Is scéim í an Scéim Deontais um Fhostaí a Choinneáil a bhfuil sé mar aidhm aici cabhrú le fostóirí fostaithe a dtagann tinneas nó lagú orthu a mbíonn tionchar aige ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh a choinneáil. Tá an scéim cuid den Chiste Freastal Réasúnta na Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá sé mar aidhm ag an scéim d'fhostaíocht a bhuanú trí mhaoiniú a chuir ar fáil chun:
Tá an scéim oscailte do gach comhlacht san earnáil phríobháideach. Tá aon fhostaí atá ann roimhe seo (ag obair ar aon leibhéal don eagraíocht) agus a thagann tinneas, riocht nó míchumas air/uirthi a chuireann isteach ar a p(h)ost, clúdaigh faoin scéim.
Níl fostóirí san earnáil phoiblí incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar na deontais seo. Tá oibleagáid ar fhostóirí san earnáil phoiblí in Éirinn dearcadh dearfach i leith an mhíchumais a chur chun cinn agus a chinntiú go gcuirfidh siad na socruithe go léir in áit le go mbeadh an fhoireann faoi mhíchumas iomlán páirteach i bhfostaíocht.
Tá maoiniú faoin scéim seo curtha ar fáil i ndá chéim:
Céim a 1: Cabhrú le fostóirí trí cheadú dóibh scileanna saineolaí a "cheannach isteach" ón taobh amuigh den chomhlacht chun forbairt a dhéanamh ar "Straitéis Choinneála" faoi leith scríofa d’aon fhostaí a dtagann míchumas air/uirthi. Is féidir leis an Straitéis Choinneála céimeanna a leagan amach chun áisiú a dhéanamh agus más gá na fostaithe a oiliúint chun fanacht sa ról atá acu. Ar bhealach eile is féidir leis an Straitéis Choinneála a leagan amach an áit gur féidir an fostaí a ath-lonnú sa chomhlacht agus na háiseanna/ath-oiliúint atá riachtanach chun é sin a dhéanamh.
Céim a 2: Cuirtear cabhair airgeadais (cabhair deontais) ar fáil don fhostóir leis an Straitéis Choinneála a chur i gcrích. Áirítear anseo cabhair deontais don ath-oiliúint, do thraenáil phoist agus/nó comh-ordaitheoir seachtrach a fhostú chun maoirseacht a dhéanamh ar an mbealach a bhfuil an Straitéis Choinneála dá chur i bhfeidhm don duine aonair.
Níl na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do mhaoiniú faoin Scéim Deontais um Fhostaíocht a Choinneáil:
Déanann an fostóir teagmháil le Speisialtóir (m.sh., teiripeach saothair) a dhéanann measúnacht ar chumas saothair an fhostaí agus measúnú ar an bpost/láthair oibre. Déanann an Speisialtóir ansin forbairt ar an Straitéis Choinneála i gcomhair leis an bhfostóir, an fostaí agus má tá sé cuí, abhcóide/ionadaí (m.sh., ionadaí ceardchumainn) agus bainisteoir-líne. Caithfidh an Straitéis Choinneála a bheith in éineacht leis an iarratas do mhaoiniú Céim a 1 agus caithfidh sé a bheith faighte sula ndéantar iarratas ar mhaoiniú Céim a 2.
Céim a 1: Íoctar 90% de chostais an chláir (go dtí uasmhéid de €2,500 do gach fostaí chun a chuir ar chumas an fhostóra speisialtóir(í) a fhostú chun measúnacht a dhéanamh ar chumas saothair an fhostaí, chun measúnú a dhéanamh ar an láthair oibre/post agus chun Straitéis Choinneála a fhorbairt.
Céim a 2: Íoctar 90% de na costais incháilithe suas go huasmhéid de €12,500 chun cabhrú le:
Ní féidir le fostóir iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi Chéim 2 gan chabhair ó Straitéis Choinneála scríofa don duine aonair. Tá suas le huasmhéid de €15,000 iníoctha le fostóir ar mhaithe le aon fhostaí amháin a choinneáil, is é sin an t-uasmhéid airgid atá ar fáil do chéim a 1 agus do chéim a 2.
Caithfidh an fostóir an fhoirm iarratais Céim a 1 (pdf) atá le fáil ar líne agus go háitiúil ó oifig seirbhísí fostaíochta áitiúil a líonadh agus a sheoladh ar ais.
Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm iarratais:
Caithfidh an fhoirm iarratais a bheith sínithe ag an bhfostaí, ag an bhfostóir (nó ainmní), ag bainisteoir-líne an fhostaí (más cuí), ag ionadaí an fhostaí (nuair is cuí) agus ag an Speisialtóir.
Caithfidh an fostóir na páirteanna den fhoirm éilimh chaighdeánaigh (pdf) a bhaineann le Céim a 1 a líonadh. Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm éilimh:
Caithfidh an fhoirm éilimh a bheith sínithe ag an bhfostaí, ag an bhfostóir (nó ainmní), ag bainisteoir-líne an fhostaí (más cuí), ag ionadaí an fhostaí (nuair is cuí) agus ag an Speisialtóir
Is féidir le fostóirí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do Chéim a 2 chomh luath agus atá Céim a 1 críochnaithe. Caithfidh iarratais ar mhaoiniú Céim a 2 a bheith ceadaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí sula gcuirtear an Straitéis Choinneála i gcrích. Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm iarratais Céim a 2 (pdf):
Caithfidh an fhoirm iarratais a bheith sínithe ag an bhfostaí, ag an bhfostóir (nó ainmní), ag bainisteoir-líne an fhostaí (más cuí), ag ionadaí an fhostaí agus ag an Speisialtóir.
Má tá luach an iarratais níos mó ná €7,600 agus go gcuireann soláthraí amháin seirbhísí ar fáil, caithfidh an fostóir trí mheastachán neamhspleách a fháil agus iad a chur i láthair an Roinn. Muna nglactar leis an meastachán is ísle, caithfidh an fostóir na cúiseanna leis an roghnú a mhíniú.
Caithfidh an fostóir na páirteanna den fhoirm éilimh chaighdeánaigh Éileamh-ERG a bhaineann le Céim a 2 a líonadh. Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm éilimh:
Caithfidh an fhoirm éilimh a bheith sínithe ag an bhfostaí, ag an bhfostóir (nó ainmní), ag bainisteoir-líne an fhostaí (más cuí), ag ionadaí an fhostaí (más cuí) agus ag an Speisialtóir.
Cuirfidh oifig seirbhísí fostaíochta áitiúil ar aghaidh cóip de na coinníollacha ginearálta a rialaíonn an scéim. Tá breis eolais agus foirmeacha iarratais faoin scéim ar fáil anseo. Beidh an fhoireann in oifig seirbhísí fostaíochta áitiúil go háitiúil sásta freisin aon cheisteanna atá agat a fhreagairt agus aon chabhair a theastaíonn uait a chuir ar fáil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.