Feidhmíonn Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta mar chuid den Choimisiún um Chaidreamh Oibreachais. Tá siad neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas. Déanann siad imscrúdú ar aighnis, ar ghearáin agus ar éilimh in Éirinn a dhéanann daoine aonair nó grúpaí beaga faoin reachtaíocht seo a leanas: na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977-2007; na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004; an tAcht um Íoc Pá 1991; na hAchtanna um Téarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001; an tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996; na hAchtanna um Chaidreamh Tionscail, 1969-2001; na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005, na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006, an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997, an tAcht Um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003 agus an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag Obair 2005.
Ó 4 Eanáir 2012 tá pointe teagmhála aonair agus foirm gearáin shingil nua ar fáil ar láithreán gréasáin chomhroinnte ar workplacerelations.ie.
An 5 Aibreán 2012, d’fhoilsigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta doiciméad Treoirphlean a sonraíonn na struchtúir institiúideacha nua um chaidreamh tionsclaíoch a chuirfear in áit roimh dheireadh 2012. Cuirfidh Coimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre le chéile na seirbhísí reatha na gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais, Sheirbhís Choimisinéir um Chearta, an Bhinse Comhionannais, Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta agus na feidhmeanna céadchéime an Bhinse Achomhairc Fhostaíochta. Is é an Chúirt Oibreachais an comhlacht achomhairc aonair a éistfear an uile achomhairc ionad oibre, achomhairc Bhinse Achomhairc Fhostaíochta san áireamh. Dréachtaítear reachtaíocht chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm i bhfómhair 2012.
Féadfaidh fostaí (nó aon cheardchumann ar ball de an fostaí, le toiliú an fhostaí) gearán a chur faoi bhráid Coimisinéara um Chearta (féach “Conas iarratas a dhéanamh” thíos).
Sula ndéanann tú gearán ba chóir duit a chur in iúl do d’fhostóir go bhfuil ar intinn agat dul i dteagmháil le Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta. I gcás ina mbaineann an gearán le teideal reachtúil ba chóir duit iarracht a dhéanamh an t-ábhar a réiteach go háitiúil roimh iarratas a dhéanamh chuig Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta.
Nuair a chuireann duine aighneas faoi bhráid Sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta, déanfaidh an tseirbhís an cás a leithdháileadh ar cheann de na Coimisinéirí. Bíonn na héisteachtaí neamhfhoirmiúil agus seoltar iad go príobháideach, ach amháin na héisteachtaí faoin Acht um Íoc Pá, a sheoltar go poiblí, mura gcinnfidh an Coimisinéir um Chearta a mhalairt. Le fírinne áfach, ní fhreastalaíonn baill den phobal ar éisteachtaí den tsaghas seo.
I mBaile Átha Cliath, seoltar na héisteachtaí sa Choimisiún um Chaidreamh Oibreachais, Teach Tom Johnson, Bóthar Haddington, Baile Átha Cliath 4, ach seoltar éisteachtaí in áiteanna eile ar fud na tíre sa mhéid gur gá sin. Féadfaidh an Coimisinéir um Chearta iarraidh ar an dá thaobh mionchuntas a sholáthar dó/di ar a gcás roimh na héisteachta. Le linn na héisteachta, iarrfaidh an Coimisinéir ar an dá pháirtí a gcás a thíolacadh agus féadfaidh sé nó sí ceisteanna a chur. Féadfaidh na páirtithe trácht a dhéanamh ar aighneacht an pháirtí eile agus ceisteanna a chur ina leith. Féadfaidh an dá thaobh finnéithe a thabhairt chuig an éisteacht. Féadfaidh an Coimisinéir um Chearta labhairt le gach páirtí ar leith agus an fhéidearthacht a scrúdú maidir le teacht ar shocrú ar an aighneas.
Ag brath ar an reachtaíocht déanann an Coimisinéir um Chearta moladh nó cinneadh. Tá gach moladh agus cinneadh ina cheangal ar na páirtithe mura ndearnadh faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail 1969-2001 iad. Mura féidir comhshocraíocht chomhaontaithe a dhéanamh, eiseoidh an Coimisinéir um Chearta moladh maidir leis an díospóid.
Seolfar é chuig na páirtithe taobh istigh de cúpla seachtaine tar éis na héisteachta. Um a dtaca sin d’fhéadfaí ceachtar acu achomharc a dhéanamh i gcoinne an molta seo – féach thíos.
Faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach, féadfaidh an fostaí nó an fostóir agóid a dhéanamh i gcoinne éisteacht an Choimisinéara um Chearta. Má tharlaíonn an méid sin, is féidir an cás a tharchur chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta (BAF). Ar an tslí chéanna faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, féadfaidh fostaí éisteacht ó Choimisinéir um Chearta a iarraidh, ach má dhéanann an fostóir agóid, bheadh ar an bhfostaí an t-ábhar a tharchur chuig an gCúirt Oibreachais.
Go bunúsach, is é cuspóir sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta ná modh tapa agus neamhfhoirmiúil a thairg do na páirtithe chun déileáil le haighneas. I gcásanna go bhfuil rogha ag an bhfostaí maidir leis an mbealach ar cheart a thógáil, seo a leanas roinnt de na fachtóirí ar chóir a chur san áireamh:
Ag brath ar an reachtaíocht féadfar achomharc a dhéanamh chun an Bhinse Achomhairc Fostaíochta nó chun na Cúirte Oibreachais i gcoinne molta nó cinnidh ó Choimisinéir um Chearta agus tá teorainneacha ama éagsúla ann a gcaithfear achomharc a dhéanamh laistigh díobh. Mar shampla, faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001 féadfaidh fostaí nó fostóir achomharc a dhéanamh i gcoinne molta ó Choimisinéir um Chearta chuig an gCúirt Oibreachais. Ba chóir, áfach, faoin Acht um Íoc Pá 1991, achomharc i gcoinne cinnidh ó Choimisinéir um Chearta a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta. Sa dá chás ba chóir an t-achomharc a dhéanamh laistigh de shé seachtaine tar éis do na páirtithe an cinneadh nó an moladh a fháil.
Ní mór fógra i scríbhinn maidir le gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí tar éis an dáta a dhéantar an sárú líomhnaithe ar an Acht. Féadfar 12 mhí bhreise a chur mar fhadú leis an teorainn ama chun gearán a dhéanamh más deimhin leis an gCoimisinéir um Chearta go raibh cúis réasúnach leis an mainneachtain an gearán a thíolacadh laistigh den ghnáth-thréimhse 6 mhí.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta. Tá an fhoirm gearáin shingil nua ar fáil ar workplacerelations.ie agus ar shuíomh idirlín Sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na cearta fostaíochta atá agat déan teagmháil leis Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
An Coimisiún Um Chaidreamh Oibreachais
Teach Thomáis Mac Sheáin
Bóthar Haddington
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:+353 (0)1 613 6700
Lóghlao:1890 220 227 (outside 01 area)
Facs:+353 (0)1 613 6701
Láithreán Gréasáin: http://www.lrc.ie/docs/Rights_Commissioner_Service_-_Information_about_the_service/234.htm
R-phost: rightscomm@lrc.ie
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.