Daoine faoi mhíchumas agus an obair

Réamhrá

Más duine faoi mhíchumas tú, tá tacaíochtaí ann chun cabhrú leat post a aimsiú agus a choinneáil.

Tá cuid de na tacaíochtaí seo ann do dhaoine faoi mhíchumas atá ag obair cheana féin. Tá tacaíochtaí eile ann do dhaoine faoi mhíchumas atá dífhostaithe.

Más duine faoi mhíchumas tú, tá na cearta fostaíochta céanna agatsa agus atá ag fostaithe eile.

Obair a lorg

Cibé an bhfuil tú ag lorg poist den chéad uair nó tar éis sos a ghlacadh ón obair, ba cheart cuimhneamh ar do scileanna agus ar conas a d’fhéadfadh do mhíchumas cur isteach ar an gcineál oibre atá á lorg agat.

Tá beartais um chomhdheiseanna i bhfeidhm ag go leor fostóirí, rud a fhágann go bhfuil sé soiléir go bhfáiltíonn siad roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas atá cáilithe go cuí.

Ba chóir a bheith ar an eolas faoi do chearta agus faoi na hoibleagáidí atá ar fhostóirí ionchasacha i do leith faoin reachtaíocht comhionannais. Fút féin atá sé cinneadh a dhéanamh cé acu an inseoidh tú do d’fhostóirí féideartha faoi do mhíchumas, go háirithe más míchumas míshoiléir é (amhail galar ainsealach nó meabhairghalar).

Cé go bhféadfadh cúiseanna a bheith agat le do mhíchumas a choinneáil faoi rún, ní féidir le d’fhostóir freastal ar riachtanas speisialta ar bith atá agat mura bhfuil a fhios aige/aici faoi do riocht.

Tá scéimeanna tacaíochta agus deiseanna oiliúna ar fáil duit má tá tú faoi mhíchumas agus ag lorg oibre.

Tacaíochtaí agus oiliúint

Áirítear leis na tacaíochtaí seo cabhair a thabhairt duit post a aimsiú agus tú a ullmhú le haghaidh oibre trí chláir oiliúna nó fostaíochta (nó an dá cheann) a dhéanamh. Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí a chuireann tacaíochtaí fostaíochta ar fáil.

Is féidir dul i mbun oiliúna i scileanna sonracha agus cúrsaí oiliúna a dhéanamh freisin má tá tú dífhostaithe agus ag filleadh ar an bhfórsa saothair. Cuirtear oiliúint ar fáil do dhaoine fostaithe trí phrintíseachtaí agus oiliúint ionchuideachta a reáchtáil. Spreagtar daoine faoi mhíchumas úsáid a bhaint as na roghanna oiliúna seo go léir.

Má tá cúrsa oiliúna á dhéanamh agat agus má tá tacaíocht níos déine ná mar a bheadh ar fáil de ghnáth ag teastáil uait, cuirfidh soláthraithe oiliúna speisialtóra an cúrsa ar fáil. I measc na bpríomhghnéithe a bhaineann le sainoiliúint, tá trealamh oiriúnaithe, cur chuige saincheaptha don duine aonair agus seisiúin oiliúna níos faide.

Scéim Deontais um Ateangaire in Agallaimh Phoist

Má tá post á lorg agat agus tú bodhar, má tá laige éisteachta ort nó má tá lagú cainte ort, is féidir iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun ateangaire teanga chomharthaíochta nó ateangaire eile a thabhairt chuig agallamh poist leat. Tá maoiniú ar fáil freisin chun costais ateangaire a chlúdach le linn tréimhse ionduchtaithe nuair a thosaíonn tú ag obair.

An tSeirbhís EmployAbility

Is féidir leis an tSeirbhís EmployAbility cabhrú leat obair a fháil. Cuireann sé tacaíocht leanúnach ar fáil nuair a bhíonn tú ag obair, lena n-áirítear cóitseálaithe poist. Feidhmíonn an clár trí eagraíochtaí atá lonnaithe ar fud na tíre.

Íocaíochtaí míchumais agus obair

Má tá íocaíochtaí míchumais áirithe á bhfáil agat, mar shampla, Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall , seans go mbeidh cead agat dul i mbun oibre agus d’íocaíocht a choinneáil.

Is féidir le fostóir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Fóirdheontas Pá, cibé an gcoimeádann nó nach gcoimeádann fostaí a dteidlíocht do Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall.

Má tá Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláine á fháil agat agus má theastaíonn uait filleadh ar an obair, seans go mbeidh tú cáilithe chun Sochar Cumais Pháirtigh a fháil.

Scéimeanna Fostaíochta

Tá scéimeanna fostaíochta agus tacaíochtaí eile ann chun daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a spreagadh chun filleadh ar an obair. Baineann rialacha éagsúla le gach scéim, agus mar sin tá sé tábhachtach an t-eolas mionsonraithe faoi gach scéim a sheiceáil, chomh maith le cibé an gcuirfear isteach ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh.

  • Cabhraíonn an Scéim Fostaíochta Pobail le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus le daoine faoi mhíchumas filleadh ar an obair.
  • Tá sé mar aidhm ag an gClár Seirbhísí Pobail aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste trí thacú le gníomhaíocht pobail áitiúil agus trí dheiseanna fostaíochta áitiúla a sholáthar do ghrúpaí áirithe daoine, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.
  • Soláthraíonn an Scéim Shóisialta Tuaithe tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí agus d’iascairí atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh fadtéarmacha amhail íocaíochtaí míchumais.
  • Tugann an Clár Socrúcháin Taithí Oibre deis do dhaoine nach raibh post riamh acu nó a chaill a bpost taithí oibre a fháil. Féadfaidh tú cáiliú le haghaidh an Chláir Socrúcháin Taithí Oibre má tá Liúntas Míchumais á fháil agat.

Tacaíocht eile fostaíochta

Má tá míchumas ort agus más mian leat do ghnólacht féin a thosú, féadfaidh tú a bheith incháilithe le haghaidh an Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair. Spreagann an scéim seo daoine dífhostaithe, tuismitheoirí aonair agus daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall dul i mbun féinfhostaíochta.

Daoine faoi mhíchumas agus an obair

Má thagann míchumas ort

Má tá post agat agus má thagann míchumas ort (mar shampla, de bharr timpiste nó breoiteachta) b’fhéidir gur mhaith leat filleadh ar an obair am éigin. Sa chás seo, tá sé tábhachtach suí síos le d’fhostóir agus do roghanna a phlé.

Ag brath ar do mhíchumas agus ar an gcineál poist atá agat, d’fhéadfadh go mbeadh sé éasca duit filleadh ar an obair. D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon tionchar ag do mhíchumas ar an gcineál poist atá agat ná ar do chumas é a dhéanamh.

D’fhéadfadh go mbeadh ort d’ionad oibre a oiriúnú, áfach, nó d’fhéadfadh go mbeadh trealamh speisialta ag teastáil uait chun cabhrú leat do phost a dhéanamh. Má chuireann do mhíchumas cosc ort filleadh ar an bpost a bhí agat, tá roghanna ar fáil – féach 'Obair a lorg' thuas.

Má thagann athrú ar do mhíchumas nó má theastaíonn tuilleadh tacaíochta uait

Má tá athrú tagtha ar do mhíchumas nó má tá sé ag éirí níos measa de réir a chéile, ba chóir duit suí síos le d’fhostóir agus do roghanna agus riachtanais a phlé. I measc cuid de na saincheisteanna a d’fhéadfá a phlé, tá na pointí seo a leanas:

  • Más gá do phost reatha a oiriúnú tuilleadh
  • Má tá gá le hathruithe a dhéanamh san ionad oibre
  • Cibé an bhfuil gá le do chúinsí oibre agus do chleachtais oibre a athrú

Roghanna ag an obair

Má éiríonn do mhíchumas níos measa, is minic go mbíonn bealaí ann inar féidir le d’fhostóir cabhrú leis seo. Ní chiallaíonn sé i gcónaí go mbeidh ort éirí as do phost.

Tá dualgas ar fhostóirí socruithe réasúnta a dhéanamh do bhaill foirne faoi mhíchumas. Go minic, is féidir leanúint ar aghaidh ag obair in ionad oibre oiriúnaithe, nó má tá an trealamh iomchuí agat agus má dhéantar athruithe ar do chleachtas oibre agus coinníollacha fostaíochta.

Seo roinnt roghanna atá ann duit féin agus do d’fhostóir:

Ath-imlonnú i bpáirt

Ciallaíonn sé seo go leanfaidh tú de chuid den phost a bhí agat cheana féin a dhéanamh (ar bhonn páirtaimseartha nó trí thascanna nua a chur san áireamh). Is féidir leat tascanna áirithe a fhágáil ar lár agus tascanna eile atá á ndéanamh ag do chomhghleacaithe faoi láthair a ghlacadh.

Ath-imlonnú

Mura bhfuil tú in ann do phost roimhe seo a dhéanamh, ach go bhféadfá ról eile a dhéanamh san eagraíocht, féadfaidh tú féin agus d’fhostóir breithniú a dhéanamh ar athoiliúint agus ar ath-imlonnú mar réiteach.

Socruithe oibre solúbtha

Má tá tú faoi mhíchumas, má tá tú in ann oibriú go páirtaimseartha, oibriú ar fhleisc-am, nó postroinnt nó oibriú ón mbaile a dhéanamh, seans gur gné chinniúna é faoi cibé an féidir leat filleadh ar do phost.

An láthair oibre a oiriúnú agus teicneolaíocht chúnta

Ligfeadh ionad oibre inrochtana agus teicneolaíocht chúnta duit do phost a dhéanamh gan deacracht. Cuireann an Deontas Oiriúnaithe Trealaimh/Ionaid Oibre maoiniú ar fáil le haghaidh chostais na modhnuithe nó an trealaimh speisialta, rud a ligeann duit glacadh le tairiscint fostaíochta nó fanacht i bhfostaíocht.

Deontas do Léitheoir Pearsanta

Má tá tú dall nó faoi lagamharc agus má tá cabhair uait le léitheoireacht a bhaineann le post, d’fhéadfá a bheith i dteideal deontais do léitheoir pearsanta.

Tacaíochtaí d'fhostóirí

Tá roinnt scéimeanna tacaíochta ar fáil duit má bhuaileann míchumas ball foirne, nó má fhostaíonn tú ball foirne nua atá faoi mhíchumas. Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí a chuireann na tacaíochtaí fostaíochta seo ar fáil.

  • Is féidir leis an Scéim Oiriúnaithe Trealaimh/Ionaid Oibre cabhrú leat ó thaobh airgid de más gá duit athruithe a dhéanamh ar d’ionad oibre nó más gá duit trealamh nua a cheannach chun tacú le ball foirne atá faoi mhíchumas.
  • Tá an Scéim Deontais um Fhostaí a Choinneáil ann chun cabhrú leat fostaí a choinneáil a bhfuil tinneas, riocht nó lagú tar éis teacht air/uirthi a chuireann isteach ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh.
  • Tá an Scéim Oiliúna um Fheasacht ar Mhíchumas ar fáil do gach cuideachta san earnáil phríobháideach. Is féidir le hoiliúint feasachta ar mhíchumas cabhrú le d’fhoireann an tseirbhís is fearr a sholáthar do chustaiméirí nó do chliaint faoi mhíchumas agus dea-chaidreamh oibre a choinneáil le comhghleacaithe faoi mhíchumas.
  • Soláthraíonn an Scéim Fóirdheontas Pá dreasachtaí airgeadais ar fáil d’fhostóirí, lasmuigh den earnáil phoiblí, chun daoine áirithe faoi mhíchumas a oibríonn idir 21 agus 39 uair sa tseachtain a fhostú.

Do chearta fostaíochta

Más duine faoi mhíchumas tú, tá na cearta fostaíochta céanna agatsa agus atá ag fostaithe eile. Tá tú cosanta freisin faoi roinnt coinníollacha éagsúla. Tá sé úsáideach a bheith feasach orthu seo cibé an bhfuil post agat nó an bhfuil post á lorg agat.

Seo cuid acu siúd:

Reachtaíocht comhionannais

Tá sé mídhleathach idirdhealú a dhéanamh i gcoinne duine atá fostaithe, bunaithe ar mhíchumas. Áirítear leis seo oiliúint agus earcaíocht.

Mar sin féin, níl aon oibleagáid ar fhostóir duine a earcú nó a choinneáil nach bhfuil lánchumasach ar a bpost a dhéanamh.

Tá sé seo leagtha amach sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015.

Má tá deacracht mheabhairshláinte agat, tá 2 leabhrán ann a d’fhéadfadh cabhrú leat tuiscint níos fearr a fháil ar na dlíthe:

Equality and mental health: how the law can help you.Freastal réasúnta

Ceanglaítear ar fhostóirí bearta réasúnta a ghlacadh chun freastal ar riachtanais fostaithe faoi mhíchumas atá ag obair leo, anois agus amach anseo.

Is éard atá i bhfreastal réasúnta ná nuair a dhéanann fostóir athrú ar struchtúr an phoist nó ar an ionad oibre chun ligean don fhostaí atá faoi mhíchumas a p(h)ost a chomhlíonadh go hiomlán agus tairbhe a bhaint as comhdheiseanna fostaíochta. Is féidir léamh faoi fhreastal réasúnta ar an suíomh gréasáin ‘Employers for Change’.

Is díol suntais é, áfach, faoi reachtaíocht an AE, nach bhfuil aon oibleagáid ar fhostóirí cóireáil nó saoráidí speisialta a chur ar fáil má tá an costas iomarcach nó díréireach é sin a dhéanamh.

Sláinte agus sábháilteacht

Caithfidh fostóirí sábháilteacht, sláinte agus leas gach fostaí ina n-ionad oibre a chinntiú. Ní mór d’fhostóirí socruithe a dhéanamh d’fhostaithe faoi mhíchumas. I measc na gcoigeartuithe sonracha a d’fhéadfadh a bheith ag fostóirí tá:

  • Doirse
  • Pasáistí
  • Staighre
  • Cithfholcadáin
  • Báisíní níocháin
  • Leithris
  • Stáisiúin oibre

Tá sé seo leagtha amach faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005.

Cuóta na seirbhíse poiblí

Tá oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí breithniú a dhéanamh ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus freagairt a dhéanamh ar na riachtanais sin. Tá 3% de phoist i gcomhlachtaí seirbhíse poiblí (údaráis áitiúla, státseirbhís, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) curtha in áirithe do dhaoine faoi mhíchumas.

Tá sé seo leagtha amach san Acht um Míchumas 2005.

Gearán a dhéanamh faoi idirdhealú ag an obair

Má cheapann tú go ndearnadh leithcheal ort ag an obair, in oiliúint ghairmiúil nó rochtain ar fhostaíocht mar gheall ar do mhíchumas, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ar an bhfoirm ghearáin ar líne.

Is féidir treoir saor in aisce maidir le cás comhionannais fostaíochta a ghlacadh a léamh nó a íoslódáil ó shuíomh gréasáin ‘Dlí an Chomhphobail agus Idirghabháil’. Cuireann Dlí an Chomhphobail agus Idirghabháil seirbhísí faisnéise dlí, comhairle agus idirghabhála saor in aisce ar fáil freisin.

Tuilleadh eolais

faisnéis d’fhostaithe agus faisnéis d’fhostóirí, lena n-áirítear faisnéis maidir le freastal réasúnta san ionad oibre agus scéim socrúcháin oibre íoctha 6 mhí do chéimithe faoi mhíchumas ar fáil ar shuíomh gréasáin AHEAD (Cumann Ardoideachais Rochtain agus Míchumas).

Tá go leor eolais le fáil ar an suíomh gréasáin Employers for Change maidir leis na hábhair seo a leanas:

  • Míchumas a thuiscint
  • Earcaíocht chuimsitheach
  • Míchumas a bhainistiú san ionad oibre
  • Freastal réasúnta
  • Sláinte agus sábháilteacht

Is féidir teagmháil a dhéanamh freisin le Employers for Change chun comhairle a fháil trí ríomhphost, ar an teileafón agus trí théacs.

Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta tar éis treoir maidir le cleachtais chuimsitheacha sláinte agus sábháilteachta d'fhostaithe faoi mhíchumas (pdf) a fhoilsiú.

Is leabhrán é ‘Just Ask - Lámhleabhar d’Fhostóirí agus d’Fhostaithe’ (pdf) a dhéanann cur síos ar na tacaíochtaí is féidir a chur ar fáil d’fhostaithe a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu. Tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin Eastern Vocational Enterprises (E.V.E.).

Má tá deacracht mheabhairshláinte agat, tá 2 leabhrán ann:

  1. Equality and mental health: what the law means for your workplace
  2. Equality and mental health: how the law can help you.

Cuireann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas eolas ar fáil faoi chomhionannas i gcúrsaí oibre agus faoi cheisteanna idirdhealaithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2023