Ag filleadh ar an obair go sábháilte tar éis dhúnadh COVID-19 agus prótacail oibre sábháilte

Réamhrá

Ó Dé Luain, an 24 Eanáir 2022, is féidir le hoibrithe filleadh ar an ionad oibre de réir a chéile.

Treoir d’fhostóirí maidir leis an bhfilleadh ar an obair

Tugtar achoimre ar an leathanach seo ar an bPrótacal um Oibriú go Sábháilte a d’fhoilsigh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (an ÚSS), FSS, an Roinn Sláinte agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Eisíodh an prótacal um oibriú go sábháilte (an Prótacal Aistrithe) is déanaí an 31 Eanáir 2022. Léirítear ann fógra an Rialtas maidir le bearta sláinte poiblí a laghdú agus leagtar béim níos mó ann ar thacú le filleadh go sábháilte ar fhreastal fisiciúil ar an ionad oibre.

Ba cheart d’fhostóirí a gcomhairle agus a dtreoir reatha a athbhreithniú lena chinntiú go mbíonn siad ar aon dul leis an treoir nuashonraithe.

An Prótacal Aistrithe:

  • Déantar cur síos ann ar na céimeanna ar cheart d’fhostóirí agus d’fhostaithe tabhairt fúthu sula n-athosclófar ionad oibre lena chinntiú gur féidir leo filleadh ar an obair go sábháilte
  • Leagtar amach ann bearta um chosc agus rialú ionfhabhtuithe a cheadaíonn filleadh sábháilte agus oibriú leanúnach sábháilte an ionaid oibre

Is féidir leat eolas níos mionsonraithe a fháil sa Phrótacal Aistrithe (pdf).

Cuirtear seicliostaí agus teimpléid maidir le haerú, mearthástáil antaiginí agus filleadh ar an oifig ar fáil ar láithreán gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta (an ÚSS).

Filleadh ar an ionad oibre

Ó Dé Luain, an 24 Eanáir 2022, is féidir le hoibrithe filleadh ar an ionad oibre de réir a chéile.

De réir mar a thosaítear le filleadh céimnithe ar an ionad oibre, d’fhéadfadh roinnt oibrithe a bheith an-bhuartha faoi fhilleadh ar an ionad oibre fisiciúil. Ba cheart d’fhostóirí dul i gcomhairle agus i ngleic le buarthaí.

Pleanáil chun filleadh ar anobair

Caithfidh na fostóirí go léir córais agus rialuithe a ullmhú agus a chur i bhfeidhm sula n-athosclóidh siad a ngnólacht agus a n-ionaid oibre.

Ba cheart do d’fhostóir an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Pleananna gnó agus sábháilteachta a nuashonrú, an Plean Freagartha gnó do COVID-19, an measúnú riosca sláinte agus sábháilteachta ceirde agus an ráiteas sábháilteachta san áireamh
  • Conas déileáil le cás amhrasta de COVID-19 a chur san áireamh sna pleananna sábháilteachta agus bainisteoir tiomnaithe a cheapadh atá i gceannas ar dhéileáil le cásanna amhrasta.
  • Bearta nó freagrairt ar leith a fhorbairt chun déileáil le ráig COVID-19 san ionad oibre
  • Athruithe nó beartais san ionad oibre a fhorbairt, a nuashonrú, a chur in iúl, a chur i bhfeidhm nó dul i gcomhairle leo

Spreagtar fostóirí príomhionadaí oibrithe a bheith ann lena chinntiú go leanann bearta sábháilteachta a bheith i bhfeidhm ar feadh idirthréimhse chuí.

Caithfear aon olltástáil COVID-19 atá á húsáid a bheith ar bhonn deonach - féach ‘Tástáil antaigine san ionad oibre’ thíos.

Oibrithe i mbaol

I gcás roinnt oibrithe, is airde na rioscaí a chruthaíonn ionfhabhtú COVID-19. Tá dhá leibhéal de riosca níos airde ann – riosca an-ard (fíorleochaileach) agus riosca ard. Tá comhairle sláinte poiblí éagsúil ann do gach ceann de na grúpaí seo. Ba chóir d’fhostóirí riachtanas ar leith oibrithe sa chatagóir ardriosca nó riosca an-ard a chur san áireamh.

B’fhéidir go mbeidh measúnú riosca leighis ar inniúlacht chun oibre le déanamh sula bhfilleann oibrithe i mbaol ar an ionad oibre fisiciúil.

Oibriú ón mbaile

D’iarr an Rialtas ar fhostóirí tosú lena socruithe fadtéarmacha a fhorbairt nó a chur i gcrích d’oibriú cumaisc nó cianda. Ba cheart an beartas cianoibrithe nó oibrithe as baile a fhorbairt i gcomhairle le hoibrithe agus Ceardchumainn.

Tástáil antaigine san ionad oibre

Rogha dheonach iad Mearthástálacha Diagnóiseacha Antaigine (MTDAanna) a úsáid san ionad oibre. Caithfidh d’fhostóir córas tástála a chur i bhfeidhm a phlé agus a chomhaontú leat agus leis an gceardchumann (más ann dó).

Caithfidh fostóirí a chinntiú go leantar ag cloí go hiomlán le comhairle sláinte poiblí a bhaineann le níochán lámh, maisc a chaitheamh (do roinnt earnálacha amháin), béasaíocht riospráide agus aerú san ionad oibre.

Vacsaínithe

Cinneadh deonach é an cinneadh a dhéantar vacsaíniú in aghaidh COVID-19 a fháil. Is féidir leat do chinneadh féin a dhéanamh, ar an ábhar sin, faoi cibé acu vacsaíniú a fháil nó gan é a fháil.

Do stádas vacsaínithe a chur in iúl do d’fhostóir

I bhformhór na gcásanna, níl ort d’fhostóir a chur ar an eolas ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú vacsaínithe. Ní iarrtar faoi láthair sa Phrótacal um Oibriú go Sábháilte ar fhostóirí aon eolas a bhailiú a bhaineann le stádas vacsaínithe agus ní theastaíonn seo le haghaidh foirmeacha Réamhfhillte ar an Obair. Deimhníonn an Coimisiún Cosanta Sonraí é seo ina chuid treorach ar shonraí vacsaínithe a phróiseáil (pdf).

Taisteal chuig agus ón obair

Ba cheart duit leanúint ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí nuair a bhíonn tú ag taisteal chuig agus ón obair.

Má tá iompar poiblí á úsáid agat, caithfidh tú leanúint le masc nó cumhdach aghaidhe a chaitheamh.

Má tá gluaisteán á roinnt agat le comhghleacaí, moltar masc nó cumhdach aghaidhe a chaitheamh.

Bheith sábháilte ag an obair

Ba cheart d’fhostóirí agus d’fhostaithe oibriú le chéile lena chabhrú scaipeadh COVID-19 a laghdú agus ba cheart go mbeadh comharthaí COVID-19 ar eolas acu. Tá an liosta iomlán comharthaí COVID-19 ar fáil ar láithreán gréasáin FSS.

Freagrachtaí fostóra

Ba cheart do d’fhostóir an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • A mholadh d’oibrithe gan teacht chuig an obair má bhíonn comharthaí COVID-19 orthu
  • Na saoráidí sláinteachais cuí a bheith ar fáil gan stró agus póstaeir a bheith ar taispeáint ar a sonraítear cleachtais mhaithe níocháin lámh
  • Ciarsúir, anuas ar araidí nó málaí a thabhairt ar féidir le fostaithe iad a dhiúscairt
  • Araidí a fholmhú go rialta agus comhairle a sholáthar maidir le dea-chleachtas riospráide, lena n-áirítear maisc nó cumhdaigh aghaidhe a úsáid, a stóráil agus a dhiúscairt go sábháilte
  • Díghalaráin lámh a sholáthar. Caithfidh go mbíonn íosmhéid alcóil 60% i ndíghalrán alcólbhunaithe
  • Treoracha a thabhairt d’oibrithe ar féidir leo cloí leo má thagann comharthaí orthu i rith oibre
  • Eolas a thaispeáint ar chomharthaí agus siomptóim COVID-19
  • Comhoibriú leis na hOifigí Sláinte Poiblí má dheimhnítear cás nó ráig COVID-19 san ionad oibre agus aon ghníomhartha leantacha a chur i bhfeidhm a theastaíonn

Má bhíonn comharthaí COVID-19 ar fhostaí

Má bhíonn comharthaí COVID-19 ar fhostaí i rith uaireanta oibre, caithfidh limistéar ainmnithe aonraithe a bheith ag d’fhostóir d’fhostaithe agus ba cheart dóibh cloí le nós imeachta ar leith:

  • Caithfidh an cásbhainisteoir nó an teagmhálaí ainmnithe an duine a thabhairt go limistéar ainmnithe aonraithe, feadh bealach ainmnithe (déan soláthar dó go mbeidh comharthaí ar dhuine amháin nó níos mó a bhfuil comharthaí orthu, cosúil le limistéar breise aonraithe nó bíodh pleananna teagmhais i bhfeidhm)
  • Masc aghaidhe nó análaitheoir ar ghrád leighis atá dea-fheistithe a chur ar fáil don duine ar a bhfuil siomptóim. Ba chóir don oibrí an masc a chaitheamh i limistéar coiteann nó nuair a bhíonn an t-áitreabh á fhágáil acu
  • Socraigh go bhfanfaidh an fostaí sa limistéar aonraithe sula ndéanfar socrú dóibh dul abhaile, nó go saoráid leighis. Níor cheart iompar poiblí a úsáid.
  • Socraigh go nglanfar an limistéar aonraithe agus na limistéir oibre i gceart.
  • Tabhair faoi mheasúnú riosca iomlán ar an teagmhas, féachaint cén gníomh breise is gá a dhéanamh, más gá gníomh ar bith a dhéanamh

Freagrachtaí fostaí

Mar fhostaí, ba cheart duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Coimeád cothrom le dáta maidir le comharthaí agus siomptóim COVID-19
  • Gan dul go dtí an obair má bhíonn aon chomharthaí nó siomptóim COVID-19
  • Cloí leis an gcomhairle agus an treoir sláinte poiblí maidir le féinaonrú, srian a chur ar ghluaiseacht, tástáil agus teagmhálaithe dlútha
  • An bhainistíocht a chur ar an eolas láithreach má thagann comharthaí ort i rith na hoibre
  • Comhoibriú le haon phearsanra Sláinte Poiblí agus le d’fhostóir i gcás cáis nó ráige i d’ionad oibre

Cá féidir liom gearán a dhéanamh?

Má bhraitheann tú nach bhfuil d’fhostóir ag cloí leis an treoir sa Phrótacal Aistrithe, is féidir leat do bhuarthaí a thabhairt chun solais leis an ÚSS.

Is féidir leat gearán a dhéanamh trí úsáid a bhaint as foirm ghearáin ar líne an ÚSS. Ba cheart duit do bhuairt a chur in iúl do d’fhostóir ar dtús chun an deis a thabhairt dóibh an tsaincheist a réiteach.

Eolas breise

Is féidir leat an leagan iomlán den Phrótacal Aistrithe: Treoir Dhea-Chleachtais maidir le Leanúint le Cosc a chur ar Scaipeadh COVID-19 a léamh.

Is féidir le fostóirí eolas a fháil ó láithreán gréasáin an ÚSS.

Cuireann an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann Treoracha maidir le Leanúnachas Gnó agus Acmhainní Teicniúla COVID-19 ar fáil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Márta 2021