Cúrsaí oiliúna Breisoideachais agus Oiliúna (BOO)

Réamhrá

Soláthraítear cúrsaí oiliúna Breisoideachais agus Oiliúna (BOO) in Ionaid Oiliúna Breisoideachais agus Oiliúna (BOO). Má tá tú dífhostaithe nó iomarcach agus más mian leat do scileanna a nuashonrú nó do ghairm a athrú, tá raon leathan cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ar fáil chun cabhrú leat.

Tá tú incháilithe chun páirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna BOO má tá tú dífhostaithe, má rinneadh iomarcach thú nó mura bhfuil tú in oideachas lánaimseartha a thuilleadh. Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh a bhaineann le míchumas nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, d'fhéadfá a bheith i dteideal tabhairt faoi chúrsa freisin.

Cineálacha cúrsaí FET

Tá cúrsaí oiliúna ar fáil faoi 2 shaghas éagsúla d’oiliúint.

Cuireann an Clár Cúrsaí Oiliúna oiliúint agus taithí ábhartha oibre ar fáil. Má tá tú dífhostaithe agus má tá deis á cuardach agat chun oiliúint, taithí agus cáilíocht fhoirmiúil a bhaint amach i limistéar áirithe oibre, d’fhéadfadh go n-oirfeadh an Clár Oiliúna do chuid riachtanas. Tá cúrsaí oiliúna lánaimseartha. Braithfidh fad an chláir ar an limistéar ina roghnaíonn tú tabhairt faoi oiliúint. Nuair a bheidh d’oiliúint tosaigh críochnaithe, beidh tú ag tabhairt faoi oiliúint san ionad agus faoi thaithí oibre in ionad oibre an fhostóra, agus déanann seo breis forbartha ar do chuid scileanna agus cabhraíonn sé leat taithí phraiticiúil a fháil chomh maith. Nuair a chríochnaíonn tú do chúrsa, bronnfar dámhachtain de chuid Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) ort ar leibhéal Teastais nó Ard-Teastais.

Tharlódh go n-athrófaí an réimse cúrsaí oiliúna atá ar fáil, mar sin, teastaíonn uait teagmháil a choimeád le d’oifig áitiúil seirbhísí fostaíochta chun teacht ar fhaisnéis atá cothrom le dáta.

Ceadaíonn Oiliúint Scileanna Sonracha do dhaoine a chaill a bpost nó a bhfuil a bpost á athrú acu scileanna nua poist a fhoghlaim. Tá cúrsaí lae gearrthréimhseach agus fadtréimhseach, cúrsaí ar líne, foghlaim chumaisc agus cúrsaí tráthnóna ar fáil. Bíonn na cúrsaí atá ar fáil éagsúil óna chéile ó ionad go hionad agus ó bhliain go bliain agus sonraítear iontu leibhéil éagsúla deimhnithe. Cuirtear na cúrsaí ar siúl i rith an lae agus sa tráthnóna. Tugtar tús áite ar chúrsaí lae do dhaoine dífhostaithe. Ní ghearrtar aon táille ar chúrsa lae i gcás daoine dífhostaithe, fiú mura bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat. Gearrtar táille ar chúrsa tráthnóna, mura bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat.

Rataí

Liúntais Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET)

Féadfar liúntas oiliúna FET a íoc má ghlacann tú páirt sa Chlár Oiliúna nó in Oiliúint Sainscileanna.

Seachas cúrsaí tráthnóna, tá gach cúrsa oiliúna BOO saor in aisce agus b’fhéidir go n-íocfar liúntas oiliúna BOO leat d’fhad do chúrsa. Sa mhullach air sin, is féidir leat liúntas cóiríochta a éileamh má tá ort cónaí amach ón mbaile d’fhad an chúrsa nó liúntas taistil a éileamh má chónaíonn tú 5km nó níos faide ó ionad an chúrsa. Sa bhreis air sin, d’fhéadfá cáiliú do chúram leanaí saor in aisce.

Is féidir tuilleadh faisnéise a léamh inár gcáipéis maidir le liúntais oiliúna FET.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar chúrsa oiliúna BOO, ba cheart duit clárú le d’oifig áitiúil seirbhísí fostaíochta nó d’ionad Intreo. Cuirfear agallamh ort chun an cúrsa a shainaithint is fearr a oirfidh do do chuid riachtanas. Mar gheall ar an mbrú atá ar roinnt cúrsaí, b’fhéidir nach bhfaighidh tú áit láithreach bonn ar do rogha cúrsa. Chun teacht ar bhreis faisnéise faoi chúrsaí oiliúna atá ar fáil, déan teagmháil le d’Ionad Oiliúna BOO.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi chúrsaí breisoideachais agus oiliúna ar fetchcourses.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Eanáir 2022