Cosaint do sceithirí

Réamhrá

Tá de chuspóir ag an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 daoine a chosaint a thugann buarthaí chun solais faoi éagóir fhéideartha san áit oibre. Is minic go dtugtar reachtaíocht na sceithirí ar an Acht, a tháinig i bhfeidhm an 15 Iúil 2014. Déantar foráil ann go mbainfidh fostaithe sásamh amach a dhéantar a dhífhostú nó a ngearrtar pionós orthu ar bhealach eile mar gheall gur thuairiscigh siad éagóir fhéideartha san áit oibre.

Áirítear leis an sainmhíniú a thugtar san Acht ar an téarma oibrí fostaithe, oiliúnaithe, daoine a oibríonn faoi chonradh seirbhísí, conraitheoirí neamhspleácha, oibrithe gníomhaireachta agus na Gardaí. Ní ainmnítear go sonrach oibrithe deonacha sa reachtaíocht amhail bheith cumhdaithe ach áireofar sna treoirlínte atá le forbairt do chomhlachtaí poiblí (féach ‘Dualgais fostóirí’ thíos) conas caitheamh le nochtadh ag oibrithe deonacha.

Sular tháinig Acht 2014 i bhfeidhm, bhí earnálacha áirithe, ar nós na sláinte, cumhdaithe cheana féin ag an reachtaíocht um nochtadh cosanta – féach ‘Breis faisnéise’ thíos.

Nochtadh cosanta

Faoin Acht, tá nochtadh cosanta déanta agat más oibrí thú agus má nochtann tú faisnéis ábhartha ar bhealach ar leith. Tá faisnéis ábhartha má cuireadh thú ar an aird uirthi i dtaobh do chuid oibre agus má chreideann tú go réasúnta gur dealraitheach go dtugann sí éagóir le tuiscint. D’fhéadfadh an éagóir seo a bheith ag tarlú nó d’fhéadfaí a bheith in amhras go bhfuil sí ag tarlú cibé acu laistigh nó lasmuigh den tír. Fiú má chruthaítear go bhfuil an fhaisnéis mícheart, tá tú fós faoi chosaint an Achta a fhad agus a chreid tú an fhaisnéis go réasúnta.

Tugtar sainmhíniú fairsing ar éagóir san Acht agus áirítear léi cionta coiriúla a dhéanamh, teip ar chloí le dualgais dhlíthiúla, sláinte agus sábháilteacht daoine a chur i mbaol, díobháil a dhéanamh don timpeallacht, iomrall ceartais, mí-úsáid a bhaint as cistí poiblí, agus gníomhartha nó easnaimh atá fíor-fhaillíoch nó fíor-dhrochbhainistithe ag comhlacht poiblí. Áirítear leis an sainmhíniú, chomh maith, faisnéis a cheilt nó a mhilleadh faoi aon cheann de na samplaí thuas d’éagóir.

Ní thagann aon éagóir a bhfuil sé mar chuid de d’fheidhm féin nó d’fhostóra a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh faoi chuimsiú théarmaí an Achta.

Neamhainmníocht a choimeád

Go ginearálta, ní fhéadfaidh daoine a fhaigheann nochtadh cosanta nó a dhéileálann leo ina dhiaidh sin, aon fhaisnéis a nochtadh le duine eile a d’fhéadfadh an duine a rinneadh an nochtadh a shainaithint. Tá roinnt eisceachtaí ann ina leith seo, mar shampla, más gá an sceithire a shainaithint chun imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar an gceist nó má theastaíonn seo chun cosc a chur ar choireacht nó ar rioscaí i leith shlándáil an Stáit, sláinte phoiblí nó na timpeallachta.

Buarthaí a thuairisciú

Tá bealaí éagsúla ann inar féidir leat buairt a thuairisciú. Baineann caighdeáin éagsúla ag brath ar an duine nó an comhlacht lena ndéanann tú nochtadh. Leagtar amach san Acht córas cisealaithe nochta lena chinntiú go ndéantar formhór na dtuairiscí leis an bhfostóir.

Nochtadh le fostóir

Is í an fhoirm is simplí de nochtadh ná nochtadh a dhéanamh le d’fhostóir sa chás nach dteastaíonn ach creidiúint réasúnta go léirítear nó gur dealraitheach go léirítear san fhaisnéis go bhfuil éagóir á déanamh. Má tá nó má bhí tú fostaithe i gcomhlacht poiblí, féadfaidh tú a roghnú, mar mhalairt air sin, chun tuairisciú a dhéanamh leis an Aire ábhartha.

Nochtadh le comhlacht forordaithe

Féadfaidh tú a roghnú chun tuairisciú a dhéanamh le ceann de na comhlachtaí forordaithe a liostaítear in IR 339/2014 arna leasú ag IR 448/2015. Go ginearálta, bíonn feidhmeanna rialála ag na comhlachtaí seo sa limistéar a bhíonn mar ábhar na líomhaintí.

Nochtadh cosanta atá i nochtadh a dhéanann tú le comhlacht forordaithe:

  • Má chreideann tú go réasúnta go bhfuil an éagóir ábhartha laistigh de shainchúram an chomhlachta fhorordaithe, agus
  • Má tá an fhaisnéis a nochtann tú agus aon líomhain inti fíor go substainteach (caighdeán níos airde é seo ná mar is gá i gcás nochtadh a dhéanamh le do d’fhostóir)

Nochtadh le duine seachtrach

D’fhéadfadh nochtadh a dhéantar le duine seachtrach, iriseoir, mar shampla, a bheith ina nochtadh cosanta má chomhlíonann sé roinnt coinníollacha.

  • Ní mór duit a chreidiúint go réasúnta go bhfuil an fhaisnéis a nochtar, agus aon líomhain a gcuimsítear inti, fíor go substainteach
  • Níor cheart go ndéantar an nochtadh ar mhaithe le gnóthachan pearsanta
  • Ní mór ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a chomhlíonadh:

    -Ag an tráth a dhéanann tú an nochtadh, ní mór duit creidiúint go réasúnta go ngearrfar pionós ort má dhéanann tú an nochtadh leis an bhfostóir, le comhlacht forordaithe nó le hAire

    -Sa chás nach bhfuil aon chomhlacht forordaithe ábhartha ann, go gcreideann tú go réasúnta gur dócha go ndéanfar an fhianaise a cheilt nó a mhilleadh má dhéanann tú an nochtadh leis an bhfostóir

    -Rinne tú nochtadh roimhe seo inar nochtadh an fhaisnéis chéanna, den chuid ba mhó, leis an bhfostóir, comhlacht forordaithe nó le hAire

    -Tá an éagóir de chineál fíor-thromchúiseach

I ngach ceann de na cúinsí seo, is réasúnta duit an nochtadh a dhéanamh le duine seachtrach. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú a dhéantar ar an méid atá réasúnta, i measc rudaí eile, aitheantas an duine lena ndéantar an nochtadh, tromchúise na héagóra, agus cibé acu ar chuathas nó nach ndeachthas i mbun aon ghnímh i gcásanna ina ndearnadh nochtadh roimhe seo.

Sásamh d’fhostaithe

Déantar foráil san Acht i dtaobh sásaimh d’fhostaithe a ngearrtar pionós orthu mar gheall go ndearna siad nochtadh cosanta. Gearrtar pionós ort má dhéantar aon ghníomh nó easnamh a dhéanann díobháil duit, mar shampla, dífhostú, caitheamh éagórach nó bagairtí i leith díoltais.

Glactar leis go bhfuil nochtadh faoi chosaint go dtí go gcruthaítear a mhalairt. Faoin Acht um Nochtadh Cosanta, is é an fostóir is gá a chruthú nach bhfuil an nochtadh faoi chosaint laistigh de bhrí an Achta.

Dífhostú

Má dhéantar thú a dhífhostú ó d’fhostaíocht mar gheall go ndearna tú nochtadh cosanta, caitear leis an dífhostú sin mar dhífhostú éagórach. Féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach agus má éiríonn le d’éileamh, féadtar a mhéid le cúiteamh pá 5 bliana a bhronnadh ort. (Go ginearálta, is é an cúiteamh uasta i gcásanna dífhostaithe éagóraigh pá 2 bhliain). Go ginearálta, ní bhaineann cosaint um dhífhostú éagórach le fostaithe a bhfuil níos lú ná bliain amháin seirbhíse déanta acu, le hoiliúnaithe nó le Gardaí. Ní bhíonn na srianta seo i gceist sa chás go ndéantar an dífhostú mar gheall ar nochtadh cosanta a dhéanamh. (Leanann an srian ar chomhaltaí na bhFórsaí Cosanta a bheith i gceist).

D’fhéadfadh an rud a spreag thú chun nochtadh cosanta a dhéanamh tionchar a imirt ar an leibhéal cúitimh a bhronntar ort. Mura raibh imscrúdú na héagóra an t-aon rud nó an príomhrud a spreag thú chun an nochtadh a dhéanamh, d’fhéadfadh an cúiteamh a bhronnfar ort a bheith a mhéid le 25% níos lú ná mar a bheadh sé murach sin.

Pionóis seachas dífhostú

Má dhéanann tú nochtadh cosanta, cuirtear cosc ar d’fhostóir ó phionós a ghearradh ort nó bagairt ar phionós a ghearradh ort nó bheith ina chúis le pionós a ghearradh ort nó cead a thabhairt do dhuine eile chun pionós a ghearradh ort. Má ghearrtar pionós ort nó má bhagraítear ort, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chearta – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Caingean shibhialta

Foráiltear san Acht do dhíolúine ó chaingean shibhialta do dhamáistí – go héifeachtach, ní féidir agairt rathúil a dhéanamh ort as nochtadh cosanta a dhéanamh. Féadfaidh tú agairt a dhéanamh ar dhuine a dhéanann díobháil duit mar gheall go ndearna tú nochtadh cosanta. Ní féidir leat seo a dhéanamh agus sásamh a lorg, chomh maith, faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach nó gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chearta, áfach. Má chúisítear thú le faisnéis a nochtadh go mídhleathach, tá sé ina chosaint agat gur cheap tú go réasúnta gurbh éard a bhí á dhéanamh agat ná nochtadh cosanta.

Conas iarratas a dhéanamh

Má dhéantar thú a dhífhostú nó má ghearrtar pionós ort as ucht nochtadh cosanta a dhéanamh, féadfaidh tú gearán a dhéanamh trí leas a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne (atá ar fáil trí ‘Déan gearán faoi chearta fostaíochta’ ar workplacerelations.ie). Ba cheart duit gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí (nó laistigh de 12 mhí má tá cúinsí eisceachtúla ann).

B’fhéidir go gceanglóidh cinneadh an Choimisinéara um Chearta ar d’fhostóir cúrsa ar leith gnímh a ghlacadh agus/nó b’fhéidir go mbronnfar cúiteamh ort.

Achomhairc: Féadfaidh tú féin nó d’fhostóir achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an Choimisinéara um Chearta leis an gCúirt Oibreachais. Féadfaidh an Chúirt Oibreachais ceist dlí a thagann chun solais sa chás a tharchur chuig an Ard-Chúirt. Tá cinneadh na hArd-Chúirte ar an gceist críochnaitheach. Féadfaidh tú féin nó d’fhostóir achomharc a dhéanamh i leith chinneadh na Cúirte Oibreachais leis an Ard-Chúirt. Arís eile, tá cinneadh na hArd-Chúirte críochnaitheach.

Breis faisnéise

Soláthraíonn an tSeirbhís Fhaisnéise agus Custaiméara an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre faisnéis maidir le do chearta agus do theidlíochtaí faoi reachtaíocht fostaíochta.

Soláthraíonn an Lárionad Comhairle Dlí Trédhearcachta (LCDT) comhairle dlí saor in aisce do dhaoine ar mhian leo éagóir a nochtadh, go háirithe faoin Acht um Nochtadh Cosanta. Is féidir rochtain a fháil trí ghlao a chur ar an líne chabhrach Speak Up 1800 844 866.

Dualgais fostóirí

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí, ar nós ranna rialtais, údaráis áitiúla agus comhlachtaí áirithe eile a chistítear go poiblí chun nósanna imeachta a bhunú agus a choimeád chun nochtadh cosanta a dhéanamh ag oibrithe atá nó a bhí fostaithe acu agus chun déileáil leis an nochtadh sin. Ní mór do na comhlachtaí poiblí faisnéis scríofa a sholáthar dá bhfostaithe maidir leis na nósanna imeachta seo. Ar a bharr sin, ní mór dóibh tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach an líon nochtadh cosanta a rinneadh leo agus an gníomh a ndeachthas ina mbun maidir leis an nochtadh seo.

Níl a mhacasamhail de dhualgas ar fhostóirí na hearnála príobháidí. Tá cód cleachtais reachtúil á ullmhú ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais ina leagfar amach i dtéarmaí praiticiúla conas a d’fhéadfaí nochtadh a dhéanamh agus conas ar cheart d’fhostóir a leithéid de nochtadh a láimhseáil.

Reachtaíocht eile maidir le sceithirí

Sular tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 i bhfeidhm, bhí roinnt earnálacha cumhdaithe cheana féin ag an reachtaíocht um nochtadh cosanta. Foráiltear san Acht Sláinte, 2004, arna leasú ag an Acht Sláinte, 2007, d’fhostaithe agus muintir an phobail a chosaint a nochtadh éagóir fhéideartha laistigh den earnáil sláinte. Soláthraítear cosaint san Acht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998 ó íospairt agus dliteanas sibhialta do dhaoine a thuairiscíonn mí-úsáid a bhaint as leanaí. Foráiltear in Acht na gCarthanas, 2009 do dhaoine a chosaint a thuairiscíonn sáruithe líomhnaithe na reachtaíochta leis an Údarás Rialála Carthanas. Anuas air sin, tá roinnt socruithe i bhfeidhm i líon earnálacha eile. Is gnách nach bhfuil na socruithe earnála seo teoranta do nochtadh a dhéanann fostaithe ach d’fhéadfaidís nochtadh a chuimsiú a dhéanann muintir an phobail. Tá na socruithe earnála seo fanta i bhfeidhm ach tá siad leasaithe ar roinnt bealaí ag an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014. Cuireadh deireadh leis na socruithe sonracha d’Fhaighteoir Rúnda an Gharda Síochána agus tháinig Acht 2014 ina n-ionad.

Page edited: 22 November 2016