Ag filleadh ar an oideachas le Springboard+

Cad is Springboard+ ann?

Soláthraíonn Springboard+ cúrsaí ardoideachais saor in aisce sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá tú dífhostaithe
  • Má tá tú ag iarraidh filleadh ar an obair

Is féidir cur isteach ar chúrsa Springboard+ freisin má tá tú ag obair, ach caithfidh tú ranníocaíocht 10% a íoc i dtreo tháille an chúrsa. (Tá cúrsaí leibhéal 6 saor in aisce).

Cad iad na cúrsaí is féidir Iiom a dhéanamh?

Tá cúrsaí páirtaimseartha ag Springboard+ ó leibhéal an teastais (leibhéal 6) go céim mháistreachta (leibhéal 9) ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC). Cúrsaí páirtaimseartha is ea formhór na gcúrsaí agus maireann siad ar feadh bliana nó níos lú, ach tá méadú ag teacht ar líon na gcúrsaí lánaimseartha agus cúrsaí 2 bhliain.

I measc na gcúrsaí atá ar fáil:

  • Teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide
  • Teicneolaíochtaí leighis
  • Cibearshlándáil
  • Fuinneamh inbhuanaithe
  • Tionscail chruthaitheacha
  • Miondíol ar líne

Faigh tuilleadh eolais faoi na cúrsaí ar féidir leat a dhéanamh le Springboard+.

Is iondúil go n-osclaíonn cúrsaí Springboard+ iarratas i mí Bealtaine gach bliain - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

An bhfuilim i dteideal chúrsa Springboard+ a dhéanamh?

Is féidir iarratas a dhéanamh ar Springboard+ má tá tú:

  • Dífhostaithe
  • Fostaithe
  • Tar éis céim a bhaint amach le déanaí
  • Ag filleadh ar an oideachas nó ar an obair tar éis bheith i do chúramóir nó do chúramaí baile
  • Ag cur le do scileanna TFC

Ní mór duit:

Má deonaíodh Cosaint Shealadach Idirnáisiúnta in Éirinn duit, d’fhéadfá a bheith incháilithe freisin.

Léigh tuilleadh faoi incháilitheacht do Springboard+ thíos.

Tá teorainn le háiteanna ar chúrsaí Springboard+. Beidh tosaíocht ag daoine atá ar íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh nuair a leithdháiltear áiteanna.

Má tá tú dífhostaithe

Le cáiliú chun cúrsa Springboard+ saor in aisce a dhéanamh, ní mór duit:

  • A bheith dífhostaithe
  • A bheith gníomhach ar thóir na hoibre
  • A bheith ar fáil chun dul i mbun oibre.

Íocaíochtaí cáilitheachta leasa shóisialaigh

Agus tú ag tosú ar chúrsa Springboard+, caithfidh tú a bheith ag fáil íocaíochta cáilithe leasa shóisialaigh nó a bheith i gceann de na catagóirí incháilithe eile atá liostaithe thíos.

Áirítear le híocaíochtaí cáilithe leasa shóisialaigh:

  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Liúntas Míchumais
  • Liúntas do Chúramóirí
  • Cúnamh Feirme/Cúnamh Éisc
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Pinsean Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)
  • Pinsean na nDall
  • Liúntas Banchéile Thréigthe

Is féidir iarratas a dhéanamh ar Springboard+ freisin sna cásanna seo a leanas:

  • Más duine fásta cáilithe d’aois oibre (faoi 66) tú ar íocaíocht leasa shóisialaigh duine eile
  • Má tá tú ag síniú le haghaidh creidmheasanna árachais shóisialaigh

Scéimeanna tacaíochta fostaíochta

Tá tú incháilithe freisin do Springboard+ (le ceadú ó oifigeach cáis de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí) má tá tú ar cheann de na scéimeanna nó na híocaíochtaí seo a leanas:

  • Fostaíocht Pobail
  • Scéim Shóisialta Tuaithe
  • Tús
  • Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair
  • Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach

An bhfuil teorainn aoise ann?

Go ginearálta, níl aon srianta aoise ann ach amháin má tá tú i do dhuine fásta cáilithe ar íocaíocht leasa shóisialaigh duine eile. Mar sin féin, ní mór duit na critéir incháilitheachta do Springboard+ agus do chúrsa roghnaithe a chomhlíonadh.

Má bhí tú féinfhostaithe roimhe seo

Tá tú i dteideal Springboard+ má bhí tú féinfhostaithe roimhe seo ach go bhfuil tú dífhostaithe anois agus go gníomhach ar thóir na hoibre. Ní gá go mbeadh íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat.

Caithfidh tú na critéir chónaitheachta a chomhlíonadh agus litir nó ráiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil ag rá nach bhfuil tú ag trádáil a thuilleadh (nó litir chomhchosúil ó d’iarchuntasóir).

Má tá tú fostaithe

Má tá tú fostaithe nó féinfhostaithe agus má chomhlíonann tú na riachtanais náisiúntachta/víosa agus cónaitheachta, is féidir iarratas a dhéanamh chúrsaí ar bith Springboard+ atá ar fáil.

Má bhain tú céim amach le déanaí

Níl ach cúrsaí tiontaithe scileanna TFC lánaimseartha ar feadh bliana agus 2 bhliain ar bhonn páirtaimseartha oscailte do dhaoine a bhain céim amach le déanaí.

Chun páirt a ghlacadh ar chúrsa CNC leibhéal 9 (iarchéim) áfach, caithfidh sé a bheith bliain ar a laghad ó chríochnaigh tú do chúrsa fochéime lánaimseartha (Leibhéal 8).

Má tá tú ag filleadh ar an oideachas nó ar an obair tar éis a bheith i do chúramóir nó i do chúramaí baile

Tá tú i dteideal Springboard+ má bhí tú as an timpeallacht oibre mar gheall ar chúram leanaí nó dualgais chúraim eile agus má tá uas-sciliú nó athoiliúint de dhíth ort chun filleadh ar an bhfórsa oibre.

Chun cáiliú. ní mór duit na critéir chónaitheachta agus ceann de na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Tá tú ar dualgas baile nó cúraim eile le 9 mí as na 12 mhí roimhe sin nó
  • Tá tú ag brath go heacnamaíoch ar pháirtí nó ar chéile agus tá tú dífhostaithe ar feadh 9 mí as na 12 mhí roimhe sin

Ní mór duit doiciméid tacaíochta a sholáthar agus dearbhú a dhéanamh os comhair Coimisinéir Mionnaí faoi do stádas.

Más mian leat cúrsa tiontaithe scileanna TFC a dhéanamh

Is éard atá i gcúrsa tiontaithe scileanna TFC ná nuair a dhéanann tú athoiliúint chun tús a chur le gairm san earnáil teicneolaíochta.

Má bhí Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat ar feadh 9 mí ar a laghad as na 12 mhí roimhe sin, d’fhéadfá Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a fháil agus tú ag glacadh páirte ar chúrsa bliana lánaimseartha tiontaithe scileanna TFC.

Níl tú incháilithe do chúrsaí tiontaithe TFC páirtaimseartha 2 bhliain a dhéanamh má tá:

  • Íocaíocht cuardaitheora poist á fáil agat (Cúnamh Feirme san áireamh)
  • Más duine fásta cáilithe d’aois oibre tú ar íocaíocht leasa shóisialaigh duine eile.

Táillí Springboard+

Daoine dífhostaithe

Ní gá duit táillí nó costais ar bith a bhaineann leis an gcúrsa a íoc má tá tú dífhostaithe.

Má ghlacann tú le cúrsa Springboard+, féadfaidh tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh reatha a choinneáil má leanann tú de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha don íocaíocht. Má tá cúrsa tosaithe agat agus má chailleann tú d’íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh is féidir leanúint ar aghaidh le do chúrsa.

Má tá íocaíocht cuardaitheora poist á fáil agat agus má ghlacann tú páirt ar chúrsa páirtaimseartha Springboard+, leanfaidh tú ar aghaidh ag fáil d’íocaíocht cuardaitheora poist faoin scéim Rogha Oideachais Pháirtaimseartha.

Má tá íocaíocht cuardaitheora poist á fáil agat agus má tá tú ar chúrsa lánaimseartha, seans go mbeidh an rogha agat aistriú chuig Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas.

Má ghlacann tú le post agus tú ar chúrsa, maoineoidh Springboard+ na táillí don bhliain acadúil iomlán.

Má shíneann do chúrsa isteach i mbliain adadúil/blianta acadúla eile, is é do choláiste a shocróidh na táillí.

Daoine atá fostaithe

Má tá tú fostaithe, caithfidh tú 10% a íoc i dtreo tháille an chúrsa ag leibhéil 7, 8 agus 9 ar an CNC. Tá cúrsaí leibhéal 6 saor in aisce, áfach.

Má tá an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (FIT) á fáil agat ag tús an chúrsa, ní bheidh ort an ranníocaíocht táille cúrsa 10% a íoc.

Daoine a bhain céim amach le déanaí

Ní mór do dhaoine a bhain céim amach le déanaí 10% den táille theagaisc a íoc le haghaidh cúrsaí tiontaithe scileanna TFC.

Conas iarratas a dhéanamh ar Springboard+

Iarratais ar Springboard 2023-2024 ar oscailt ón gCéadaoin, 7 Meitheamh 2023

Chun iarratas a dhéanamh ar chúrsa Springboard+, roghnaigh an cúrsa/na cúrsaí a bhfuil suim agat ann/iontu ar springboardcourses.ie agus déan iarratas ar líne

Lean treoracha ar an suíomh gréasáin.

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, ba cheart:

De ghnáth, osclaíonn cúrsaí Springboard+ le haghaidh iarratas i mí Bealtaine gach bliain. Is féidir iarratas a dhéanamh ar suas le 10 gcúrsa ach ní féidir ach cúrsa amháin a dhéanamh ag aon am amháin.

Tuilleadh eolais

Ceisteanna Coitianta mionsonraithe ar fáil ar springboardcourses.ie. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Springboard+ ar líne.

Líne chabhrach saorghlao: 1800 303 523.

Mura gcomhlíonann Springboard+ do chuid riachtanas, tá roinnt mhaith bealaí eile ann chun filleadh ar an oideachas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Lúnasa 2023