Má éiríonn tú torrach agus tú i bhfostaíocht in Éirinn, bíonn tú i dteideal saoire mháithreachais. Tá gach bean i bhfostaíocht in Éirinn i dteideal saoire mháithreachais bhunúsach a thógáil (lena n-airítear oibrithe ócáideacha), ar neamhchead don méid ama a caitheadh ag obair don chomhlacht nó an méid uaireanta a oibrítear in aghaidh na seachtaine. Is féidir leat saoire bhreise mháithreachais neamhíoctha a thógáil chomh maith. Leagtar amach do theidlíochtaí reachtúla bunúsacha maidir le máithreachas san áit oibre, lena n-airítear saoire mháithreachais, san Acht um Chosaint Mháithreachais 1994 agus san Acht um Chosaint Mháithreachais 2004 (Leasú).
Má thosaíonn do shaoire mháithreachais ar an 1 Márta 2007, nó i ndiaidh an data seo, tá tú i dteideal 26 seachtain a chaitheamh ar shaoire mháithreachais, chomh maith le 16 seachtain ar shaoire bhreise mháithreachais neamhíoctha.
De réir an Achta um Chosaint Mháithreachais 2004 (Leasú), bíonn ar mhná 2 sheachtain a chaitheamh ar shaoire mháithreachais roimh deireadh na seachtaine ina shaolófar a leanbh agus ar feadh 4 seachtaine ar a laghadh i ndiaidh na breithe. Is féidir leat féin na seachtainí breise a thógáil mar is mian leat. De ghnáth, caitheann fostaithe 2 sheachtain ar shaoire mháithreachais roimh an bhreith agus tógann siad na seachtainí breise i ndiaidh na breithe. Má bíonn tú cáilithe i gcomhair Sochar Máithreachais (féach thíos) caithfidh tú sos 2 sheachtaine ar a laghad agus 16 seachtaine ar a mhéid a ghlacadh roimh dheireadh na seachtaine ina bhfuiltear ag súil leis an leanbh.
Íoctar tuarastal agus aoisliúntas duit le linn do shaoire mháithreachais de réir téarmaí do chonartha fostaíochta. Níl ar fhostóirí tuarastal a íocadh do mhná ar shaoire mháithreachais. Má d’íoc tú a dhóthain ranníocaíochtaí ÁSPC, d’fhéadfá Sochar Máithreachais a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Ba cheart a leagadh amach i gconradh an fhostaí gur féidir le máthair nua íocaíochtaí a fháil le linn a saoire mháithreachais. Mar sin de, gheobhaidh an fostaí a tuarastal iomlán lúide a íocaíocht Sochair Mháithreachais.
Ón 1 Márta 2007 ar aghaidh, beidh mná i dteideal 16 seachtaine breise a chaitheamh ar shaoire bhreise mháithreachais, ach ní thugtar Sochar Máithreachais duit le linn na tréimhse seo. Ina theannta sin, níl ar d’fhostóir do thuarastal a íocadh le linn na tréimhse seo, ach amháin nuair a leagtar amach a leithéid roimh ré. Má tá tú tinn le linn do shaoire bhreise mháithreachais neamhíoctha is féidir leat iarraigh ar d’fhostóir chun críoch a chur ar do shaoire bhreise mháithreachais. Má aontaíonn d’fhostóir, ní bheidh tú i dteideal an fuílleach na saoire máithreachais. Beidh tú ar shaoire breoiteachta agus b'fheidir i dteideal Sochar Breoiteachta a fháil.
Tá tú i dteideal saoire do laethanta saoire poiblí a dtiteann le linn do
shaoire mháithreachais (lena n-airítear saoire bhreise mháithreachais).
Leagtar amach cearta an fhostaí maidir le laethanta saoire poiblí in Alt 21
den Acht um Eagraí Ama Oibre, 1997.
Amach ó tuarastal agus aoisliúntas, féachtar ar an am a chaitheann tú ar
shaoire mháithreachais (lena n-airítear saoire bhreise mháithreachais) mar
am a chaitheann tú ag obair. Is féidir leat an t-am seo a úsáid chun saoire bhliantúil
agus teidlíochtaí
laethanta saoire poiblí a charnadh.
Má bhíonn marbh-bhreith nó breith anabaí agat i ndiaidh na 24ú seachtaine, tá tú i dteideal saoire mháithreachais iomlán. Ón 1 Márta 2007 ar aghaidh, beidh mná in ann 26 seachtaine a chaitheamh ar shaoire mháithreachais, chomh maith le 16 seachtaine a chaitheamh ar shaoire bhreise mháithreachais. Má comhlíonann tú na ceanglais ÁSPC, gheobhaidh tú Sochar Máithreachais ar feadh 26 seachtaine agus tú ar shaoire mháithreachais bhunúsach.
Chun iarratas a chur isteach ar Shochar Máithreachais i ndiaidh marbh-bhreithe, bíonn ort litir ó do dhochtúir a sheoladh isteach, maraon le foirm Shochair Mháithreachaism, leis an faisnéis seo a leanas; an data dlite ionchais, an dáta breithe iarbhír agus an méid seachtainí a chaith tú ag iompar clainne.
Ba cheart d’fhostóirí measúnú priacail ar leith a dhéanamh maidir le fostaithe torracha nó mná a saolaíodh leanbh dóibh le déanaí anuas nó mná atá ag tabhairt an chíoch dá leanbh. Nuair a bhíonn priacail áirithe i gceist, ba cheart na priacail seo a aistriú nó an fostaí a chur ag obair in áit eile. Mura féidir é seo a dhéanamh, ba cheart an fostaí a scaoileadh abhaile ar saoire sláinte agus sábháilteachta agus is féidir í a leanúint go dtí to Nuair a bhíonn fostaí ar saoire sláinte agus sábháilteachta, ba cheart a ghnáthtuarastal a thabhairt dóibh ar feadh an chéad 3 seachtaine. Ina dhiaidh sin, íoctar Sochar Sláinte agus Sábháilteachta dóibh. Tá liosta úsáideach ar fail ón Údatás Sláinte agus Sábháilteachta de CCanna Mná Torracha san Áit Oibre.
Tá aithreacha i dteideal saoire mháithreachais nuair a fhaigheann an mháthair bás laistigh de 40 seachtaine i ndiaidh na breithe. Sa chás seo, d’fhéadfadh an t-athair saoire oibre a thógáil. Bunaítear an méid ama a fhaigheann sé ar an dáta a fuair an mháthair bás.
Má fhaigheann an mháthair bás laistigh de 24 seachtaine i ndiaidh na breithe, tá an ceart aige freisin saoire bhreise mháithreachais a thógáil. Má fhaigheann an mháthair bás níos mó ná 24 seachtaine i ndiaidh na breithe, tá an athair i dteideal saoire suas go 40 seachtaine i ndiaidh na breithe. Tosaíonn an tsaoire laistigh de 7 lá i ndiaidh an bháis.
Forálann Alt 7 den Acht um Chosaint Mháithreachais 2004 (Leasú) do shaoire máithreachais a chur ar atráth i gcásanna fíor-speisialta, mar shampla, má bhíonn ar do leanbh tréimhse ama a chaitheamh san ospidéal. Féadtar é seo a dhéanamh ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire bhreise mháithreachais neamhíoctha. Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir le d’fhostóir d’iarratas ar saoire mháithreachais iarchurtha a dhiúltú. Léigh 'Tuilleadh eolais' thíos chun sonraí breise a fháil ar conas do shaoire mháithreachais a chur ar atráth.
De réir Alt 26 don Acht um Chosaint Mháithreachais 1994, tá tú i dteideal filleadh ar an obair céanna le conradh fostaíochta céanna i ndiaidh do shaoire mháithreachais. Sonraítear san Alt 27 don Acht go gcaithfidh d’fhostóir post oiriúnach eile a sholáthar duit, nuair nach féidir leo an post céanna a thabhairt duit. Ba cheart go mbeadh na téarmaí céanna ag baint leis an bpost nua is a bhaineann le do shean-phost.
Ar chaoi eile, tá tú i dteideal na coinníollacha céanna a fháil is a bhíonn ar fáil agat nuair is gnáthoibrí thú gan leanbh. Ní fhéadtar téarmaí oibre níos measa a chur ar fáil duit nuair a fhilleann tú ar an obair i ndiaidh saoire mháithreachais. Má thagann feabhas ar phá nó ar choinníollacha eile le linn do thréimhse mháithreachais, tá tú i dteideal na sochair seo nuair a fhilleann tú ar an obair.
Creidmheasanna ÁSPC: Faigheann tú creidmheasanna go huathoibríoch má bhíonn tú ag fáil Sochar Máithreachais. Má bhaineann tú úsáid as saoire máithreachais breise neamhíoctha caithfidh tú a iarraidh ar d’fhostaitheoir an fhoirm iarratais ar chreidmheasanna saoire máithreachais (pdf) a líonadh i ndiaidh duit filleadh ar obair.
Nuair a bhíonn tú ag tabhairt an chíoch dodo leanbh, féadfá a bheith i dteideal am soar a thógáil ón obair nó laghdú uaireanta oibre a thógáil ar feadh 26 seachtaine nó níos lú i ndiaidh na breithe, gan glacadh le laghdú pá.
Má bheartaíonn tú fanacht sa bhaile i ndiaidh do shaoire mháithreachais, ní mór duit é seo a chur in iúl dod’fhostóir mar is gnách.
Má dhéanann tú do theidlíocht ar do chearta a lorg tá tú á chosaint ó dífhostú.
Nuair a bhfuil tú cinnte dearfa de go bhfuil tú ag iompar clainne, is féidir leat am saor réasúnach a thógáil ón obair chun freastal ar chuairteanna leighis a bhaineann le do thoircheas. Níl teorainneacha ar bith leagtha amach don méid ama saor gur féidir leat a thógáil do na cuairteanna seo. Ach tá tú i dteideal an méid ama atá uait chun freastal ar na cuairteanna seo a thógáil saor ón obair, (lena n-airítear an méid ama a chaitheann tú ag taisteal go dtí an coinne agus abhaile arís agus an méid ama a thógann an choinne féin).
Beidh ort teastas dochtúra a thabhairt dod’fhostóir, a thaispeánann go bhfuil tú ag iompar clainne, agus ní mór duit é a chur in iúl dó/di 2 sheachtain roimh ré nuair a bhíonn coinne leighis agat. Ba chóir duit do chárta coinne a thaispeáint dod’fhostóir nuair a chuireann sé/sí ceist ort, i ndiaidh do chéad choinne. Ina theannta sin, bíonn ort a bheith in ann am saor a thógáil ón obair chun freastal ar chuairteanna leighis i ndiaidh breithe do leanbh, agus suas le 14 seachtaine ina dhiaidh sin. Tá tú i dteideal do pá iomlán a fháil agus tú ag freastal ar na gcoinní seo, roimh agus i ndiaidh na breithe.
Féadtar am saor íoctha a thógáil freisin chun freastal ar ranganna réamhbhreithe. Tá tú i dteideal chun freastal ar sraith ranganna réamhbhreithe, ach amháin na 3 ranganna is déanaí. Tá aithreacha i dteideal am saor íochtha a thógáil freisin chun freastal ar na 2 ranganna is deanaí.
Fógra: Ní mór duit a chur in iúl do d’fhostóir i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh ré, gur mhaith leat saoire mháithreachais a thógáil. Ina theannta sin, ní mór duit teastas dochtúra a thabhairt dóibh, a thaispeánann go bhfuil tú ag iompar clainne. Má tá sé ar intinn agat saoire bhreise mháithreachais de 16 seachtaine a thógáil, ní mór duit é seo a chur in iúl dod’fhostóir i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh ré. Féadtar na fógraí seo a sheoladh isteach ag an am céanna.
Luath-breith: Má tá an breith 4 seachtaine nó níos mó roimh dheireadh na seachtaine ina bhfuiltear ag súil leis an leanbh, agus má thugann tú fógra scríofa do d’fhostóir 14 lá nó níos lú tar éis an breith beidh na riachtanais fhógra comhlánaithe.
Fáthanna leighis: Forálann Alt 11 d’Acht um Chosaint Máithreachais 94 go gcuirfear tús le do shaoire mháithreachais ar an dáta níos luaithe de réir mar a shonraítear ar an teastas dochtúra má tá tú teistithe ag do dhochtúir go bhfuil saoire mháithreachais de dhíth ort mar gheall ar fháthanna leighis. Sá chás seo glachtar leis gur chomhlíonaigh tú leis na riachtanais fhógra.
Filleadh ar an obair: Ní mór duit é a chur in iúl dod’fhostóir i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh ré, gur mhaith leat filleadh ar an obair.
Is rud fíor-riachtanach é na ceanglais fógra seo a chomhlíonadh. Mura ndéantar é seo, d’fhéadfá do chearta a chailliúint.
Ní mór duit é a chur in iúl dod’fhostóir chomh luath agus is féidir, go dteastaíonn uait do shaoire mháithreachais a chur ar atráth (ná dean dearmad, áfach, gur féidir le d’fhostóir d’iarratas a dhiúltú).
Ba cheart duit iarratas a chur isteach ar shaoire mháithreachais chuig d’fhostóir i scríbhinn.
Má theastaíonn a thuilleadh faisnéise uait ar shaoire mháithreachais, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Comhionannais. Tá bileog maidir le do chearta ar shaoire mháithreachais (pdf) ar fáil ar an suíomh gréasáin na hÚdaráis Chomhionannais.
Má bhíonn conspóid á dhéanamh agat le d’fhostóir i dtaobh saoire mháithreachais, nó má dhífhostaítear tú toisc ní ag baint le do thoircheas nó toisc ag baint leasa as do chearta faoin reachtaíocht saoire mháithreachais, is féidir leat gearán a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.
Ba cheart duit iarratas a chur isteach ar Shochar Máithreachais chuig an
Rannóg Shochair Mháithreachais, An Roinn Coimirce Sóisialaí, 6 seachtaine
ar a laghad roimh an dáta dlite.
Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire
Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie
Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Tá foráil in Alt 7 den Acht um Chosaint Mháithreachais (Leasú) 1994 chun saoire mháithreachais a chur siar agus baineann sé seo le duine atá ar saoire mháithreachais, nó ar saoire mháithreachais bhreise gan phá. Is é sé mhí an tréimhse is faide ar féidir saoire mháithreachais a chur siar. Tabhair faoi ndeara go bhfuil sé de cheart ag d’fhostóir diúltú do d’iarratas chun do shaoire mháithreachais a chur siar.
Ní féidir leat a iarraidh go gcuirfí siar do shaoire mháithreachais go dtí go mbíonn 14 sheachtain ar a laghad de do shaoire mháithreachais tógtha agat, agus ní mór duit 4 cinn acu siúd a bheith tógtha agat tar éis breith do linbh. (Ní bhaineann an fhoráil seo le haithreacha atá ar saoire mháithreachais).
Má chuireann tú do shaoire mháithreachais siar, agus má fhilleann tú ar do chuid oibre, féadfaidh tú do shaoire go léir a ghlacadh le chéile ag tosú tráth nach déanaí ná 7 lá ón am a scaoiltear do leanbh amach as an ospidéal. Féadfaidh d’fhostóir litir a iarraidh ón ospidéal ag dearbhú gur coinníodh do leanbh san ospidéal agus litir eile ina dhiaidh sin ag dearbhú an dáta ar ligeadh amach é nó í.
Má chuireann tú do shaoire mháithreachais siar agus má fhilleann tú ar d’fhostaíocht, ní mór duit é sin a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí. Caithfidh tú a insint dóibh i scríbhinn gur coinníodh do leanbh san ospidéal agus gur fhill tú ar do chuid oibre. Ní mór litir a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh dochtúir ginearálta nó ón ospidéal le dearbhú don Roinn gur scaoileadh do leanbh amach as an ospidéal agus ba chóir go gcuirfí tús le do shochar máithreachais an athuair. Ba chóir d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhir PSP) a bheith le feiceáil go soiléir ar gach cáipéis a chuireann tú chun na Roinne.
Cuimhnigh nach mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh chun do shaoire mháithreachais a chur siar ach amháin má choinnítear do leanbh san ospidéal - ní leor díreach é nó í a bheith tinn.
Má chuireann tú siar do shaoire mháithreachais, agus má éiríonn tú
tinn tar éis duit filleadh ar do chuid oibre (sula gcuireann tú tús leis an
tsaoire a chuir tú siar), féadfar glacadh leis gur chuir tú tús le do
shaoire atosaithe ar an gcéad lá a raibh tú as láthair de bharr
breoiteachta. Nó féadfaidh tú do cheart a fhorghéilleadh maidir le hatosú
do shaoire agus glacadh le do shaoire mar saoire bhreoiteachta.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.