Deontais Mhic Léinn Iarchéime

Réamhrá

Má tá tú ag clárú ar chúrsa iarchéime, féadfaidh tú tacaíocht airgeadais a fháil faoin Scéim Deontas Mhic Léinn.

Déanann tú iarratas ar dheontas mac léinn ar líne - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos

Soláthraíonn an Scéim um Chosaint Idirnáisiúnta Mac Léinn (do Mhic Léinn Breisoideachais agus Ardoideachais) 2023-2024 tacaíochtaí de réir na Scéime Deontais Mac Léinn do mhic léinn atá sa chóras cosanta idirnáisiúnta.

Mic léinn iarchéime

Féadfaidh iarchéimithe cúnamh airgeadais a fháil faoin Scéim Deontais do Mhic Léinn chun íoc as costas táillí teagaisc le haghaidh cúrsaí faofa iarchéime in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Ní ann d’aon chúnamh faoin Scéim le haghaidh cúrsaí áiteanna eile san AE.

Is ann do 2 bhealach is féidir le hiarchéimithe cáiliú le haghaidh cúnaimh faoin Scéim Deontais do Mhic Léinn. Féadfaidh siad:

1.Ranníocaíocht táille bhunráta nua €5,000 a fháil (2023-2024), má éiríonn leo sa tástáil um ranníocaíocht táille – féach thíos.

2.A dtáillí teagaisc uile bheith íoctha (a mhéid agus €6,270), má shásaíonn siad na coinníollacha le haghaidh an ráta speisialta deontais le haghaidh mic léinn faoi mhíbhuntáiste – féach thíos.

Féadfaidh tú teacht ar bhreis faisnéise faoi na critéir seo inár gcáipéis ar Scéim um Dheontais do Mhic Léinn.

Tástáil mhaoine um ranníocaíocht táille

Féadfar tabhairt faoin tástáil mhaoine ar d’ioncam nó ar ioncam do thuismitheoirí. Braithfidh sé ar cibé acu an mac léinn neamhspleách lánfhásta thú nó an bhfuil tú spleách ar do thuismitheoirí.

Ag brath ar thuismitheoirí

Má bhí gnáthchónaí ort le do thuismitheoirí ón 1 Deireadh Fómhair sa bhliain inar iontráil tú an cúrsa iarchéime, meastar go bhfuil tú spleách ar do thuismitheoirí agus déantar measúnú ar d'ioncam (más ann dó) mar aon le hionca(i)m do thuismitheoirí. Ceadaítear duit suim áirithe a thuilleamh lasmuigh den téarma acadúil (a mhéid agus €6,552).

Mic léinn neamhspleácha

Mic léinn lánfhásta iad mic léinn neamhspleácha atá breis agus 23 bliain d’aois a chónaíonn in áit lasmuigh de theach a dtuismitheoirí ón 1 Deireadh Fómhair sa bhliain inar iontráil siad an cúrsa. Más mac léinn neamhspleách tú, déantar measúnú ort ar d’ioncam féin (agus é sin atá ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháititheoir, más infheidhme).

Má rangaíodh thú mar mhac léinn cleithiúnach ní féidir thú a athrangú mar mhac léinn neamhspleách mura bhfuil sos 3 bliana i do chuid staidéir.

Conas a ríomhtar an tástáil acmhainne?

Bunaítear an tástáil mhaoine don ranníocaíocht táille faoin Scéim Deontais do Mhic Léinn in 2023-2024 ar ioncam inríofa do theaghlaigh don bhliain iomlán chánach roimhe sin (2022). Má sháraíonn ioncam inríofa do theaghlaigh an teorainn a shocraíonn an Roinn Oideachais , ní cháileofar thú don ranníocaíocht táille. Ní chuirtear roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh ó ‘ioncam inríofa’ ar mhaithe leis an tástáil mhaoine - féach tuilleadh sonraí ar ioncam inríofa ar susi.ie agus freisin i Scéim Deontais do Mhic Léinn.

Má bhí athrú cúinsí ag do theaghlach i ndiaidh an 31 Nollaig 2022, a laghdaigh d’ioncam go buan, féadfar d’ioncam inríofa a chur san áireamh.

Má tá tú incháilithe do lánchúnamh leis an táille theagaisc ó aon fhoinse eile, lena n-áirítear urraíocht nó dámhachtain, ní cháileoidh tú don ranníocaíocht táille iarchéime. Má tá tú incháilithe do chúnamh páirteach, laghdófar do ranníocaíocht táille iarchéime faoin méid cúnaimh a fhaigheann tú.

Teorainneacha ioncaim don ranníocaíocht táille

Leagtar amach na teorainneacha ioncam teaghlaigh amach le haghaidh teidlíocht ranníocaíocht táille iarchéime in 2024- 2025 sa tábla thíos.

 
Líon na leanaí cleithiúnaigh Teorainneacha ioncaim inríofa
Níos lú 4 €55,240
4 – 7 €60,595
8 nó níos mó €65,700

Féadfar na teorainneacha ioncaim a mhéadú faoi €4,950 le haghaidh gach duine muinteartha breise atá ag leanúint le cúrsa lánaimseartha a mhaireann bliain amháin ar a laghad.

Más mac léinn cleithiúnaigh thú, is é an duine muinteartha a chuirtear san áireamh do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháititheoir. Má tá tú spleách ar do thuismitheoirí, is iad na daoine muinteartha a chuirtear san áireamh do thuismitheoir(í) agus a leanaí cleithiúnaigh eile.

Ráta speisialta deontais le haghaidh mic léinn faoi mhíbhuntáiste

Féadfaidh mic léinn iarchéime faoi mhíbhuntáiste a shásaíonn roinnt coinníollacha íocaíocht a fháil as táillí teagaisc agus as turais riachtanacha allamuigh (a mhéid agus €6,270).

Chun cáiliú don ráta speisialta deontais le haghaidh mic léinn faoi mhíbhuntáiste:

  • Níor mhór gur shásaigh tú na coinníollacha le haghaidh an deontais chaighdeánaigh chothabhála faoin Scéim Deontais do Mhic Léinn do bhliain acadúil 2024-2025.
  • Níor mhór go raibh d’ioncam iomlán inríofa i mbliain chánach 2023 (Eanáir-Nollaig) faoi bhun €26,200, glan ó leas sóisialach Méaduithe i leith Leanaí Cáilithe agus eisiaimh chaighdeánacha.
  • Más mac léinn neamhspleách thú, ní mór go bhfuil íocaíocht áirithe leasa shóisialaigh á fáil agat mar gheall ar bheith rannpháirteach i gclár sainithe amhail an 31 Nollaig 2022 – féach thíos.
  • Má tá tú spleách ar do thuismitheoirí, ní mór go bhfuil íocaíocht áirithe leasa shóisialaigh á fáil ag do thuismitheoir(í)/chaomhnóir(í) mar gheall ar bheith rannpháirteach i gclár sainithe amhail an 31 Nollaig 2022 – féach thíos.

Íocaíochtaí agus cláir cháilitheacha leasa shóisialaigh:

  • Íocaíochtaí fadtéarma leasa shóisialaigh
  • Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIS)
  • Cláir shainithe (mar shampla, Scéim Fhostaíochta Pobail).

Liostaítear na híocaíochtaí agus na cláir seo i Sceideal 2 de Scéim Deontais do Mhic Léinn 2024 (pdf).

Deontas cothabhála (ráta speisialta)

Tá deontas cothabhála ar fáil freisin do mhic léinn iarchéime a cháilíonn don ráta speisialta deontais. Tá rátaí na ndeontas cothabhála liostaithe i Sceideal 3 den Scéim Deontas Mac Léinn 2023.

Má tá Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFO), liúntas Scéimeanna Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS) á fháil agat nó más mac léinn teagaisc tú, ní féidir leat an ráta speisialta den deontas cothabhála a fháil. Is éard is mac léinn teagaisc ann ná duine a chomhlíonann na coinníollacha go léir maidir le deontas mac léinn ach amháin chun cónaí sa Stát, ach a bhfuil cónaí air i stát LEE nó san Eilvéis le 3 bliana de na 5 bliana seo caite.

Tacaíochtaí eile

Tá fáil ar Fhaoiseamh cánach ar tháillí teagaisc iarchéime.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do choláiste nó d'ollscoil chun faisnéis a fháil faoi scoláireachtaí nó faoi sparánachtaí. Ina theannta sin, is ann do roinnt faisnéise ar studentfinance.ie.

Tá iasachtaí á soláthar ag institiúidí airgeadais do mhic léinn chun íoc as cúrsaí iarchéime. Cuardaigh thart chun teacht ar na rátaí is fearr.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Iarratais nua ar dheontas mic léinn iarchéime

Is é Tacaíocht Uilíoch do Mhic Léinn Éireann (SUSI) an t-údarás dámhachtana aonair a láimhseálann gach iarratas ar dheontas. Ní mór duit d’iarratas ar dheontas a dhéanamh ar líne. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar conas iarratas a dhéanamh inár ndoiciméad ar an Scéim Deontas Mac Léinn

Dúnadh iarratais ar líne ar an deontas mac léinn 2023-2024 ar 2 Samhain 2023.

Ba é Samhain an spriocdháta d’iarratais anuraidh. Tá an dáta deiridh le haghaidh iarratas ar dheontas mac léinn in 2023 le deimhniú.

Tar éis duit iarratas a dhéanamh, beidh d’iarratas mar a leanas:

  • Bronnta: Seoltar litir dámhachtana chugat ag tairiscint deontas duit agus ag leagan béime ar na céimeanna breise a chaithfidh tú a ghlacadh sular féidir do dheontas a íoc.
  • Diúltaithe: Seoltar litir diúltaithe chugat. Léireoidh an litir freisin na céimeanna breise is féidir leat a ghlacadh más mian leat athbhreithniú a iarraidh ar do chinneadh deontais.

Bronntar do dheontas/ranníocaíocht táille nuair a dheimhníonn tú go nglacann tú le d’áit (go déanach i mí Lúnasa/go luath i mí Mheán Fómhair go hiondúil) agus íoctar isteach é i do chuntas bainc Éireannach ainmnithe.

Iarratais ar dheontas mac léinn iarchéime a athnuachan

Déantar athbhreithniú ar dheontais mac léinn iarchéime gach bliain. Má bhí deontas agat i mbliain acadúil amháin agus má tá tú ag leanúint ar aghaidh le do chuid staidéir ar an gcúrsa céanna an bhliain dár gcionn, rachaidh SUSI i dteagmháil leat trí ríomhphost agus tríd an bpost chun a mheabhrú duit d’iarratas ar dheontas a athnuachan.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Lúnasa 2023