Scéim iontrála DARE do mhic léinn míchumasacha

Cad é DARE?

Tacaíonn an Bealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE) le mic léinn faoi mhíchumas freastal ar an gcoláiste.

Tá roinnt córais tacaíochta ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas atá ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal. Soláthraíonn mórán coláistí tríú leibhéal seirbhísí míchumais nó rochtana atá freagrach as tacaíocht agus comhairle a thabhairt do mhic léinn faoi mhíchumas.

Cuireann an Cumann um Rochtain ar Ardoideachas agus Míchumas (AHEAD) eolas ar fáil faoi sheirbhísí do mhic léinn. Cuireann sé eolas ar fáil freisin faoi theacht ar an gcoláiste.

DARE 2023/2024

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar an Lár-Oifig Iontrála (an CAO) faoin 1 Feabhra 2023. Caithfidh tú d’iarratas líonta ar DARE a sheoladh faoin 1 Márta 2023. Caithfidh tú do cháipéisí tacaíochta go léir a sheoladh faoin 15 Márta 2023.

An coláiste a chur ar an eolas faoi do mhíchumas

Má tá tú faoi mhíchumas, má tá deacracht foghlama shonrach agat nó má tá breoiteacht mhór leanúnach ort, is féidir leat an institiúid tríú leibhéal a chur ar an eolas faoi - i rith an phróisis iarratais nó ag aon tráth le linn do chúrsa - ionas gur féidir leo, i gcomhairle leat féin, aon riachtanais faoi leith tacaíochta a d’fhéadfadh bheith agat sa choláiste a mheas. Má roghnaíonn tú an t-eolas seo a thabhairt le linn an phróisis iarratais (cé nach bhfuil dualgas ort é sin a dhéanamh), ba chóir duit tic a chur sa bhosca cuí ar an bhfoirm iarratais a sheolfaidh tú chuig an Lár-Oifig Iontrála (an CAO). Ní dhéanfaidh an t-eolas seo a thabhairt ar an bhfoirm dochair do d'iarratas ar bhealach ar bith. I bhfírinne, is trí thic a chur sa bhosca seo a chuirtear an rogha ar fáil duit chun tabhairt faoin mBealach Rochtana Míchumais ar Oideachas - féach thíos.

Conas a oibríonn scéim DARE

Tá mar chuspóir ag an mBealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE) feabhas a chur ar theacht ar an gcoláiste i measc fágálaithe scoile faoi mhíchumas nó a bhfuil deacracht foghlama faoi leith acu trí roinnt áiteanna tríú leibhéal a leithdháileadh orthu ar bhonn pointí laghdaithe.

Conas cáiliú do DARE

Má d’imir do mhíchumas tionchar diúltach ar d’oideachas dara leibhéal, b’fhéidir go gcáileoidh tú do DARE. Chun go ndéanfar breithniú ort do DARE, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Ní mór duit a bheith faoi bhun 23 bliain d'aois an 1 Eanáir sa bhliain ina dtosaítear an cúrsa
  • Caithfidh tú eolas a sholáthar faoi do mhíchumas
  • Caithfidh tú eolas a sholáthar faoi conas a rinne do mhíchumas difear do d’oideachas

Is féidir leat níos mó a léamh in ‘Conas iarratas a dhéanamh ar DARE’ thíos.

Nuair a ghlactar leis go bhfuil tú incháilithe do DARE, téann tú san iomaíocht ansin do na háiteanna atá ar fáil ar bhonn pointí laghdaithe bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta.

Ciallaíonn áit le ‘pointí laghdaithe’ go bhféadfá áit a fháil ar chúrsa tríú leibhéal gan na pointí iomlána don CAO a bhaint amach. Mar shampla, má tá tú incháilithe do DARE agus má bhaineann tú 350 pointe amach san Ardteistiméireacht, d’fhéadfaí áit ar chúrsa óna dteastaíonn 360 pointe a thairiscint duit trí nós imeachta caighdeánach an CAO. Mar sin féin, caithfear riachtanais mháithreánacha an choláiste agus aon riachtanais iontrála ar leith an chúrsa a shásamh.

Chuir gach ceann de na coláistí tríú leibhéal a bhfuil páirt á glacadh sa scéim acu roinnt áiteanna ar chúrsaí ar leataobh d’fhágálaithe scoile atá incháilithe páirt a ghlacadh in DARE. Is féidir leat teacht ar shonraí faoi na háiteanna atá ar fáil trí DARE ar láithreáin ghréasáin na gcoláistí rannpháirteacha tríú leibhéal.

Tacaíochtaí breise

Cibé acu má chuireann tú isteach ar an gcoláiste trí DARE nó trí ghnáthnós imeachta an CAO, tá raon tacaíochtaí ar fáil do mhic léinn atá faoi mhíchumas fad a fhreastalaíonn siad ar an gcoláiste.

Is éagsúil na tacaíochtaí a bhíonn ar fáil ó choláiste go coláiste, ach d’fhéadfaí na rudaí seo a leanas a áireamh leo:

  • Clár ionduchtaithe
  • scileanna staidéir agus teagasc breise, más gá
  • Teacht ar theicneolaíocht chúnta agus ar oiliúint
  • Meantóireacht.

Conas iarratas a dhéanamh arDARE

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar áit i gcoláiste faoi scéim DARE, ba cheart duit iarratas a dhéanamh tríd an Lár-Oifig Iontrála (an CAO). Nuair a bhíonn foirm an CAO á líonadh ar líne agat, caithfidh tú an chuid den fhoirm a líonadh lena thabhairt le fios go bhfuil tú faoi mhíchumas nó go bhfuil deacracht foghlama faoi leith agat.

Tabharfar ansin thú chuig an bhFoirm Eolais Bhreise ar leith.

Is féidir leat leagan páipéir den fhoirm a iarraidh ón CAO.

Tá 3 mhír ag an bhFoirm Eolais Bhreise:

  • Iarrtar i Mír A ar eolas ar do mhíchumas agus más mian leat go ndéanfar breithniú ort chun páirt a ghlacadh in DARE.
  • Ráiteas Tionchair Oideachais atá i Mír B, atá le líonadh ag do scoil. Tugtar eolas ann faoi do thaithí oideachais agus cabhraíonn sé leis an gcinneadh a dhéanamh maidir leis na tacaíochtaí tríú-leibhéal a theastaíonn uait.
  • Fianaise Míchumais atá i Mír C, atá le líonadh ag an sainchomhairleoir nó an speisialtóir leighis inghlactha i dtaobh an mhíchumais ar leith atá ort. Cuirtear fíorú ar fáil ann seo ar do mhíchumas agus cabhraíonn sé leis an gcinneadh a dhéanamh maidir leis na tacaíochtaí tríú leibhéal a theastaíonn uait. Ní féidir ach Míreanna B agus C a sheoladh chuig an CAO i bhfoirm pháipéir. Molann an CAO do na mic léinn go léir deimhniú a fháil nuair a sheolann siad cáipéisí sa phost.

Tacaíochtaí do mhic léinn faoi mhíchumas

Má chuir tú in iúl ar d’fhoirm CAO go bhfuil tú faoi mhíchumas nó go bhfuil deacracht foghlama ar leith agat, cuirfear Seirbhís Mhíchumais an choláiste ar an eolas a luaithe a ghlacann tú le háit, agus déanfaidh siad teagmháil leat leis na tacaíochtaí ar féidir leo a sholáthar a dheimhniú.

Fiú murar chuir tú tic sa bhosca seo ar an bhfoirm CAO, is féidir leat teacht a fháil go fóill ar na tacaíochtaí atá ar fáil trí theagmháil a dhéanamh le Seirbhís Mhíchumais an choláiste ag tráth ar bith le linn do chuid ama sa choláiste.

Príomhdhátaí d’iarratais 2023 trí úsáid a bhaint as DARE

An 4 Samhain 2022 - osclaítear an áis iarratais ar líne d’iarratais CAO don bhliain 2023.

An 1 Feabhra 2023 - caithfidh do phríomhiarratas an CAO a bhaint amach faoi 5 p.m. Ní ghlactar le hiarratais dhéanacha CAO ar DARE.

An 1 Márta 2023 - caithfidh na rudaí seo a leanas an CAO a bhaint amach faoi 5 p.m.

  • A chur in iúl gur mian leat go ndéanfar breithniú ort le haghaidh DARE trí thic a chur le ‘Tá’ i gceist 1.
  • Mír A den Fhoirm Eolais Bhreise a líonadh.

An 15 Márta 2023 - caithfidh an chuid eile den Fhoirm Eolais Bhreise an CAO a bhaint amach faoi 5 p.m. Is iad seo:

  • Mír B (an Ráiteas Tionchair Oideachais)
  • Mír C (Fianaise faoi mhíchumas)

Ní ghlacfar le haon iarratais a gheofar i ndiaidh na ndátaí deiridh seo. Tá na dátaí deireanacha an-dian de bhrí go bhfuil DARE ina nós imeachta iarratais breise óna bhfuil am próiseála breise ag teastáil uaidh.

Ba cheart fógra a fháil sa phost faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2023 (tar éis scrúdú na hArdteistiméireachta) ina gcuirfear in iúl duit cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú incháilithe do scéim DARE. Má thugtar le fios nach bhfuil tú incháilithe, is féidir leat iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar d’iarratas. Mura bhfuil tú incháilithe le haghaidh DARE, is féidir leat freastal ar an gcoláiste fós féin má shásaíonn tú na riachtanais iontrála le haghaidh do rogha cúrsa.

Is féidir le líne chabhrach an CAO ag (091) 509800 cabhrú leat le d’iarratas ar DARE. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil sa liosta seo de cheisteanna coitianta ar láithreán gréasáin an Choláiste Rochtana. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh, chomh maith, le seirbhísí rochtana an choláiste a ghlacann páirt i scéim DARE.

Cuireann clár DARE seisiúin eolais ar fud na tíre do mhic léinn agus a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí chun déileáil le ceisteanna faoin iarratas a ullmhú.

Is féidir leat Lámhleabhar agus Seicliostaí Iarratais mionsonraithe a íoslódáil chun cabhrú le d’iarratas.

Is féidir leat eolas a fháil freisin faoi DARE ar Facebook.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Déanann tú iarratas ar DARE ar líne tríd an CAO.

An Lár-Oifig Iontrála

Teach an Túir
Sráid Eglinton
Gaillimh
Éire

Uaireanta Oscailte: Lu-hAo 9:30-17:00
Teil: (091) 509 800
Facs: (091) 562 344
Láithreán Gréasáin: http://www.cao.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Samhain 2022