil don bhliain.

Gearrtar cáin ar d’ioncam ag an ráta caighdeánach (20%) go dtí seachtain 4 agus ag an ráta níos airde (40%) ó sheachtain 5 ar aghaidh.

Níor thug tú d’uimhir PSP do d’fhostóir

Gearrtar cáin ort ag an ráta níos airde (40%) gan aon chreidmheasanna cánach go dtí go dtugann tú d’uimhir PSP do d’fhostóir.

Is féidir leat rátaí cánach éigeandála agus MSU reatha na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf) a sheiceáil.

Chun cáin éigeandála a sheachaint ba cheart duit:

  1. Tabhair do UPSP do d’fhostóir
  2. Cláraigh le haghaidh Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) i myAccoun

Árachas sóisialta (ÁSPC)

Íocann an chuid is mó d’fhostóirí agus fostaithe (os cionn 16 bliana d’aois) ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh isteach i gCiste Árachais Shóisialaigh náisiúnta. Tugann ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh teidlíocht duit do réimse sochar a riarann an Roinn Coimirce Sóisialaí. Is tábhachtach, ar an ábhar sin, go gcuireann tú d’fhostóir nua ar an eolas ar do Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhir PSP) mar gheall go gcinnteoidh sé sin go gcuirtear do chomh-ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh i gcuntas agus go gcosnaítear do theidlíocht do shochair amach anseo. Is féidir leat teacht ar fhaisnéis bhreise inár gcáipéis ar árachas sóisialach (ÁSPC).

Poist agus pinsin a athrú

Is féidir leat do phost nua nó do phinsean príobháideach a chlárú ar an mír Poist agus Pinsin i moChúrsaí ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim. Nuair a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo, seolfaidh siad Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) chugat agus chuig d’fhostóir nua nó soláthraí pinsin. Cinnteoidh é seo go n-asbhaintear an méid ceart ó do phost nó pinsean príobháideach.

Pinsin ghairme: Má tá pinsean gairme agat, is féidir do shochair ón scéim pinsin a chaomhnú laistigh den scéim nó is féidir iad a aistriú chuig scéim eile. Ceanglaítear sa reachtaíocht nach mór litir faoi Roghanna Fágála Seirbhíse a sholáthar do bhall nuair a fhágann siad scéim laistigh de 2 mhí i ndiaidh dóibh an scéim a fhágáil. Ba chóir go dtabharfaí mionsonraí sa litir seo a bhaineann le haon roghanna maidir le sochair na mball. Ciallaíonn sochar caomhnaithe go bhfaigheann tú pinsean nuair a bhaineann tú gnáthaois scoir na scéime amach.

An féidir liom aisíocaíocht ranníocaíochtaí pinsin a fháil?

Má tá níos lú ná 2 bhliain de ranníocaíochtaí íoctha agat sa scéim, is féidir leat aisíocaíocht a fháil ar do chuid ranníocaíochtaí féin (seachas aon ranníocaíochtaí a rinne d’fhostóir). Gearrfar cáin ar an aisíocaíocht seo, mar gheall go bhfuair tú faoiseamh cánach nuair a rinne tú an ranníocaíocht. Sula bhfágann tú d’fhostaíocht, ba cheart duit caint leis an duine sa chuideachta atá freagrach as an scéim pinsin a riar, mar gheall go mbaineann a rialacha féin le gach scéim.

Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (CCSPanna): Má you have a CCSP agat, is féidir leat é a stopadh nó a thosú pé uair a roghnaíonn tú, agus ní ghearrfar táillí ort, trí theagmháil a dhéanamh le do sholáthraí CCSP. Conradh idir tú féin agus soláthraí CCSP atá i gceist le CCSP i bhfoirm cuntas infheistíochta. Ceadaíonn CCSPanna duit fostaíocht a athrú agus coinneáil ort ag baint úsáide as an CCSP céanna.

Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach leabhrán an Údaráis Phinsean, CCSPanna – treoir do thomhaltóirí agus fostóirí (pdf).

Cláraigh do phost nua

Ní gá duit ach do chéad phost nó do phinsean príobháideach a chlárú leis an rannán Poist agus Pinsin de myAccountna gCoimisinéirí Ioncaim.

Má athraíonn tú post, ní gá duit do phost nó pinsean nua a chlárú a thuilleadh.

Níl le déanamh agat ach do UPSP a thabhairt do d’fhostóir. Tá d’fhostóir freagrach as an dara post agus post ina dhiaidh sin a chlárú. Is féidir le d’fhostóir do phost a chlárú trí Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (RPN) a iarraidh nó trí aighneacht párolla a dhéanamh.

Nuair a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo seolfaidh siad Deimhniú Creidmheasa Cánach (TCC) chugat agus chuig d’fhostóir nua nó chuig do sholáthraí pinsin. Cinntíonn sé seo go mbaintear an méid ceart cánach as do phost nó pinsean príobháideach.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat do shonraí faoi phá, cáin, fostaíocht agus pinsean a léamh i moChúrsaí ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat clárú do moChúrsaí ar revenue.ie.

Rialaíonn an tÚdarás Pinsean pinsin ghairme agus CCSPanna. Tugtar i leabhrán saor in aisce an Údaráis Cad iad mo Roghanna Pinsin?' (pdf) léargas ginearálta duit ar na socruithe pinsin atá ar fáil. Anuas air sin, leagtar amach sa leabhrán seo na roghanna atá oiriúnach faoi chúinsí agus riachtanais éagsúla.

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le pinsean, déan teagmháil le hAonad Faisnéise an Údaráis Phinsean.

Má tá aon ceist agat faoi phinsean, téigh i dteagmháil leis an Aonad Eolais na hÚdaráis Pinsean.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

An tÚdarás Pinsean

Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 613 1900
Lóghlao: 1890 656 565
Facs: +353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: https://www.pensionsauthority.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Samhain 2023