Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Dul ar scor > Scor d'obair > Grúpaí Gníomhaíochta Lucht Scoir in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Grúpaí Gníomhaíochta Lucht Scoir in Éirinn

Réamhrá

De réim mar atá daoine ag caitheamh sciar níos mó dá saol gníomhach ar scor bunaíodh a lán eagraíochtaí le tacú le daoine ar scor leanúint ar aghaidh lena gcuid caitheamh aimsire, imeachtaí fóillíochta agus oideachais. Tá réimse leathan eagraíochtaí ann do dhaoine breacaosta atá ar scor agus baineann an formhór acu le ceann de na ranga seo a leanas:

  • Gníomhaíochtaí
  • Feachtais
  • Tacaíocht, lena n-áirítear eagraíochtaí cúramóirí.

Seo liosta de na heagraíochtaí sin mar aon le cur síos gearr ar a gcuid aidhmeanna agus na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl acu. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le do Ionad Faisnéise do Shaoránaigh nó leabharlann áitiúil chun sonraí a fháil faoi ghrúpaí daoine breacaosta i do cheantar.

Gníomhaíochtaí

I measc na ngrúpaí a dhíríonn ar ghníomhaíochtaí tá cumainn ghníomhaíochta lucht scoir agus grúpaí spóirt, ealaíon agus cultúir. Díríonn cuid acu ar chaidreamh sóisialta a sholáthar ach eagraíonn cuid eile acu mórchuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear oideachas, oiliúint agus caitheamh aimsire traidisiúnta.

Lucht Scoir Gníomhach
Is líonra náisiúnta é seo de chumainn áitiúla gníomhaíochta lucht scoir a bhfuil sé d’aidhm aige cur ar chumas lucht scoir saol iomlán gníomhach a chaitheamh agus stocaireacht a dhéanamh ar a son. Féadfaidh tú dul i dteagmháil le Lucht Scoir Gníomhach le fáil amach faoi do cumann gníomhaíochta lucht scoir áitiúil nó le fáil amach conas grúpa nua a bhunú.

Aostacht agus Deiseanna
Oibríonn Aostacht agus Deiseanna chun deiseanna a chur ar fáil chun go mbeidh daoine breacaosta in ann páirt níos mó a ghlacadh i réimse gníomhaíochtaí ó na healaíona agus gníomhaíochtaí coirp go cur chun cinn cothroime aoise.

Stocaireacht

Déanann roinnt eagraíochtaí stocaireacht ar son cearta daoine breacaosta in Éirinn. Bíonn feachtais acu chun feasacht a spreagadh faoi cheisteanna a bhaineann le daoine breacaosta agus chun tionchar a bheith acu ar bheartas rialtais. Ina measc siúd tá:

Older & Bolder
Comhaontas eagraíochtaí neamhrialtasacha a sheasann ar son cearta daoine breacaosta go léir is ea é seo. Tá siad ag obair chun sochaí a oireann do dhaoine aosta a chruthú.

Líonra na mBan Breacaosta
Is líonra náisiúnta é seo a nascann mná aonair agus grúpaí ban os cionn 55 bliana d’aois le chéile. Cuireann an líonra fóram ar fáil do mhná breacaosta chun go bhféadfaidh siad teacht le chéile chun a scéalta a insint agus plé a dhéanamh ar cheisteanna ar ábhar imní dóibh iad. Oibríonn sé chun athrú dearfach a chur chun cinn agus cuimsiú sóisialta na mban breacaosta a chinntiú. Is féidir le mná atá ina gcónaí in Éirinn agus a tacaíonn le haidhmeanna na heagraíochta bheith ina mbaill.

Parlaimint Seanóirí na hÉireann
Bíonn an eagraíocht i dteagmháil leis an rialtas agus le comhlachtaí poiblí agus labhraíonn siad thar ceann na seanóirí agus a leasanna maidir le ceisteanna a bhaineann leo ar nós cúrsaí ioncaim, sláinte agus tithíocht.

Cónaidhm Náisiúnta Cumann Pinsinéirí
Eagraíocht ionadaíochta chumann pinsinéirí is í an Chónaidhm seo a bhfuil sé d’aidhm aici leasanna pinsinéirí agus daoine ar scor a chosaint agus a chur chun cinn ó thaobh leasa shóisialaigh, sláinte, aoisliúntais agus cánach.

Age Action Ireland
Eagraíocht í Age Action Ireland a dhéanann stocaireacht thar ceann seanóirí agus daoine breacaosta. Is í aidhm na heagraíochta ná athrú bunúsach a dhéanamh ar shaol na ndaoine breacaosta go léir trí chumhacht a thabhairt dóibh saol iomlán a chaitheamh mar shaoránaigh gníomhacha agus a chinntiú go bhfuil sé de cheart acu seirbhísí ardcháilíochta cuimsitheacha a bheith acu a oireann dá ndálaí athraitheacha.

Tacaíocht agus faisnéis

Tá roinnt grúpaí a chuireann tacaíocht agus faisnéis ar fáil do dhaoine breacaosta. Tá a lán daoine breacaosta ag maireachtáil ina n-aonar agus tá a lán eile acu ag tabhairt aire do dhaoine laga breacaosta nó do dhaoine eile a bhfuil cúram teaghlaigh ag teastáil uathu.

Líne Chabhrach Seanóirí
Seirbhís éisteachta faoi rún is ea Líne Chabhrach Seanóirí atá á reáchtáil ag daoine breacaosta i gcomhair daoine breacaosta atá ina gcónaí ar leithligh nó atá uaigneach. Is féidir glaoch orthu ó áit ar bith in Éirinn ar phraghas ghlaoigh áitiúil. Bíonn na línte ar oscailt Luan go Déardaoin ó 10 r.n. go 10 i.n., Aoine ó 10 r.n go 4 i.n. ó 7 i.n. go 10 i.n., Satharn ó 10 r.n go 4 i.n. agus Domhnach ó 10 r.n go 1 i.n agus ó 7 i.n. go 10 i.n. Íosghlao: 1850 440 444.

Comhairle na hÉireann um Pleanáil do Lucht Scoir
Is í aidhm na Comhairle ná daoine a ullmhú i gcomhair na tréimhse sin dá saol nuair a rachaidh siad ar scor. Forbraíonn agus eagraíonn sí cúrsaí mar ullmhúcháin le haghaidh dul ar scor agus athrú saoil agus cabhraíonn sí leo na buntáistí agus na fadhbanna a bhaineann le dul ar scoil a thuiscint.

ALONE
Cuireann ALONE tacaíocht ar fáil do dhaoine breacaosta leochaileacha trí thithíocht sealadach nó bhuan a sholáthar dóibh agus trí dul i ngleic le fadhbanna uaignis agus aonraithe. Oibríonn an fhoireann agus oibrithe deonacha le daoine breacaosta sa tithíocht atá tógtha ag ALONE dóibh agus i measc an phobail.

Cairde na nDaoine Scothaosta
Cumann carthanach Éireannach is ea Cairde na nDaoine Scothaosta a chuireann cairdeas agus deiseanna sóisialta ar fáil do dhaoine scothaosta go mór mór dóibh siúd atá ina gcónaí ina n-aonar. Tugann a gcuid saorálaithe cuairteanna ar na daoine scothaosta sa bhaile i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Tacaíocht do Chúramóirí

Cumann na gCúramóirí
Is í aidhm Chumann na gCúramóirí ná tacaíocht a thabhairt do bhaill teaghlaigh a thugann cúram do daoine breacaosta laga. Déanann an eagraíocht stocaireacht agus aighneacht ar son cúramóirí teaghlaigh ina n-árais chónaithe féin nach bhfuil seirbhísí mar faoiseamh baile acu. Tá na seirbhísí sin lánriachtanach do na cúramóirí teaghlaigh. Tá líonra acmhainní acu i gcomhair cúramóirí.

Cúram don Lucht Cúraim
Oibríonn Cúram do Lucht Cúraim chun sláinte leas agus cáilíocht beatha gach cúramóir teaghlaigh agus na ndaoine a dtugann siad cúram dóibh a chur chun cinn. Díríonn an eagraíocht ar na réimsí aitheantais, soláthar faisnéise faoi sochair agus teidlíochtaí, faoisimh, oiliúna, taighde agus aighneachta chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

Comhaontas Cúraim na hÉireann
Líonra náisiúnta eagraíochtaí deonacha is ea é seo a chuireann tacaíocht ar fáil do chúramóirí agus is brateagraíocht é a dhéanann ionadaíocht ar son.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An Clár Go For Life
    Tá cur síos anseo ar an gClár Go for Life, clár a bhfuil sé mar aidhm aige cur leis an rannpháirtíocht a bhíonn ag daoine aosta i spórt agus in imeachtaí fisiciúla.
  • Tithe do Dhaoine Aosta
    Cur síos atá anseo ar na scéimeanna speisialta deontais tithe agus deontais feabhsúcháin tí do dhaoine aosta agus do dhaoine le míchumais.
  • Seicliosta: teidlíochtaí do dhaoine aosta
    Quick links to entitlements and services for older people

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.