Má chailleann tú do phost tá cearta agus teidlíochtaí áirithe agat lena n-áirítear an ceart íocaíocht a fháil as aon obair curtha i gcrích agat. Mura bhfuil tú íoctha roimh dháta an dífhostaithe nó má tá roinnt pá dlite duit fós, tá tú i dteideal go dlíthiúil a bheith íoctha as do chuid oibre. Is asbhaint as do phá ag d'fhostóir é an neamh-íoc ó do phá - féach 'Asbhaintí ó phá' thíos.
Ar an lá a thagann deireadh le do chuid fostaíochta, is é sin an dáta dífhostaithe, tá rudaí áirithe ar cóir do d’fhostóir a thabhairt duit. Áirítear iad seo a leanas:
Rialaíonn an tAcht um Íoc Pá 1991 conas a íocann d'fhostóir thú, bunaíonn sé do cheart duillín pá a fháil agus luann sé an méid asbhaintí dlíthiúla gur féidir le d'fhostóir a thógáil ó do phá.
Faoi Alt 5 den Acht tá sé mídhleathach d'fhostóir asbhaint a dhéanamh ó phá fostaí ach amháin má tá an asbhaint:
Má tá tú tar éis obair a fhágáil agus mura n-íocadh thú nó má tá do phá níos lú ná an méid atá dlite duit, is asbhaint neamhdhleathach í seo faoin Acht um Íoc Pá. Is í an t-aon eisceacht amháin air seo ná sa chás ina bhfuil an neamh-íocaíocht nó an méid atá in easnamh de thoradh ar bhotún agus do phá á chomhaireamh.
Mar sin, má chaill tú do phost ach nura n-íoc d'fhostóir an pá atá dlite duit, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúiteamh trí ghearán a dhéanamh faoin Acht um Íoc Pá 1991.
Chun gearán a dhéanamh faoin neamhíocaíocht pá seo, cuireann tú isteach iarratas chuig ag baint úsáide as an bhfoirm gearáin shingil nua. Ní mór duit gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí ó dháta na hasbhainte arb é an dáta do chuid pá a bhí dlite le híoc. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a thabhairt duit ach ní dhéanfar é sin mura bhfuil cúinsí eisceachtúla ann a chuir cosc ort an gearán a dhéanamh laistigh den gnáth-thréimhse ama.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa leabhrán mínithe ar an Acht um Íoc Pá 1991 (pdf) nó ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.