Ógtheagmháil (Youthreach)

Réamhra

Má d'fhág tú an scoil gan aon chailíochtaí foirmiúla, tá deiseanna ar fáil ó chlár Ógtheagmhála bunoideachas, forbairt phearsanta, oiliúint ghairmoideachais agus taithí oibre a fháil.

Clár lán-aimseartha atá ann den chuid is mó, ach is féidir cúrsaí páirtaimseartha a shocrú. Is féidir béim a leagan ar do rogha príomhábhar oiliúna ach beidh bunábhair, ar nós an Bhéarla, na matamaitice agus scileanna saoil, clúdaithe go ginearálta ag gach oiliúnóir.

Tá deis feabhas a chur ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta ar fáil ag na hionaid Ógtheagmhála ar fad.

Conas a oibríonn Ógtheagmháil

Is gnách go maireann an cúrsa idir 1 agus 2 bhliain ach is féidir leis a bheith solúbtha, ag brath ar do riachtanais aonair. Má éiríonn leat an bhunoiliúint a chríochnú, bronnfar Bonnteastas (ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)Teastas Sóisearach ort). Má tá Bonnchlár críochnaithe agat, is féidir leat dul ar aghaidh agus tabhairt faoi Chlár Fochéimnithe. Tabharfaidh sé seo an deis duit dul ar aghaidh agus tabhairt faoin Ardteistiméireacht Fheidhmeach nó faoi ardchúrsa QQI nó is féidir leat roghnú dul ar aghaidh agus oiliúint i scileanna eile a dhéanamh, mar shampla, is féidir leat cúrsa printíseachta a dhéanamh.

Bíonn na cúrsaí á reáchtáil in ionaid Ógtheagmhála atá á mbainistiú ag Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) agus in Ionaid Oiliúna Pobail. Go ginearálta, bíonn ionaid Ógtheagmhála oscailte ar feadh 35 uair a chloig sa tseachtain (9am-4.30pm ó Luan go hAoine).

Má cháilíonn tú d’Ógtheagmháil, d’fhéadfá bheith i dteideal bheith páirteach sa Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas.

Boird Oideachais agus Oiliúna

Ón 1 Iúil 2013, tháinig Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) in ionad Coistí Gairmoideachais (VECanna). Leanfaidh na BOOanna leis an uile sheirbhís a sholáthraíonn VECanna a chur ar fáil. Aistreofar Ionaid Oiliúna Pobail go dtí BOOanna ar bhonn céimnithe ar aon dul le bunú SOLAS.

Cé atá i dteideal Ógtheagmhála?

Braitheann na critéir nach mór duit a chomhlíonadh chun an clár Ógtheagmhála a rochtain ar cibé acu an ndéanann tú iarratas ag ionad Ógtheagmhála atá á bhainistiú ag Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) nó ag Ionad Oiliúna Pobail.

Clár Ógtheagmhála BOO

Le bheith i dteideal bheith páirteach in Ógtheagmháil a sholáthraíonn do BOO áitiúil, ba cheart duit bheith idir 15 agus 20 bliain d’aois. Ní mór duit bheith dífhostaithe agus bheith mar luathfhágóir scoile, agus ní mór nár cuireadh aon oiliúint gairmoideachais ort agus nár thug tú faoin Ardteistiméireacht. Féadtar eisceachtaí áirithe a dhéanamh i leith na rialach seo, mar shampla, más tuismitheoir aonair thú.

Clár Ógtheagmhála Ionad Oiliúna Pobail

Le bheith i dteideal bheith páirteach in Ógtheagmháil a sholáthraíonn d’Ionad Oiliúna Pobail áitiúil, ba cheart duit bheith idir 16 agus 21 bliain d’aois. Féadfaidh daoine óga faoi 25 bliain d’aois atá faoi mhíbhuntáiste agus atá dífhostaithe freastal ar an gclár, áfach, tar éis go ndéanann SOLAS comhaontú air seo.

Braitheann an oiliúint a bhíonn ar fáil ó ionad go hionad, agus braitheann sé ar na háiseanna atá ar fáil go minic. Más spéis leat gairm ar leith, ba cheart duit ionad a aimsiú ina gcuirtear ar fáil cúrsa oiriúnach, seachas iarratas a dhéanamh láithreach bonn ar an ionad is giorra duit.

Íocaíocht Cuaradaitheora Poist

Is féidir le rannpháirtithe ag fágáil Youthreach cur isteach ar an íocaíocht cuardaitheora poist. Ní bhaineann an riail dhícháilithe trí mhí le rannpháirtithe Youthreach.

Rátaí Ógtheagmhála

Tá an cúrsa saor in aisce agus tugtar liúntas seachtainiúil d’oiliúnaithe atá os cionn 16 bliana d’aois. Gheobhaidh tú liúntas taistil má tá ort breis agus 4.9km a thaisteal chuig an ionad. Anuas air sin, d’fhéadfá cáiliú freisin do chúram leanaí agus do liúntas béilí – ba cheart duit seiceáil leis an ionad.

Is iad seo a leanas liúntais sheachtainiúla January 2022:

Oiliúnaí/oiliúnaithe Íocaíocht Uasta sa tseachtain
16 bliana d’aois €45 (iontrálaithe nua)
17 mbliana d’aois €45 (iontrálaithe nua)
18 mbliana d’aois agus níos sine €220 (roinnt eisceachtaí i gceist)

Má bhí Liúntas Cuardaitheora Poist laghdaithe aoischoibhneasa (LCP) á fháil agat sular thosaigh tú le hÓgtheagmháil, asbhainfear aon mhaoin a asbhaineadh ó do LCP ó do liúntas oiliúna chomh maith. Baineann seo le daoine a bhfuil Liúntas Leasa Fhorlíontaigh bunúsach aoischoibhneasa (LLF) á fháil acu.

Má tá tú os cionn 18 mbliana d’aois agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh breis agus €220 á fáil agat, leanfaidh tú leis an tsuim níos airde a fháil fad a bhíonn tú páirteach in Ógtheagmháil a fhad a bhíonn tú i dteideal.

Is féidir leat obair pháirtaimseartha a dhéanamh agus tú ar Youthreach gan dochar a dhéanamh do do liúntas oiliúna.

Conas iarratas a dhéanamh don Ógtheagmháil

Bíonn cúrsaí Ógtheagmhála ar siúl i rith na bliana go léir, agus is féidir leat clárú le haghaidh cúrsa ag aon tráth ar bith.

Déan teagmháil le d’ionad áitiúil Ógtheagmhála nó le d’Ionad Oiliúna Pobail agus labhair leis an bhfoireann faoi do chuid riachtanais oiliúna agus faoi na hábhair is díol spéise duit. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le d’oifig áitiúil seirbhísí fostaíochta nó le BOO. Tá fáil ar chomhaltaí foirne ag na hionaid seo chun cabhrú leat le foirmeacha iarratais, más gá. Is féidir leat sonraí teagmhála a fháil le haghaidh do sheirbhís áitiúil Ógtheagmhála.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Eanáir 2023