Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Conarthaí fostaíochta > Conarthaí ar théarmaí seasta nó sainchuspóra

Print Page Send to a Friend

Conarthaí ar théarmaí seasta nó sainchuspóra

Eolas

In Éirinn, tá na cearta atá ag fostaithe ar théarma seasta cosúil le cearta atá acu siúd ar chonarthaí neamhiata. Oibríonn formhór fhostaithe ar chonarthaí oibre neamhiata. Sé sin, maireann an conradh go dtí go gcuireann an fostóir nó an fostaí deireadh leis. Oibríonn go leor fostaithe eile, áfach, ar chonarthaí atá ar théarma seasta.

Ciallaíonn an téarma, fostaí ar théarma seasta, go gcríochnaíonn conradh an fhostaí ar dháta áirithe, nó go gcríochnaíonn sé nuair atá tasc áirithe déanta nó imeacht áirithe tarlaithe. Go ginearálta, críochnaíonn conradh ar théarma seasta ar dháta atá réitithe roimh réidh. Maireann conradh dhá leithéid roinnt míonna nó bliain nó níos mó. Ach, dá mbeadh cuspóir sonrach ag baint leis an gconradh ní chríochnódh sé ar dháta a bheadh socraithe roimh réidh. Is é an réiteach a bheadh ansin ann, áfach, ná go gcríochnódh an conradh nuair a bheadh tasc áirithe curtha i gcrích, mar shampla duine a chuir in áit fostú a bheadh ar saoire máithreachais.

Úsáidtear an téarma, conradh ar théarma seasta, ar son na héascachta anseo. Tá conradh sainchuspóra san áireamh freisin.

Cearta na bhfostaithe le conarthaí ar théarmaí seasta

Go ginearálta, tá na cearta céanna ag fostaithe ar na conarthaí seo le haon fhostaithe eile. Mar shampla, tá na fostaithe ar théarmaí seasta i dteideal na teidlíochtaí normálta saoire bliantúil (saoire mháithreachais, agus duillíní pá. Faoin Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 tá sé de dhualgas ar an bhfostóir go dtugtar dáta éaga an chonartha do na fostaithe atá ar théarmaí seasta.

Baineann An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Socraithe) 2003 le formhór na bhfostaithe ar théarmaí seasta. Ní bhaineann sé, áfach, le hoibrithe ghníomhaíochta atá curtha ag diúscairt gnóthais úsáideora, le printísigh, daoine faoi oiliúint, agus daoine atá ag obair le scéimeanna fostaíochta atá maoinithe ag an Stát mar shampla, Fostaíocht Pobail. Baineann an tAcht le hoibrithe ghníomhaíochta atá fostaithe go díreach ag gníomhas fostaíochta.

De réir an tAcht, níl aon chead ag fostóirí déileáil go fabhrach le fostaithe lánaimseartha thar na bhfostaithe comhchéime atá ar théarma seasta gan bheith in ann an cóireáil difriúil a chosaint go hoibiachtúil. Ní féidir baint a bheith ag an bhfíréanú a thugtar leis an chúis go bhfuil an fostaí ar théarma seasta. Tá an t-sainmhíniú ar fhostaithe comhchéime, na coinníollacha a bhaineann leis agus na sásra forfheidhmithe an-chosúil leo siúd atá ag fostaithe páirt-aimseartha.

Níl fostaithe ar théarmaí seasta a bhfuil a gnáth uaireanta oibre 20% níos lú ná gnáth uaireanta oibre fostaithe comhchéime lánaimseartha i dteideal páirt a ghlacadh i scéim pinsean.

Chomh fada agus atá indéanta, tá sé de dhualgas ar an bhfostóir cúnamh a thabhairt do fhostaí ar théarma seasta cúrsaí oiliúna a dhéanamh a chuirfeadh lena scileanna, agus a chabhródh lena bhforbairt gairme agus soghluaisteacht ó phost go chéile.

Ráiteas scríofa

Caithfidh an fostóir ráiteas scríofa a sholáthar chomh luath agus is féidir don fhostaí atá ar théarma seasta a chuireann in iúl cad a chuirfidh deireadh leis an gconradh. Sé sin, an gcríochnóidh an conradh ar dháta áirithe, nuair a bheidh tasc curtha i gcrích nó imeacht thart. Chomh maith leis sin, áit a bhfuil fostóir ag iarraidh conradh ar théarma seasta a athnuachan, caithfear ráiteas scríofa a chuir ar fáil don fhostaí atá ar théarma seasta roimh an dáta athnuachana, ag cur síos ar na fáthanna oibiachtúil leis an athnuachan agus an fáth nach bhfuil conradh neamhiata á thairiscint.

Tá sé de dhualgas ar fhostóirí na fostaithe atá ar théarma seasta a chuir ar an eolas maidir le folúntais i bpostanna lánaimseartha. Is féidir é seo a dhéanamh le fógra ginearálta.

Dífhostú

Nuair a bhristear fostaí as a bpost nuair a thagann an conradh chun críche, tá baint aige mar is gnáth leis an reachtaíocht um dífhostú éagórach mura bhfuil an fostóir ag baint leas as an fhoráil a chuireann oibriú an reachtaíocht ar neamhní. Chun an fhoráil a úsáid, caithfidh an fostóir an conradh a chur i scríbhinn. Caithfidh an fostóir clásal a chur isteach a deireann nach mbeidh aon bhaint ag An tAchtanna um Dífhostú Éagórach 1977–2007 más é an t-aon fáth gur cuireadh deireadh leis an conradh ná éagú an dáta, nó go bhfuil tasc áirithe curtha i gcrích. Caithfidh an fostóir agus an fostaí an conradh a shíniú.

Iomarcaíocht

Má oibríonn fostaí ar feadh 104 seachtain le conradh ar théarma seasta, nuair tá an conradh críochnaithe d'fheadfadh go mbeidh íocaíocht iomarcaíochta ar fáil don fhostaí.

Athnuachan conarthaí ar théarmaí seasta

Ní féidir le fostaithe a bheith fostaithe le conradh ar théarma seasta gan chrioch. Tá dhá chás ann a bhféadfadh sé seo tarlú:

  • Nuair atá 3 bliana fostaíochta leanúnacha curtha isteach ag a leithéid de fhostaí a thosaigh mar fostaí ar théarma seasta roimh 14ú Iúl 2003 ní fhéadfadh an fostóir an conradh téarma seasta a athnuachan ach ar ócáid amháin, sin uile. Ní féidir leis an téarma athnuachana bheith níos faide ná bliain.
  • Nuair atá fostaí fostaithe ag an fostóir tar éis 14ú Iúl 2003 ar dhá nó níos mó conarthaí ar théarmaí seasta leanúnacha, ní chóir go mbeadh téarma comhiomlán na conarthaí níos faide ná 4 bliana.

Ní bhaineann na rialacha seo, áfach, áit a bhfuil fáthanna oibiachtúla ag míniú athnuachan conradh fostaíochtaí ar théarma seasta amháin.

Nuair nach gcomhlíonann athnuachan an chonartha ar théarma seasta leis na riachtanais seo agus nuair nach féidir é a mhíniú go hoibiachtúil, glactar leis mar chonradh neamhiata.

Tá foráil san tAcht um Dífhostú Éagórach 1977–2007 a bhfuil sé mar aidhm aigea chinntiú nach n-úsáidtear conarthaí leantacha sealadach chun reachtaíocht a sheachaint. Nuair a éagann conradh sainchuspóra nó conradh ar théarma seasta agus tá an duine ath-fhostaithe laistigh de 3 mhí, glactar leis go bhfuil an duine ar sheirbhís leanúnach oibre.

Mar sin, fiú má tá fostóir ag cuir an reachtaíocht um dhífhostú éagórach as an áireamh sa gcaoi a chuirtear síos air thuas, rialóidh An Coimisinéir um Chearta nó An Binse Achomhairc Fostaíochta an bhfuiltear ag úsáid na conarthaí seo chun cosaint an fhostaí faoin reachtaíocht um dífhostú éagórach a sheachaint. Má rialaítear go raibh sé sin amhlaidh agus nach raibh bearna de 3 mhí nó níos mó idir na conarthaí agus go raibh na postanna cosúil le chéile, is féidir déileáil leis an gcás ar nós go raibh fostaíocht leanúnach i gceist agus beidh ar an fostóir an dífhostú a mhíniú ar an ngnáth bhealach.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir éilimh faoin Acht um Chosaint Fostaithe 2003 nó do dhífhostú éagórach a chur tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.

Tá cosc ar an fostóir íospairt a dhéanamh ar fhostaí atá ar chonradh téarma seasta atá ag iarraidh a chearta faoin Acht um Chosaint Fostaithe 2003. Luaitear íospairt le dífhostú chun go seachnófaí conradh téarma seasta a thomhais mar chonradh neamhiata.

Tuilleadh eolais ón mbileog míniúchán ar an Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003 (pdf) nó teagmháil a dhéanamh leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 April 2012

Teanga

English | Polsku

Ábhar Gaolmhar

  • Dífhostú éagórach
    Cuirtear síos conas atá fostaithe cosanta faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach: cé atá clúdaithe, cé atá eisiata agus conas éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach.
  • Gluais de théarmaí fostaíochta
    Liosta de na téarmaí a úsáidtear sa dlí fostaíochta le míniú gearr ar bhrí na dtéarmaí
  • Cineálacha fostaíochta
    Tá cur síos anseo ar chineálacha difriúla fostaíochta in Éirinn agus ar an éifeacht atá acu ar do chearta fostaíochta

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.