Is í an phríomhreachtaíocht a dhéanann foráil do shláinte agus sábháilteacht fostaithe san ionad oibre ná an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair. Déanann an tAcht daingniú agus nuashonrú ar fhorálacha an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 1989. Baineann sé le gach fostóir, fostaí (lena n-áirítear fostaithe ar théarma seasta agus sealadacha) agus daoine féinfhostaithe ina gcuid ionaid oibre. Leagann an tAcht amach cearta agus dualgais na bhfostóirí agus na bhfostaithe, agus déantar foráil maidir le fíneálacha agus pionóis chuimsitheacha do sháruithe na reachtaíochta sláinte agus sábháilteachta.
Rialacháin 2007 (Feidhm Ghinearálta): Tá na dlíthe sonracha a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht sna cineálacha fostaíochta ar fad, beagnach ar fad cuimsithe sna Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2007 (Feidhm Ghinearálta), agus a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2007. Rinne na Rialacháin seo athsholáthar ar Rialacháin na Feidhme Ginearálta 1993 agus reachtaíocht thánaisteach eile i réimse na sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre.
Faoi Alt 8 den Acht, tá dualgas ar an bhfostóir chun sábháilteacht, sláinte agus leas san ionad oibre a chinntiú d'fhostaithe chomh fada agus atá praiticiúil. Chun gortuithe agus drochshláinte san ionad oibre a chosc, tá dualgas ar an bhfostóir i measc rudaí eile:
Tá dualgais na bhfostaithe le linn oibre leagtha amach in Alt 13 den Acht. Ina measc sin, tá na nithe seo a leanas:
Faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005, tá dualgas ar gach fostóir measúnú riosca a chomhlíonadh san ionad oibre. Ba chóir don mheasúnú guaiseacha san ionad oibre a aithint, measúnú a dhéanamh ar rioscaí a eascraíonn ó ghuaiseacha mar seo agus céimeanna a aithint chun déileáil le rioscaí ar bith.
Caithfidh an fostóir ráiteas sábháilteachta a ullmhú chomh maith, atá bunaithe ar an measúnú riosca. Ba chóir don ráiteas sonraí na ndaoine sa bhfórsa saothair a thabhairt, ar a bhfuil freagracht maidir le ceisteanna sábháilteachta. Ba chóir go mbeadh rochtain ag fostaithe ar an ráiteas seo agus ba chóir d'fhostóirí é a athbhreithniú go rialta. Tá treoirlínte ar mheasúnuithe riosca agus ráitis sábháilteachta (pdf) foilsithe ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.
Ba chóir don fhostóir insint d'fhostaithe faoi rioscaí ar bith ina bhfuil sé riachtanach trealamh cosanta a chaitheamh. Ba chóir don fhostóir trealamh cosanta a sholáthar (cosúil le héadach cosanta, ceannbheart, coisbheart, súilbheart, láimhíní) chomh maith le hoiliúint ó thaobh úsáide mar is cuí. Tá dualgas ar fhostaí cúram réasúnta a thógáil dá s(h)ábháilteacht féin agus trealamh cosanta ar bith atá soláthraithe a úsáid. Ba chóir an trealamh cosanta a chur ar fáil d'fhostaithe saor in aisce, má tá siad beartaithe le húsáid san ionad oibre amháin. Ba chóir a dtrealamh pearsanta féin a chur ar fáil d'fhostaithe go hiondúil.
Tá raon bearta a chaithfidh fostóirí a ghlacadh maidir le haonaid fístaispeána (VDU). Áirítear ina measc sin an frithchaitheamh agus dalladh, suíomh an oibreora os comhair an VDU, chomh maith leis an méarchlár agus an bogearra atá in úsáid. Caithfear sosanna sásúla ón VDU a thabhairt d'oibreoirí. Ina theannta sin, caithfidh fostóirí tástálacha súl a eagrú agus, más gá, ranníocaíocht a dhéanamh i dtreo spéaclaí ar oideas a cheannach. D'fhoilsigh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS) liosta de cheisteanna coitianta faoi threalamh scáileán taispeána (VDU).
Ba chóir gach tionóisc san ionad oibre a thuairisciú don fhostóir, agus ba chóir dóibh sonraí an teagmhais a thaifeadadh. Cuideoidh tuairisciú na tionóisce le leas sóisialta agus cearta eile a chosaint, a d'fhéadfadh eascairt mar thoradh ar thionóisc cheirde. Tá dualgas ar fhostóir tuairisc a thabhairt don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta faoi thionóisc, más amhlaidh go gcailleann fostaí 3 lá leanúnach oibre de bharr na tionóisce (lá na tionóisce as an áireamh
Ba chóir d'fhostóir measúnuithe riosca ar leith a chomhlíonadh maidir le fostaithe atá ag iompar clainne. Má tá rioscaí áirithe do thoircheas an fhostaí, ba chóir na rioscaí seo a bhaint amach nó ba chóir an fostaí a bhogadh go hionad eile. Faoi Alt 18 den Acht um Chosaint Mháithreachais 1994, mura bhfuil ceachtar den dá rogha seo indéanta, ba chóir saoire sláinte agus sábháilteachta ón obair a thabhairt don fhostaí, agus d'fhéadfadh sí leanúint go dtí go dtosódh an saoire mháithreachais. Má dheimhníonn dochtúir nach bhfuil obair oíche oiriúnach d'fhostaí atá ag iompar clainne, caithfear obair eile nó saoire sláinte agus sábháilteachta a thabhairt don fhostaí.
Tar éis d'fhostaí filleadh chun na hoibre tar éis saoire mháithreachais, má tá riosca ar bith don fhostaí toisc go raibh leanbh aici le déanaí nó toisc beathú cíche, ba chóir fáil réidh leis an riosca seo. Mura bhfuil a leithéid indéanta, ba chóir obair eile a fháil don fhostaí. Mura bhfuil sé indéanta an fostaí a shannadh go hobair eile, ba chóir saoire sláinte agus sábháilteachta a thabhairt di. Má dheimhníonn dochtúir nach bhfuil obair oíche oiriúnach tar éis breith an linbh, ba chóir obair eile a sholáthar. Mura féidir obair eile a sholáthar, ba chóir saoire sláinte agus sábháilteachta a sholáthar don fhostaí.
Breathnaítear ar am atá caite ar shaoire sláinte agus sábháilteachta mar thréimhse fostaíochta don fhostaí, agus is féidir an t-am seo a úsáid chun teidlíocht saoire bhliantúil a charnadh. Níl an fostaí i dteideal saoire maidir le saoirí poiblí ar bith a tharlaíonn nuair atá sí ar saoire sláinte agus sábháilteachta. Le linn di a bheith ar saoire sláinte agus sábháilteachta, caithfidh fostóirí gnáthphá a íoc lena bhfostaithe don chéad 21 lá (3 sheachtain), agus is féidir Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a íoc ina dhiaidh sin.
Ba chóir d'fhostóir measúnú riosca ar leith a chomhlíonadh maidir le fostaí atá faoi 18 bliana d'aois. Ba chóir don mheasúnú a bheith comhlíonta sula dtosaíonn an duine óg i mbun fostaíochta. Má tá rioscaí áirithe ann, lena n-áirítear rioscaí nach féidir leis an duine óg a aithint nó a sheachaint toisc tosca cosúil le heaspa taithí, níor chóir an duine óg a fhostú.
Ba chóir déileáil le foréigean a d'fhéadfadh tarlú d'fhostaithe sa ráiteas sábháilteachta. Mar shampla, caithfear tosca cosúil le haonrú na bhfostaithe agus láithreacht airgid thirim san áitreabh a thógáil san áireamh. Ba chóir cosaintí cearta a chur i bhfeidhm leis an riosca foréigin a dhíchur chomh fada agus is féidir, agus ba chóir an fostaí na modhanna oiriúnacha a chur ar fáil don fhostaí chun an riosca atá fágtha a íoslaghdú m.sh. gloine shlándála.
Ceann de dhualgais an fhostóra ná iompraíocht mhíchuí a chosc (lena n-áirítear bulaíocht). Ba chóir go mbeadh nósanna imeachta leagtha amach ag fostóir chun déileáil le gearáin faoi bhulaíocht san ionad oibre agus déileáil leis na gearáin seo ar an bpointe. Má dhéanann fostóir neamhaird de ghearáin faoi bhulaíocht, d'fhéadfadh fostaí éileamh a dhéanamh air/uirthi le haghaidh damáistí. Tá sé inmholta d'fhostóir gnás casaoide bunaithe a bheith acu chun déileáil le gearáin bhulaíochta. Is féidir le fostaí a airíonn go bhfuil sé/sí mar íospartach bulaíochta an cheist a chur ar aghaidh chuig An Coimisinéir um Chearta chomh maith– féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos. Leagann an Cód Cleachtais um Fhostóirí agus Fostaithe ar Chosc agus Réiteach na Bulaíochta san Ionad Oibre (pdf) amach nótaí treorach chun déileáil le bulaíocht san ionad oibre.
Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2008 (pdf) dualgas ar gach fostóir in Éirinn le ciapadh san ionad oibre a chosc. Faoin dlí seo, tá tú i dteideal éileamh a thabhairt chuig an mBinse Comhionannais agus d'fhéadfadh dualgas a bheith ar d'fhostóir cúiteamh a íoc má tá tú ciaptha toisc inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, aois, míchumas, cine, creideamh nó ballraíocht sa Lucht Siúil.
Faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005, ní féidir le fostaí a bheith íospartha toisc go ndearna sé/sí a c(h)earta a chleachtadh faoin reachtaíocht um shábháilteacht agus sláinte cosúil le gearán a dhéanamh. Ciallaíonn sé seo nach féidir le fostóir pionós a ghearradh ar fhostaí trí dhífhostú nó ar bhealach eile, mar shampla trí ghníomh smachtaithe nó trí dhéileáil leo le níos lú fabhar ná fostaithe eile – féach ‘Do chearta a fhorghníomhú’ thíos.
Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos – freagrach as sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre a fhorghníomhú in Éirinn. Soláthraíonn siad eolas d'fhostóirí, d'fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe ar shláinte agus sábháilteacht san ionad oibre. Tá foilseacháin cosúil le Treoir Ghairid maidir leis an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (pdf) agus sraith de bhileoga Sábháilteacht Shimplí acu, atá dírithe go háirithe ar ghnóthais bheaga miondíola nó bia. Tá na bileoga Sábháilteacht Shimplí ar fáil i dteangacha eile.
Má tharlaíonn timpiste duit le linn na hoibre, d’fhéadfá iarratas ar Shocar Díobhála a dhéanamh. Íocaíocht sheachtainiúil é a dhéantar leat má tá tú neamhábalta chun na hoibre de bharr timpiste le linn na hoibre nó galar ceirde. Faoin Scéim Chúram Leighis is féidir costais leighis áirithe nach mbíonn íoctha ag an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó tríd an Sochar Cóir Leighis a fháil. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad faoin Scéim na Sochair Gortuithe Ceirde.
Má tá gortú fulaingthe agat san ionad oibre, ní féidir leat cúiteamh a lorg trí d'fhostóir faoin reachtaíocht um shláinte agus sábháilteacht, ach d'fhéadfá éileamh a dhéanamh tríd InjuriesBoard.ie
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é InjuriesBoard.ie a thugann measúnú neamhspleách ar éilimh um dhíobhálacha pearsanta do chúiteamh tar éis tionóisce. Ní thabharfaidh an bord measúnú cúitimh ach amháin nuair nach bhfuil an duine atá freagrach ag cuardach cinneadh ar dhliteanas, nó i bhfocail eile, nuair nach bhfuil díospóid faoi cheisteanna dlí. Caithfear gach éileamh a bhaineann le tionóiscí san ionad oibre (cásanna dliteanais fostóra) a chur faoi bhráid InjuriesBoard.ie sula dtosaítear imeachtaí dlí. Caithfear gach éileamh um dhíobháil phearsanta (faillí leighis as an áireamh) a chur faoi bhráid InjuriesBoard.ie chomh maith. Déanann sé cúiteamh a mheasúnú go pras, ach ní dhéanann siad costais a bhronnadh ar son ceachtar páirtí ná ina gcoinne. Má dhiúltaíonn ceachtar taobh na costais, eiseoidh an Board cead duit chun éileamh tríd na cúirteanna sibhialta a dhéanamh.
Más mian leat gearán a dhéanamh faoi íospairt nó faoi do chearta faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, ba chóir duit iarratas a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.
An Foirgneamh Cathrach
Sráid James Joyce
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 614 7000
Lóghlao:1890 28 93 89
Facs:(01) 614 7020
Láithreán Gréasáin: http://www.hsa.ie
R-phost: wcu@hsa.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.