Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas tríú leibhéil > Coláistí agus Cáilíochtaí > Cáilíochtaí ardoideachais agus oideachais leanúnaigh

Print Page Send to a Friend

Cáilíochtaí ardoideachais agus oideachais leanúnaigh

Eolas

Faoi láthair tá réimse eagraíochtaí atá údaraithe le cáilíochtaí in oideachas leanúnach nó ardoideachas a bhronnadh nó aitheantas a thabhairt do na cáilíochtaí sin. Oideachas agus traenáil idir an leibhéal iarbhunoideachais agus ardoideachas é an t-oideachas agus traenáil leanúnach. Na hollscoileanna, na coláistí teicneolaíochta nó eagraíochtaí den chineál sin a chuireann ardoideachas agus traenáil ar fáil don chuid is mó.

An córas faoi láthair

  • Ollscoileanna: Bronnann na hollscoileanna ar fad atá ann faoi láthair agus a fhaigheann maoiniú Stáit a gcuid céimeanna agus cáilíochtaí féin.
  • Na hInstitiúidí Teicneolaíochta: Bronnann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a cuid cáilíochtaí féin freisin. Bronnann na hinstitiúidí teicneolaíochta eile céimeanna, dioplómaí agus teastais a bhfuil aitheantas acu ón An gComhairle na Dámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (CDAO) nó ón gComhairle na nDámhactainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO)
  • Coláistí eile: is iondúil go mbronnann na coláistí eile a fhaigheann maoiniú stáit cáilíochtaí a bhfuil aitheantas acu ó CDAO nó CDBO
  • Coláistí Príobháideacha: Bronnann na coláistí príobháideacha cáilíochtaí a bhfuil aitheantas ag cuid acu ó ollscoileanna thar lear agus cuid eile ó CDAO nó CDBO. Níl aon aitheantas ag cuid dá gcáilíochtaí ó aon eagraíocht seachtrach.

Bunaíodh trí údarás sa bhliain 2001faoin Acht um Cháilíochtaí (Oideachas agus Traenáil), 1999. Sin iad:

  • Údarás Náisiúnta um Cháilíochtaí na hÉireann (ÚNCÉ)
  • Comhairle na nDámhactainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO) agus
  • Comhairle na Dámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (CDAO)

Beartaíonn an Bille um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint) 2011 (pdf) an trí údarás a dhíscaoileadh agus comhlacht nua - Údarás na hÉireann um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta a chur ar bun. Chomh maith leis seo, bunófar cód cleachtais i leith soláthar seirbhísí oideachais do mhic léinn idirnáisiúnta.

Léigh a thuilleadh faoin Bhille nua.

Údarás Náisiúnta um Cháilíochtaí na hÉireann

Seo a leanas príomhaidhmeanna ÚNCÉ:

  • Bunú agus cothú córais ar mhaithe le forbairt, aitheantas agus bronnadh cáilíochtaí bunaithe ar chaighdeáin eolais, ar scil nó inniúlacht a bheidh le baint amach ag na foghlaimeoirí, is cuma cén áit a bhaineann siad amach iad
  • Bunú, cur chun cinn agus cothú caighdeáin na gcáilíochtaí a bhronnann na comhairlí cáilíochta
  • Cur chun cinn agus éascaíocht a dhéanamh ar theacht ar chúrsaí, aistriú idir chúrsaí agus dul ar aghaidh chuig cúrsaí eile.

Tá Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (ÚNCÉ) freagrach, i measc nithe eile, as an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a bhunú agus a chothabháil, as nósanna imeachta do na comhairlí a bhunú agus as cinneadh a dhéanamh maidir le nósanna imeachta a bheidh le cur i ngníomh ag na soláthraithe oideachais i ndáil le rochtain, le haistriú agus le réimniú. Áiríonn an seirbhís Aithint Cáilíochtaí ag an ÚNCÉ an cáilíochtaí idirnáisiúnta a aithint agus an Bunachar Sonraí Cáilíochtaí Idirnáisiúnta.

Na Comhairlí Cáilíochtaí

Tá an dá údarás cáilíochtaí - Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO) agus Comhairle na Dámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (CDAO) - freagrach le aitheantas ar fáil don oideachas agus traenáil ar fad sa Stát taobh amuigh den bhunoideachas agus iarbhunoideachas, oideachas sna hOllscoileanna agus in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Feidhmíonn an dá chomhairle cáilíochtaí faoi choimirce ÚNCÉ. Seo a leanas príomhfheidhmeanna na gcomhairlí

  • Polasaithe agus critéir maidir le bronnadh cáilíochtaí a bhunú agus
  • Aitheantas a thabhairt do chláracha ardoideachais agus traenála agus
  • Caighdeáin eolais, scileanna nó inniúlacht nach mór don fhoghlaimeoir a bhaint amach sular féidir cáilíocht a bhronnadh air/uirthi.

Cuireann siad aitheantas ar fáil do sholáthraithe clár san oideachas agus traenáil leanúnach agus san ardoideachas faoi réir ag coinníollacha áirid. Ceann de na coinníollacha seo, nuair atá aitheantas faighte ag clár, ní mór don soláthraí an córas atá leagtha síos ag an údarás cáilíochtaí a chur i bhfeidhm maidir le teacht ar chúrsaí, aistriú idir chúrsaí agus dul chun cinn chuig cúrsaí eile. Beidh córas curtha i bhfeidhm freisin le caighdeáin na gclár a chinntiú. Is féidir aitheantas a thabhairt do chláracha neamhtraidisiúnta má shásaíonn siad na caighdeáin chuí.

Is féidir faoin Acht um Cháilíochtaí (Oideachas agus Traenáil), 1999 údarás bronnta na gcáilíochtaí ardoideachais agus traenála a thógáil ó Chomhairle na gCáilíochtaí agus é a thabhairt do na hInstitiúid Teicneolaíochta.

Tá an solúbthacht chéanna le fáil taobh istigh de Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO). Is féidir an t-udarás seo a thabhairt do FÁS, CERT nó Teagasc i dtaobh cáilíochtaí oideachais leanúnaigh agus traenála má lorgaíonn siad an t-údarás sin.

Foghlaimeoirí

Níl aon idirdhealú faoin Acht um Cháilíochtaí (Oideachas agus Traenáil), 1999 idir oideachas agus traenáil ná idir mic léinn lánaimseartha agus iad siúd atá fostaithe agus ag fáil traenála. "Foghlaimeoirí" a thugann an tAcht ar na mic léinn ar fad agus ar oibrithe atá ag glacadh páirte san oideachas agus traenáil nó go dteastaíonn uathu páirt a ghlacadh san oideachas agus traenáil.

Aistriú agus dul chun cinn

Ní mór do sholáthraithe uilig oideachais agus traenála foghlaimeoirí a chur ar an eolas maidir le haistriú agus dul chun cinn chuig na cúrsaí atá ar fáil dóibh má chláraíonn siad ar chúrsa faoi leith. Déanfar na bealaí aistrithe agus dul chun cinn iad féin a shruthchúrsáil agus a chomhordú sa chaoi go mbeidh sé níos éasca ag foghlaimeoirí leas a bhaint as na leibhéil eagsúla cáilíochtaí.

Aitheantas don fhoghlaim aonair

Is féidir le foghlaimeoirí aonair freisin dul chuig na comhairlí cáilíochtaí go díreach le teistiméireacht nó aitheantas a lorg don eolas, scileanna nó inniúlacht atá acu. Beidh sé suas ag na comhairlí cáilíochtaí iad féin cinneadh a dhéanamh cén chaoi a ndéanfar measúnacht ar an bhfoghlaim agus ar an taithí atá ag duine cheana agus d'fhéadfadh sé go mbeadh cúnamh agus comhairle dhá lorg acu ó sholáthraithe oideachais agus traenála leis an mheasúnacht sin a dhéanamh.

Cosaint d'fhoghlaimeoirí

Tá soláthar faoi leith ann le foghlaimeoirí a chosaint nuair atá soláthraí ag cur cúrsaí oideachais agus traenála ar fáil ar bhonn tráchtála agus le brabús a dhéanamh. Ní bheidh aitheantas ó na comhairlí cáilíochtaí ag na cúrsaí sin muna bhfuil soláthar ann le cinntiú gur féidir leis an solráthraí áit eile a chur ar fáil in institiúid eile, nó go bhfuil cúlchiste ann nó árachas cuí aige.

Cá hait a ndéanfaidh mé iarratas?

Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann

5ú Urlár, Teach Jervis
Sráíd Jervis
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 (0)1 887 1500
Facs:+353 (0)1 887 1595
Láithreán Gréasáin: http://www.nqai.ie/
R-phost: info@nqai.ie

Comhairle na nDámhactainí Breisoideachais agus Oiliúna

Plás Phointe an Oirthir
Lárionad Gnó Phointe an Oirthir
Baile Átha Cliath 3

Teil:+353 (0)1 8659500
Facs:+353 (0)1 8650067
Láithreán Gréasáin: http://www.fetac.ie
R-phost: information@fetac.ie

An Comhairle na Dámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna

26-27 Lána Denzille
ZZZ
Ireland

Teil:+353 (0)1 6314567
Facs:+353 (0)1 6314577
Láithreán Gréasáin: http://www.hetac.ie
R-phost: info@hetac.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 November 2011

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.