Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna seirbhísí iompair scoile ar fáil do ghasúir le riachtanais speisialta. Sé Bus Éireann (atá i mbun iompair phoiblí an Stáit) a ritheann an tseirbhís iompair scoile don Roinn.
Baineann an scéim seo le gasúir atá ar an rolla i scoileanna speisialta Stáit nó i ranganna speisialta i mbunscoileanna Stáit.
Siad na gasúir atá ar an rolla i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta i mbunscoil, atá i dteideal iompair speisialta.
D’fhéadfadh sé nach mbeadh an tseirbhís iompair ar fáil i ngach ceantar. Áit ar bith nach féidir iompar speisialta a chur ar fáil, d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal deontas iompair le cuidiú le hiompar príobháideach a eagrú.
Íoctar an deontas iompair:
Má dhiúltaítear do iarratas ar dheontas iompair, tá tú i dteideal achomharc a dhéanamh. Ní mór duit achomharc scríofa a dhéanamh chuig an Rannóg um Oideachas Speisialta sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Is féidir achomhairc a dhéanamh sna cásanna seo leanas:
Tar éis staidéar a dhéanamh ar an achomharc, má bhíonn an Roinn sásta nach bhfuil na tuismitheoirí/caomhnóir in acmhainn an gasúr a iompar, nó go mbeadh sé crua go maith orthu iompar príobháideach a íoc, d’fhéadfaí seirbhísí speisialta a eagrú ar chostas nach mó ná 63 ceint an míle.
Tá cúnamh ar fáil freisin le úmacha a sholáthar do ghasúir le riachtanais speisialta ag taisteal ar sheirbhísí iompair speisialta. D’fhéadfadh tuismitheoir/caomhnóir nó bord bainistíochta scoile iarratas a dhéanamh ar a leithéid.
Is féidir tionlacan a chur ar fáil do ghasúir i scoileanna speisialta le míchumas coirp agus do ghasúir le deacrachtaí éisteachta nó radhairc. Is féidir le bord bainistíochta iarratais a dhéanamh.
Ní chuirtear seirbhísí iompair ar fáil do ghasúir le riachtanais speisialta ach le linn dóibh bheith ar an rolla i rang speisialta. Má chuirtear an gasúr ar ais i ngnáthrang, ní chuirfear iompar speisialta ar fáil a thuilleadh.
Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna deontas cúnta 98% ar fáil le costas iompair speisialta ceadaithe do ghasúir an Lucht Siúil amháin a íoc. Ní mór an Roinn a bheith sásta go bhfuil an tseirbhís riachtanach, gur féidir í a chur ar fáil ar chostas réasúnta agus gur scrúdaíodh aon rogha eile a d’fheilfeadh an cás. Siad na cúinsí a chuirtear san áireamh maidir le haon iarratas, líon na ngasúr a bhainfidh úsáid as an tseirbhís, líon na dturas agus an míleáiste laethúil.
Seo iad rátaí an Deontais Iompair:
| Sceideal an Deontais Iompair | |
| Fad | Méid in aghaidh na bliana |
| 0-0.5 míle | €140.00 |
| 0.6-1.0 míle | €195.00 |
| 1.1-1.5 míle | €255.00 |
| 1.6-1.9 míle | €305.00 |
| 2.0-2.5 míle | €370.00 |
| 2.6-3.0 míle | €420.00 |
| 3.1-3.5 míle | €470.00 |
| 3.6-3.9 míle | €535.00 |
| 4.0-4.5 míle | €585.00 |
| 4.6-5.0 míle | €650.00 |
| 5.1-5.5 míle | €700.00 |
| 5.6-5.9 míle | €750.00 |
| 6.0-6.5 míle | €815.00 |
| 6.6-7.0 míle | €865.00 |
| 7.1-7.5 míle | €930.00 |
| 7.6-7.9 míle | €980.00 |
| 8.0-8.5 míle | €1,030.00 |
| 8.6-9.0 míle | €1,095.00 |
| 9.1-9.5 míle | €1,145.00 |
| 9.6-9.9 míle | €1,210.00 |
| 10.00-15 míle | €1,400.00 |
| 15.1-25 míle | €1,755.00 |
| 25.1+ míle | €2,100.00 |
Déan iarratas le príomhoide scoile. Déanfaidh an príomhoide teagmháil le Eagarthóir Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSO) na scoile le hiarratas a dhéanamh ar iompar speisialta. Má bhíonn an ERSO sásta go bhfuil do ghasúr ar an rolla sa scoil oiriúnach is gaire, agus go dteastaíonn iompar scoile sa gcás, seolfar moladh chuig an Rannóg Iompair Scoile sa Roinn Oideachais agus Scileanna.
Is féidir iarratas ar dheontas chúnamh iompair a sheoladh chuig an Rannóg Iompair Scoile tríd an ERSO sula gcuirtear an gasúr ar rolla scoile. Má cheadaítear deontas cúnta, féadfaidh tuismitheoir nó caomhnóir an ghasúir iarratas a dhéanamh ar íocaíocht an deontais chuig an Rannóg Iompair ar i ndeireadh na scoilbhliana.
An Rannóg Iompair Scoile
Bóthar Phort Laoise
Tulach Mór
Uíbh Fháilí
Éire
Teil:+353 (0)57 932 5466/7
Facs:+353 (0)57 932 5477
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.