Print Page Send to a Friend

Duillíní pá

Information

Tugann an tAcht um Íoc Pá 1991 an ceart do gach fostaí pádhuille a fháil óna bhfostóir. Taispeánfaidh an pádhuille an t-ollphá agus sonraí gach asbhaint. Is éard go bunúsach atá i bpádhuille ná ráiteas i scríbhinn ón bhfostóir chuig an bhfostaí a léiríonn an pá iomlán roimh cháin agus sonraí iomlána d'aon asbhaint ó phá. Tá do cheart pádhuille a fháil leagtha síos in Alt 4 den Acht um Íoc Pá 1991.

Asbhaintí ón bpá

Ní fhéadfaidh fostóir asbhaintí a bhaint as do thuarastal ach amháin má:

  • Éilíonn an dlí sin, mar shampla cáin (IMAT) agus árachas sóisialach (ÁSPC),
  • Tá foráil maidir leo sa chonradh fostaíochta, mar shampla ranníocaíochtaí pinsin.
  • Déantar sin le cead an fhostaí i scríbhinn, mar shampla, síntiús ceardchumainn
  • Táthar á dhéanamh le ró-íoc pá nó costais a aisghabháil
  • Éilítear de bharr ordú cúirte é, mar shampla, ordú astú tuillimh i gcás dhlí an teaghlaigh
  • Thagann siad i gceist de bharr an fhostaí a bheith ar stailc

Sa chás go mbíonn caillteanas ar d'fhostóir agus an milleán ortsa, mar shampla, briseadh earraí nó ganntanas sa taisceadán nó sa chás go gcuireann an fostóir seirbhís ar fáil mar chuid den phost, mar shampla, éide, d'fhéadfadh go gceadófaí asbhaintí ach ní mór:

  • Iad a bheith ceadaithe faoi do chonradh
  • Iad a bheith cóir agus réasúnach
  • Fógra scríofa a bheith faighte agat maidir leis an asbhaint - fógra seachtaine ar a laghad más de bharr bhotún fhostaí an asbhaint
  • Nach dtiocfadh méid na hasbhainte thar luach an chaillteanais nó chostas na seirbhíse
  • An asbhaint a dhéanmh taobh istigh de 6 mhí ó tharlaíonn an caillteanas/costas

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit do ghearáin faoi asbhaintí neamhúdaraithe ó phá faoin Acht um Íoc Pá 1991 a dhéanamh leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre agus an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid. Ba chóir an gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí ó dháta na hasbhainte. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a thabhairt duit ach ní dhéanfar é sin mura bhfuil cúinsí eisceachtúla ann a chuir cosc ort an ghearán a dhéanamh laistigh den gnáth-thréimhse ama.

Cion in aghaidh an Achta um Íoc Pá 1991 atá ann mura dtugann fostóir duillín pá nó má thugann sé nó sí ceann atá falsaithe d’aon ghnó, agus féadfar fíneáil a ghearradh ar a leithéid d’fhostóir. Ba chóir gearáin faoi dhuillíní pá a dhéanamh mar atá luaite thuas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa bhileog mhíniúcháin ar an Acht um Íoc Pá 1991 (pdf) nó ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas?

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.