Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Múinteoirí agus scoileanna > Cáilíochtaí múinteoirí ag an leibhéal bunoideachais agus iar-bhunoideachais

Print Page Send to a Friend

Cáilíochtaí múinteoirí ag an leibhéal bunoideachais agus iar-bhunoideachais

Eolas

Déanann an doiciméad seo cur síos ginearálta ar na cáilíochtaí atá riachtanach agus ar an gcóras aitheantais do cháilíochtaí maidir le múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile in Éirinn.

An Roinn Oideachais agus Scileanna - an Rannóg Oideachais Múinteoirí

Is cuid den Roinn Oideachais agus Scileanna an Rannóg Oideachais Múinteoirí. Bunadh é sa bhliain 2004 chun beartas agus cleachtas oideachais múinteoirí in Éirinn a mhaoirsiú. Féachann an Rannóg ar oideachas múinteoirí mar phróiseas leanúnach ó oideachas tosaigh do mhúinteoirí, go hinsealbhú agus forbairt ghairmiúil leanúnach – féach thíos. Tá an Rannóg bainteach le ceapadh beartais, comhordú, stiúradh ginearálta agus bainistíocht, rialú cáilíochta agus airgeadais chun tacaíocht a thabhairt don tsoláthar oideachais agus chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i gcónaí.

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta an mhúinteoireacht chun cinn agus déantar í a fhorbairt mar ghairm ar leibhéil bhunoideachais agus iar-bhunoideachais. Cuireann sí fóram ar fáil chun dearcadh lucht na gairme a chur ar fáil faoi gach gné de shaol múinteoirí ón gcéad lá a earcaítear iad go forbairt gairme le linn gníomhréime. Is comhlacht rialála í an Chomhairle Mhúinteoireachta le haghaidh múinteoirí in Éirinn agus cuireann sí cód iompair ghairmiúil ar fáil do mhúinteoirí. Baineann sé seo le caighdeáin múinteoireachta, eolas, scileanna agus inniúlacht. Cothabhálann sí clár de na múinteoirí go léir a mhúineann i scoileanna aitheanta in Éirinn. Le haghaidh eolais maidir le clárú féach 'Clárú múinteoirí' thíos.

Oideachas tosaigh do mhúinteoirí in Éirinn

Múinteoirí bunscoile

Caithfidh múinteoirí bunscoile a bheith cáilithe chun raon ábhar bunscoile a mhúineadh do leanaí idir 4 agus 12 bliana d'aois. Chun cáiliú mar mhúinteoir bunscoile, ní mór duit ceann den dá choinníoll seo leanas a bheith comhlánaithe agat:

  • Cúrsa aitheanta lánaimseartha 3 bliana as a dtiocfaidh céim Bhaitsiléara san Oideachas (B.Ed.)
  • Ardteastas aitheanta san Oideachas (nó Teastas Céimithe san Oideachas) in éineacht le bunchéim ar leibhéal 8 nó le cáilíocht ar leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC)

Tá liosta ar shuíomh gréasain na Comhairle Teagaisc des na coláistí aitheanta a chuireann cláir fhaofa ar fáil.

Riachtanais Gaeilge: Ní mór do mhúinteoirí bunscoile an Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) a shásamh ní amháin gur féidir leo an Ghaeilge a mhúineadh ach gur féidir leo raon ábhar bunscoile a mhúineadh trí Ghaeilge. D'fhonn aitheantas iomlán a bhaint amach mar mhúinteoir bunscoile, ní mór d'iarrthóirí pas a fháil i gcodanna scríofa, éisteachta agus béil de chuid an Scrúdaithe Cáilíochta sa Ghaeilge agus deimhniú a sholáthar gur chríochnaigh siad cúrsa faofa trí seachtaine sa Ghaeltacht.

Promhadh: Sula ndéantar iad a dheimhniú mar mhúinteoirí láncháilithe, ní mór de chéimithe na gcoláistí tréimhse promhaidh a chomhlánú i ndiaidh dóibh an riachtanas Gaeilge a shásamh. De ghnáth is tréimhse bliana í seo tráth a ndéanann cigire ón DES measúnú ar obair an mhúinteora. Má tá an cigire sásta le feidhmíocht an mhúinteora, bronnfar an Dioplóma DES orthu a dheimhníonn go bhfuil siad láncháilithe mar mhúinteoir bunscoile.

Aitheantas srianta ar cháilíochtaí: tugtar é seo do mhúinteoirí atá cáilithe chun raon ábhar bunscoile a mhúineadh do dhaltaí atá idir 4 agus 12 bliana ach nach bhfuil cáilithe múineadh i mbunscoileanna lárshrutha ós rud é nach bhfuil cáilíocht Ghaeilge iomchuí acu. I gcoitinne oibríonn múinteoirí a bhfuil aitheantas srianta acu le mic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tá siadsan a cháiligh lasmuigh den Stát – féach thíos – nó siadsan a fuair a gcáilíocht múinteoireachta i dteagasc Montessori incháilithe le haghaidh aitheantais shrianta.

Múinteoirí iarbhunscoile

De ghnáth tá iachall ar na múinteoirí iarbhunscoile 1 ábhar ar a laghad a mhúineadh a ndearna siad staidéar air go leibhéal na céime. Is féidir iachall a chur orthu chomh maith ábhair eile a mhúineadh nach bhfuil staidéar déanta acu orthu go leibhéal na céime ach a bhfuil saineolas acu orthu. Ní gá do mhúinteoirí iarbhunscoile cáilíocht a bheith acu sa Ghaeilge mura bhfuil siad fostaithe i scoil Ghaeltachta nó i scoil áit a bhfuil an Ghaeilge ina meán teagaisc.

Baintear cáilíocht amach de ghnáth trí bhunchéim a fháil ó institiúid aitheanta tríú leibhéal. Ní mór 1 ábhar ar a laghad ó churaclam na n-iarbhunscoileanna le haghaidh Clár na hArdteistiméireachta a bheith san áireamh leis an gcéim seo. Leantar an bhunchéim le cáilíocht iarchéime in oideachas ar nós an Ardteastais san Oideachas (H.Dip.Ed.). Slí eile é chun cáilíocht a bhaint amach ná céim a dhéanamh in institiúid aitheanta tríú leibhéal ar bhonn cúrsa chomhthráthaigh de staidéar acadúil agus d'oiliúint mhúinteoirí. Tá iachall ar mhúinteoirí corpoideachais céim 4 bliana a bhaint amach i gcorpoideachas, atá bunaithe ar chlár oideachais chomhthráthaigh do mhúinteoirí.

Aitheantas do cháilíochtaí: Is comhlacht reachtúil í an Chomhairle Mhúinteoireachta a leagann amach caighdeáin na gnóthachtála acadúla agus na hoiliúna gairmiúla atá ag teastáil ó mhúinteoirí ag leibhéal na hiarbhunscoile. Bronnann institiúidí sa tír seo an chuid is mó de na cáilíochtaí a bhfuil aitheantas ginearálta acu ón gComhairle, agus líon bheag díobh á mbronnadh ag institiúidí sa Ríocht Aontaithe. Mura bhfuil aitheantas ginearálta ag do cháilíocht ón gComhairle, ní mór duit ráiteas mionsonraithe a chur isteach i leith d'oideachas agus do cháilíochtaí tríú leibhéal ionas gur féidir léi measúnú a dhéanamh ort ar bhonn aonair.

Insealbhú

An Treoirthionscadal Náisiúnta um Insealbhú Múinteoirí

Tá tionscnamh comhpháirtíochta idir an Roinn Oideachais agus Scileanna, Coláiste Phádraig (bunscoil) COBÁC (iarbhunscoil), na 3 aontas múinteoirí agus na scoileanna a ghlacann páirt sa tionscadal. Is é príomhchuspóir an chláir insealbhaithe ná tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt ghairmiúil na múinteoirí nua-cháilithe trí scéim meantóireachta a thairiscint i rith na chéad bhliana dá múinteoireacht.

Múinteoirí a cáilíodh lasmuigh d'Éirinn

Riachtanais maidir leis an mBéarla

D'fhonn a bheith incháilithe le haghaidh aitheantais mar mhúinteoir i mbunscoil nó in iarbhunscoil Éireannach, ní mór duit a bheith inniúil ó thaobh Béarla a mhúineadh agus gnéithe éagsúla den churaclaim a mhúineadh trí Bhéarla. Murab é an Béarla do chéad teanga nó má fuair tú do cháilíocht múinteoireachta i dtír áit nach é an Béarla an chéad teanga, beidh an Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) ag iarraidh ort scrúdú béil agus/nó scríofa a dhéanamh. Déanfaidh cigire ón DES é a reáchtáil agus a mheasúnú. Ní bhronnfar aitheantas ort chun múineadh i gcumas ar bith i mbunscoil mura léiríonn tú d'inniúlacht i mBéarla.

Aitheantas ar cháilíochtaí

Más múinteoir bunscoile nó iarbhunscoile tú a cháiligh lasmuigh d'Éirinn agus má theastaíonn uait múineadh i scoil aitheanta, ní mór duit iarratas a chur isteach le haghaidh aitheantais ar do cháilíochtaí roimh chlárú. De réir Treoracha an AE maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint go Frithpháirteach, is féidir le múinteoirí a cháiligh i mballstáit de chuid an AE aitheantas gairmiúil a fháil in Éirinn. D'fhógraíodh athruithe ar na riachtanais seo i mBealtaine 2010. Bainfidh siad le daoine a thosóidh a oideachais múinteoirí ar nó i ndiaidh an 1 Eanáir 2011. Tá an Chomhairle Teagaisc freagrach as iarratais a phróiseáil agus as iontrálacha chuig gairm na múinteoireachta in Éirinn a rialú. Caithfidh cáilíochtaí a fhaightear lasmuigh den AE a bheith inghlactha don Chomhairle. Chomh luath is a aithnítear do chuid cáilíochtaí, is féidir leat iarratas a chur isteach ar chlárú – féach 'Clárú múinteoirí' thíos.

Múinteoirí bunscoile

Aitheantas sealadach ar cháilíochtaí: Bronnfar tréimhse 5 bliana d'aitheantas sealadach ar mhúinteoirí chun múineadh i mbunscoileanna na hÉireann ar cuireadh oiliúint orthu i mballstát eile de chuid an AE (agus ar mhúinteoirí ar cuireadh oiliúint orthu lasmuigh den AE i láthair na huaire) a bhfuil a gcáilíochtaí measúnaithe agus glactha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ach nach bhfuil cáilíocht Ghaeilge iomchuí acu. I rith na tréimhse seo, beidh ar mhúinteoirí a dhícheall a dhéanamh chun riachtanais Gaeilge na Roinne a bhaint amach. Má fhostaíonn scoil múinteoir a bhfuil aitheantas sealadach aige/aici, caithfear a chinntiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm chun Gaeilge a mhúineadh i rang an mhúinteora úd. Sa chás seo, ní mór do scoil na socruithe atá i bhfeidhm a léiriú do chigirí na Roinne agus iad ag freastal ar an scoil.

Múinteoirí iarbhunscoile

Aitheantas sealadach ar cháilíochtaí: Sonraíonn dlí an AE gur féidir le saoránach AE a bhfuil aitheantas aige/aici mar mhúinteoir iarbhunscoile ó thír AE/LEE eile aitheantas comhchosúil a lorg in Éirinn. Mar sin féin, le linn dóibh a bheith ag fanacht ar chinneadh deireanach i dtaobh a n-iarratas ar aitheantas iomlán, ní bhronnfar ach aitheantas sealadach amháin ar an múinteoir sa tír seo. Tabharfaidh sé seo teidlíocht dóibh an pá agus na coinníollacha céanna fostaíochta a fháil agus a fhaigheann múinteoir aitheanta in Éirinn fad agus atá oiriúnacht a gcáilíochtaí á mheasúnú. Is féidir leis an iarrthóir easnamh ar bith a chúiteamh ó thaobh cáilíochta de trí thriail inniúlachta a dhéanamh nó trí thréimhse oiriúnaithe a thabhairt chun críche.

Scéim na gcúntóirí teanga iasachta

Ligeann an scéim seo do chúntóirí teanga ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón Spáinn, ón Ostair agus ón Iodáil a bheith sannta ar iarbhunscoileanna agus ar choláistí in Éirinn. Is féidir lena gcuid líofachta cúnamh a thabhairt do mhic léinn teanga iasachta a thuiscint agus a labhairt agus tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh ar mhodh maireachtála agus ar chustaim i dtíortha eile. Ar an dóigh chéanna is féidir le mic léinn Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise agus Spáinnise as Éirinn iarratas a chur isteach mar chúntóirí Béarla sna tíortha a liostaítear thuas. Is féidir teacht ar shonraí Scéim na gCúntóirí Béarla ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Leanúint d'fhorbairt ghairmiúil

Cuireann Rannóg Oideachais Mhúinteoirí na Roinne tacaíocht ar fáil do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí i roinnt réimsí ar nós athchóiriú an churaclaim, scileanna na bpríomhoidí a fheabhsú mar cheannairí agus mar bhainisteoirí, bainistíocht scoileanna a éascú agus rannpháirtíocht tuismitheoirí in oideachas a gcuid leanaí a mhéadú. Cuireann sé tacaíocht ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh áirithe lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le réimsí tosaíochta an tsoláthair oideachais ar nós míbhuntáiste agus cuimsiú, oideachas do mhic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, bainistíocht dhearfach ar iompraíocht agus tacaíocht teanga do mhic léinn eachtrannacha.

Ionaid oideachais

Eagraíonn an líonra d'ionaid oideachais ar fud na tíre seachadadh áitiúil ar chláir náisiúnta d'fhorbairt ghairmiúil múinteoirí thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna. Eagraíonn na hionaid clár áitiúil éagsúlaithe de ghníomhaíochtaí do mhúinteoirí, do bhainistíocht scoile agus do thuismitheoirí mar fhreagra ar éileamh.

An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal

Is príomhsholáthraí ar fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus ar thacaíocht do scoileanna san earnáil iarbhunscoile í An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal (SLSS). Tá dhá shainchúram i gceist leis an tseirbhís. Cuireann sí tacaíocht curaclaim atá sainiúil d'ábhar agus do chlár ar fáil agus tacaíocht ghinearálta le haghaidh teagaisc agus foghlama in iarbhunscoileanna.

Oiliúint le haghaidh riachtanais speisialta oideachais

Comhordaíonn, forbraíonn agus seachadann Seirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta raon tionscnamh forbartha gairmiúla agus struchtúir tacaíochta do phearsanra scoile a oibríonn le mic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu in socruithe oideachais éagsúla. Ina measc seo tá bunscoileanna agus iarbhunscoileanna príomhshrutha, scoileanna speisialta agus ranganna speisialta atá ceangailte le scoileanna príomhshrutha.

Scéim Aisíocaíochta Tháillí Mhúinteoirí

Riarann Institiúid Oideachais Marino an Scéim Aisíocaíochta Tháillí Mhúinteoirí thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna. Soláthraíonn sí maoiniú i leith chostas an chúrsa agus na dtáillí scrúdaithe a ghearrtar ar mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile a bhfuil cúrsaí forbartha ionghairme atá faofa ag an Roinn agus ag na húdaráis scoile á ndéanamh acu. Tá aisíocaíochtaí faofa iníoctha i ndiaidh cúrsa faofa a bheith comhlánaithe.

Clárú múinteoirí

Más múinteoir faoi oiliúint i gcoláiste nó ollscoil Éireannach tú, tabharfaidh ball foirne ón gComhairle Mhúinteoireachta cuairt ar do choláiste nó ar d'ollscoil chun faisnéis a sholáthar duit faoi ról na Comhairle agus maidir le clárú múinteoirí. Ag an seisiún faisnéise seo, beidh ort foirm a chomhlíonadh a thugann údarú do do choláiste nó do d'ollscoil do shonraí teagmhála agus torthaí scrúdaithe a chur chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.

Beidh ort foirm Sheiceáil na nGardaí a chomhlánú i rith na cuairte seo. Eiseofar toradh sheiceáil na nGardaí duit chomh luath agus a chuirtear an toradh ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta. Cuirfear foirm iarratais phearsantaithe chugat ansin. Má chomhlánaítear an fhoirm i gceart agus má tá do cháilíochtaí in ord, dearbhóidh an Chomhairle do chlárú. Faoi láthair, ní ghearrtar táille nuair a chuirtear céimí nua le Clár na Múinteoirí. Bronnfar clárú coinníollach ar chéimithe nua go dtí go bhfuil próiseas insealbhaithe (i gcás múinteoirí iarbhunscoile) nó tréimhse promhaidh (i gcás múinteoirí bunscoile) críochnaithe go rathúil acu.

Tá roinnt catagóirí ann faoinar féidir le múinteoirí iarratas a chur isteach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta le haghaidh cláraithe. Is féidir le múinteoirí cáilithe atá ag obair i scoileanna aitheanta foirmeacha iarratais le haghaidh cláraithe, sonraí an chláraithe do mhúinteoirí agus cóid iompair ghairmiúla a íoslódáil ó láithreán gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Bloc A
Campus Gnό Mhaigh Nuad
Maigh Nuad
Cill Dara
Éire

Teil:+353 (0)1 651 7900
Lóghlao:1890 224 224
Facs:+353 (0)1 651 7901
Láithreán Gréasáin: http://www.teachingcouncil.ie
R-phost: info@teachingcouncil.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.