Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána

Cad é Grinnfhiosrúchán an GhardaSíochána?

Caithfidh aon duine a oibríonn le nó nó a dhéanann obair dheonach le leanaí agus daoine fásta leochaileacha tabhairt faoi Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Próiseas é seo lena sheiceáil an bhfuil taifead coiriúil agat, nó má tá aon chúis shonraithe ann go bhféadfá bagairt a chruthú do dhaoine leochaileacha.

Tugann Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin faoi Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, a sheolfaidh nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an eagraíocht.

Nuair a dhéantar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar dhuine faoi láthair, níl grinnfhiosrúchán le déanamh arís orthu seachas sna cásanna seo a leanas:

  • Athraíonn siad a bpost
  • Athraíonn siad a bpost laistigh d’eagraíocht spóirt nó phobail

Leagtar amach na rialacha maidir le Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána sna hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012-2016.

Is féidir leat ceisteanna coitianta faoi Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a léamh ar láithreán gréasáin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Athruithe ar phróiseas grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Rialtas faoi láthair ar chóras grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána, go háirithe maidir le riachtanais ath-ghrinnfhiosrúcháin. Cuirfear comhairliúchán poiblí ar siúl mar chuid den obair seo. Nuashonróimid an leathanach seo de réir mar a bhíonn níos mó eolais ar fáil.

Deimhniú Póilíní

Ní hionann grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus Deimhniú Póilíní a fháil, a chuireann na Gardaí ar fáil do dhaoine in Éirinn a dteastaíonn siad uathu ar réimse cúiseanna. Is féidir a áireamh leis na cúiseanna seo gnólacht a thosú thar lear nó víosa a fháil do thír eile. Is féidir leat teacht ar eolas breise ar ár leathanach Deimhnithe Póilíní.

An Biúró NáisiúntaGrinnfhiosrúcháin

Tá an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin mar chuid den Gharda Síochána. Déileálann sé le hiarrataí ó fhostóirí a dteastaíonn eolas uathu ar fhostaithe áirithe, oibrithe deonacha agus oibrithe eile ionchasacha (daoine a fhostófar go luath).

Ní thugann an Biúró ach faoi ghrinnfhiosrúchán d’eagraíochtaí ábhartha atá cláraithe leis. Is éard is eagraíocht ábhartha eagraíocht a fhostaíonn duine nó a cheadaíonn do dhuine obair nó gníomhaíochtaí a dhéanamh le leanaí agus daoine fásta leochaileacha, nó a mbaineann rochtain ar leanaí agus daoine fásta leochaileacha lena gcuid oibre.

Ní dhéantar grinnfhiosrúchán do dhaoine aonair ar bhonn pearsanta – féach ‘Sonraí pearsanta a iarraidh’ thíos.

Is féidir leat léamh freisin faoin bpróiseas grinnfhiosrúcháin ar láithreán gréasáin grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána.

Saghsanna eile de ghrinnfhiosrúchán

Déanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin grinnfhiosrúchán freisin a bhaineann le hiarratais nach ndéantar faoin Acht iad (is é sin, grinnfhiosrúchán a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile).

Mar shampla, tá ar dhaoine a chuireann isteach ar obair le comhlachtaí áirithe, cosúil leis an nGarda Síochána, an tSeirbhís Chúirteanna agus roinnt ranna rialtais aon chiontuithe a rinneadh orthu a nochtadh.

Cé ar gá grinnfhiosrúchán anGharda Síochána a dhéanamh air/uirthi?

Caithfear grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ort má bhaineann rochtain ar leanaí nó daoine fásta leochaileacha le d’obair nó gníomhaíocht ag eagraíocht ábhartha. Áirítear leis seo foireann, conraitheoirí, oibrithe gníomhaireachta, oibrithe deonacha, agus aon duine atá páirteach i socrúchán nó printíseacht in:

  • Seirbhísí cúraim leanaí
  • Scoileanna
  • Ospidéil agus seirbhísí sláinte
  • Seirbhísí cóiríocht nó cóiríocht do leanaí nó daoine leochaileacha
  • Seirbhísí cóireála, teiripe nó comhairleoireachta do leanaí nó daoine leochaileacha
  • Seirbhísí a sholáthraíonn gníomhaíochtaí fóillíochta, spóirt nó fisiciúla do leanaí nó daoine leochaileacha
  • Seirbhísí a chuireann creideamh reiligiúnach chun cinn

Daoine féinfhostaithe

Ní thugtar faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do dhaoine ar bhonn pearsanta. Má tá tú féinfhostaithe, ní féidir leat iarratas ar ghrinnfhiosrúchán a sheoladh mar eagraíocht ábhartha, faoi mar a shainítear in Alt 2 den Acht.

Fostaithe slándála príobháidí

Faoin Acht um Sheirbhísí Slándála Príobháidí, 2004, caithfear grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ar fhostaithe slándála (mar shampla, doirseoirí agus foireann slándála club oíche).

Cén t-eolas atá i mo nochtadhgrinnfhiosrúcháin?

Nuair a dhéanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin grinnfhiosrúchán ort, déantar do thaifead coiriúil a nochtadh don teagmhálaí údaraithe san eagraíocht chláraithe (an chuideachta, an comhlacht nó an cumann ar mian leat oibriú dóibh).

Gheobhaidh an teagmhálaí nochtadh grinnfhiosrúcháin fút. Cuirfear san áireamh sa nochtadh seo:

  • Sonraí faoi aon chiontuithe
  • Sonraí faoi ionchúisimh atá ar feitheamh
  • Ráiteas ar eolas sonraithe (aon eolas, seachas ciontuithe coiriúla, is cúis lena chreidiúint go gcruthaíonn tú bagairt do leanaí nó daoine leochaileacha) nó ráiteas nach bhfuil aon taifead coiriúil nó eolas sonraithe ann a bhaineann leat.

Mionchionta a rinneadh breis agus 7 mbliana ó shin

Ní chuirtear ciontuithe i ngeall ar mhionchionta áirithe a rinneadh sa Chúirt Dúiche a rinneadh breis agus 7 mbliana ó shin san áireamh sa nochtadh grinnfhiosrúcháin. Leagtar seo amach in Alt 14A de na hAchtanna.

Ní bhaineann seo, áfach, le cionta a shonraítear i Sceideal 3 an Achta agus i Sceideal 1 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ciontuithe Spíonta agus Nochtadh Áirithe), 2016.

Is féidir níos mó a léamh faoi chiontuithe spíonta.

Eolas ar grinnfhiosrúchán ha choimeád

Caithfear sonraí pearsanta a mhilleadh nuair a d’éag an cuspóir dá lorgaíodh iad. Ba cheart d’eagraíochtaí nochtadh ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a scriosadh bliain i ndiaidh go bhfuarthas iad, seachas faoi chúinsí eisceachtúla. Is féidir uimhir thagartha agus dáta nochta a choimeád i i gcomhad agus is féidir é seo a sheiceáil leis an nGarda Síochána, dá dtiocfadh ceisteanna aníos.

Léigh an nóta treorach (pdf) d’eagraíochtaí maidir le breithnithe um chosaint sonraí nuair a bhíonn grinnfhiosrúchán á dhéanamh ar fhostaithe ionchasacha ar an láithreán gréasáin um chosaint sonraí.

Conas iarratas a dhéanamh arghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar phost ar gá duit tabhairt faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána dó, seolfar foirm iarratais ar ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána chugat. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as ríomh-ghrinnfhiosrúchán, nó is féidir leat iarratas a dhéanamh trí úsáid a bhaint as foirm pháipéir.

Má tá tú faoi 18 mbliana d’aois, beidh foirm thoilithe atá sínithe ag tuismitheoir nó caomhnóir a sheoladh ar aghaidh.

Ríomh-ghrinnfhiosrúchán

Le Ríomh-ghrinnfhiosrúchán a úsáid, caithfidh tú a bheith níos sine ná 16 bliana d’aois. Caithfidh tú seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat agus caithfidh tú an próiseas “cruthúnas aitheantais” a chríochnú.

An nós imeachta Ríomh-ghrinnfhiosrúcháin:

  1. Seolfaidh an eagraíocht chláraithe foirm chuiridh grinnfhiosrúcháin chugat nuair a dhéanann tú iarratas ar phost. Caithfidh tú an fhoirm a líonadh agus í a sheoladh ar ais chuig an eagraíocht le cruthúnas i leith d’aitheantais.
  2. Déanfaidh an eagraíocht do chruthúnas aitheantais a bhailíochtú agus seolfaidh siad ríomhphost chugat ina bhfuil nasc leis an bhfoirm iarratais ar líne ar ghrinnfhiosrúchán.
  3. Líonann tú an fhoirm ghrinnfhiosrúcháin ar líne agus seolann tú í chuig an eagraíocht.
  4. Déanann an eagraíocht athbhreithniú ar d’fhoirm iarratais ar ghrinnfhiosrúchán agus seolann siad chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin í.
  5. Déanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin an t-iarratas a phróiseáil agus seolann sé nochtadh grinnfhiosrúcháin chuig an eagraíocht.
  6. Déanann an eagraíocht athbhreithniú ar an nochtadh agus seolfaidh siad cóip de chugat.

Is féidir leat d’iarratas ar Ríomh-ghrinnfhiosrúchán a rianú.

Tá sonraí faoin nós imeachta d’eagraíocht a chlárú ar fáil ar láithreán gréasáin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Díospóidí agus achomhairc

Mura gcomhaontaíonn tú leis na sonraí sa nochtadh grinnfhiosrúcháin, is féidir leat díospóid a dhéanamh ina aghaidh seo leis an eagraíocht atá ag tabhairt faoin ngrinnfhiosrúchán. Scríobh chuig an teagmhálaí san eagraíocht agus cuir achoimre ar fáil ar do chúiseanna atá leis an díospóid. Seolfaidh an teagmhálaí comhad iomlán an iarratais chuig an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin go ndéanfar é a athsheiceáil.

Is féidir leat an cinneadh a achomharc le Príomhoifigeach an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin maidir le heolas sonraithe a nochtadh trí úsáid a bhaint as an bpróiseas achomhairc neamhspleách. Ba cheart duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de 14 lá i ndiaidh go ndearnadh an cinneadh.

D’eagraíocht a chlárú leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin

Caithfidh aon eagraíocht ar gá dóibh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ar dhaoine aonair clárú leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin – féach ‘Eolas teagmhála’ thíos.

Caithfidh an eagraíocht teagmhálaí a cheapadh freisin chun iarratas a dhéanamh ar nochtadh grinnfhiosrúcháin agus iad a fháil. Caithfidh tú do theagmhálaí a chlárú leis an mBiúró i scríbhinn.

Léigh an nós imeachta d’eagraíocht a chlárú atá ar fáil ar láithreán gréasáin an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.

Cé chomh fada a mhaireanngrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána?

Nuair a dhéantar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar dhuine faoi láthair, níl grinnfhiosrúchán le déanamh arís orthu seachas sna cásanna seo a leanas:

  • Athraíonn siad a bpost
  • Athraíonn siad a bpost laistigh d’eagraíocht spóirt nó phobail

Baineann Alt 20 den Achta le hath-ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh ar fhostaithe (agus ar oibrithe eile) a ndearnadh grinnfhiosrúchán orthu roimhe seo dá bpost reatha, tar éis fada áirithe ama (tugtar tréimhse shonraithe air seo). Níor tugadh an tréimhse shonraithe seo isteach sa dlí go fóill, áfach. Tá machnamh á dhéanamh ag an Rialtas faoi láthair ar ath-ghrinnfhiosrúchán éigeantach a dhéanamh gach 3 bliana.

Sonraí pearsanta a iarraidh

Ní thugtar faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do dhaoine aonair ar bhonn pearsanta. Tá an ceart agat, áfach, teacht ar na sonraí pearsanta a choimeádann an Garda Síochána fút. Is féidir leat níos mó eolais a léamh faoi conas teacht ar do shonraí pearsanta.

Ní hionann freagairt do d’iarratas ar theacht ar shonraí um chosaint sonraí agus grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, Deimhniú Póilíní, Teistiméireacht an Gharda Síochána ná cruthúnas nach ndearnadh aon chiontuithe ort.

Eolas teagmhála

Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin

Bóthar an Ráschúrsa
Durlas
Tiobraid Árann
E41 RD60
Éire

Teil: +353 504 27300
Lóghlao: 0818 488 488
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Márta 2022