Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Scrúduithe stáit > Táillí scrúdaithe na hArdteistiméireachta

Print Page Send to a Friend

Táillí scrúdaithe na hArdteistiméireachta

Eolas

Ní mór do dhaltaí atá ag déanamh nó ag athdhéanamh na hArdteistiméireachta táillí a íoc le go bhféadfaidís na scrúduithe a dhéanamh. Má tá cárta leighis agat féin nó ag do thuismitheoir nó do chaomhnóir, tá tú díolmhaithe ó na táillí sin.

Rialacha

Ní mór an táille don bhliain 2010 a bheith íoctha ar nó roimh 29 Eanáir 2010. Mura raibh do tháillí scrúduithe íoctha in am agat, b'fhéidir leat iad a íoc tar éis 29 Eanáir, ach bheadh táille breise le híoc ar gach ábhar agat (faoi láthair €30 ar gach ábhar i gcomhair iarratais faighte idir 30 Eanáir agus 12 Feabhra 2010, araon san áireamh). Ní ghlacfar le hiarratais ón 13 Feabhra 2010 ach amháin in imthosca atá thar a bheith eisceachtúil agus ar tháille dhéanach €49 ar gach ábhar a íoc (i dteannta na gnáth-tháille).

Más dalta tú atá ag déanamh na hArdteistiméireachta i scoil éigin, gheobhaidh tú foirm ó do scoil. Déanann tú an íocaíocht trí bhanc agus ní mór don bhanc an fhoirm a stampáil. Ansin tugann tú an fhoirm ar ais go dtí an scoil.

Más dalta seachtrach tú (is é sin, nach bhfuil tú ag déanamh do chuid scrúduithe laistigh de scoil éigin), ní mór duit dul i dteagmháil le Rannóg Iontrálacha Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Seolann an Coimisiún foirm réamhphriontáilte chugat le d'uimhir scrúdaithe liostaithe uirthi. Íocann tú an táille chuí isteach sa bhanc ansin.

Ní gá do dhalta a bhfuil cárta leighis reatha ag a thuismitheoir nó ag a chaomhnóir an táille a íoc. Sa chás seo, cuirtear sonraí an chárta leighis ar an bhfoirm íocaíochta táille, agus is ansin a sheolann an tuismitheoir an fhoirm ar ais chuig an scoil. Sa chás go bhfuil díolúine agat ó tháillí mar go bhfuil cárta leighis ag do thuismitheoirí, tá táillí deireanacha fós le híoc agat má dhéanann tú d'iarratas tar éis an spriocdháta.

Rátaí

Ní mór do dhaltaí atá ag freastal ar scoil éigin agus atá ag déanamh scrúduithe Ardteistiméireachta den chéad uair i 2010 táille de €109 a íoc. Íocann iarrthóirí seachtracha atá ag déanamh an scrúdaithe den chéad uair táille de €67 i gcomhair ábhar amháin nó dhá ábhar agus €109 i gcomhair trí ábhar nó níos mó. Má tá cárta leighis reatha ag do thuismitheoirí nó do chaomhnóir, ní gá duit an táille a íoc.

Ní mór do dhaltaí atá ag freastal ar scoil agus atá ag athdhéanamh na hArdteistiméireachta táille de €284 a íoc.

Íocann iarrthóirí seachtracha atá ag athdhéanamh na hArdteistiméireachta i 2010 táillí ar scála comhghluaisteach mar seo a leanas:

Líon na n-ábhar Táille in aghaidh an ábhair
1 ábhar €109
2 ábhar €199
3 ábhar €308

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire

Teil:+353 (0)90 644 2700
Facs:+353 (0)90 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.