Nuair a íoctar déanach thú go rialta

Do chearta dlíthiúla

Tá ceart dlíthiúil agat faoi do chonradh fostaíochta a bheith íoctha in am. Má íocann d’fhostóir do phá leat go déanach go rialta, is féidir leat dul i mbun bearta chun do cheart dlíthiúil go n-íocfar in am thú a chur i bhfeidhm.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart duit iarracht a dhéanamh an díospóid seo a réiteach le d’fhostóir, trí úsáid a bhaint as aon nósanna imeachta gearáin nó casaoidí inmheánacha atá ar fáil. Mura n-éiríonn leis seo agus má tá d'fhostóir fós á d’íoc go déanach, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).

Ag an dá chéim, ba chóir duit aon tacaíochtaí atá ar fáil, cosúil le ceardchumann nó d'Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil, a úsáid.

Labhair le d’fhostóir leis an bhfadhb a réiteach

Ba cheart duit tosú trí iarraidh ar d’fhostóir thú a íoc in am agus pé riaráistí pá atá dlite a íoc leat. Ba chóir cén uair a íoctar thú a bheith luaite i do théarmaí scríofa fostaíochta (mar shampla, go seachtainiúil nó go míosúil).

Gearán foirmiúil a dhéanamh

Má tá nós imeachta gearáin nó casaoide ag do láthair oibre ba chóir duit é seo a úsáid. Ba cheart go mbeadh nósanna imeachta scríofa casaoide agus disciplíneacha i bhfeidhm ag d’fhostóir faoi Chód Cleachtais: Nósanna Imeachta Casaoide agus Disciplíneacha an CCÁO. Ba cheart duit cóip a fháil díobh seo ag tús d’fhostaíochta.

Mura féidir leat an fhadhb a réiteach trí chloí le nós imeachta casaoide d’ionaid oibre, nó mura bhfuil nós imeachta casaoide ag d’fhostóir, b’fhéidir go mbeidh ort do ghearán a dhéanamh le húdarás níos ceannasaí.

Do ghearán a dhéanamh le húdarásníos ceannasaí

Is féidir leis an CCÁO breithiúnas a thabhairt ar dhíospóidí, casaoidí agus éilimh a dhéanann daoine aonair nó grúpaí beaga oibrithe faoi réimse reachtaíocht fostaíochta.

Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1969-2015 nó faoi na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta, 1994 agus 2014. I gceachtar cás, tosaíonn tú trí iarratas a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne.

Caithfidh tú an gearán a dhéanamh fad a bhíonn tú fostaithe go fóill ag an bhfostóir a íocann go déanach thú nó laistigh de 6 mhí tar éis an fhostaíocht sin a fhágáil.

Na chéad chéimeanna eile

Má thugann tú cás chuig an CCÁO, is féidir leis an mbreithneoir éisteacht a chur ar bun le hé a imscrúdú. Má chuireann d’fhostóir in aghaidh éisteachta, ba cheart duit dul chomh fada leis an gCúirt Oibreachais.

Tar éis dóibh a n-imscrúdú a dhéanamh, déanfaidh an breithneoir cinneadh. Féadfaidh tú féin nó d’fhostóir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh seo leis an gCúirt Oibreachais.

Má íocann d’fhostóir thú go déanach go comhsheasmhach, bíonn an rogha agat éirí as an bhfostaíocht agus dífhostú inchiallaithe a éileamh mar gheall gur sháraigh d’fhostóir téarmaí do chonartha. Tarlaíonn gur deacair dífhostú inchiallaithe a chruthú, mar sin, ba cheart duit comhairle dlí a fháil i gcónaí sula ndéanann tú é seo.

Cá háit a ndéanfaidh túgearán

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Márta 2023