Dualgas cúraim múinteoirí

Timpistí ar scoil

Má bhíonn timpiste ag leanbh sa scoil, i gclós na scoile, ar an turas scoile, ar an mbus scoile, d'fhéadfadh go n-éiríodh an cheist an raibh nó nach raibh an scoil nó na múinteoirí faillíoch.

Níl aon fhreagra simplí ar an gceist cathain a d'fhéadfadh an scoil a bheith faoi dhliteanas. Braitheann gach rud ar fhíricí an cháis aonair.

Dualgas cúraim múinteoirí

Forálann dlí ginearálta na faillí go bhféadfaidh duine a bheith faillíoch:

  • Tá dualgas cúraim orthu i leith an duine gortaithe agus
  • Níor chomhlíon siad an dualgas sin go dtí an caighdeán dlíthúil a bhí riachtanach agus
  • D'fhulaing an duine damásite mar gheall ar mhainneachtain an dualgas cúraim a chomhlíonadh.

In aon chás ar leith, ní mór na fíorais a scrúdú go géar féachaint an bhfuil na gnéithe seo go léir i láthair.

Níl aon dabht ach go bhfuil dualgas cúraim ar mhúinteoirí i leith na mac léinn. Níl aon fhreagra simplí ann maidir le cathain a thosaíonn an dualgas seo, cá gcríóchnaíonn sé agus go beacht cad is sárú dualgais ann.

Tá feidhm ag na prionsabail ghiniearálta seo a leanas:

  • Ní mór do mhúinteoirí cúram réasúnach a ghlacadh lena chinntiú nach mbuaileann a gcuid scoláirí le gortú intuartha. Tá sé de dhualgas orthu na leanaí a chosaint ar rioscaí intuartha díobhála nó díobhála pearsanta.
  • Is é an caighdeán cúraim ná tuismitheoir réasúnta cúramach. Braitheann méid an chúraim ar fhactóírí mar aois na mac léinn.
  • Ní mór córas éifeachtach maoirseachta a bheith i bhfeidhm sa scoil.

Tá feidhm leis an dualfas cúraim fad a bhíonn na daltaí ar áitreabh na scoile le linn uaireanta oscailte na scoile. Féadfaidh sé a bheith i gceist freisin má bhíonn na daltaí i láthair lasmuigh d'uaireanta oifigiúla scoile, mar shampla, má thagann siad go luath nó má fhágann siad go déanach agus má tá an múinteoir nó an scoil aontaithe go mbeidh na daltaí i láthair.

Tá feidhm ag an dualgas cúraim céanna má dhéanann múinteoir maoirsiú deonach ar leanaí.

Ní mór do mhúinteoirí dea-chaighdeáin agus cleachtas ceadaithe a leanúint. Teastaíonn maoirseacht níos mó ar ranganna agus ar ghníomhaíochtaí contúirteacha. Má chuirtear gloiní cosanta, éadaí cosanta, srl., fáil do ghníomhaíochtaí áirithe, is é dualgas an mhúinteora a chinntiú go gcaitear iad.

Ní árachóirí iad múinteoirí agus ní féidir leo a bheith freagrach as gach timpiste in uaireanta scoile. Glacann na cúirteanna leis go dtarlóidh roinnt timpistí is cuma cé chomh maith agus a dhéantar an mhaoirseacht agus, i gcásanna den sórt sin, ní féidir an múinteoir nó an scoil a chur faoi dhliteanas.

Scoil a dhéanamh sábháilte

Caighdéain sábháilteachta i scoileanna

Ní mór do scoileanna na gnáthrialacha sábháilteachta a bhaineann le foirgnimh phoiblí agus na gnáthrialacha a bhaineann le sábháilteacht fostaithe ag an obair a leanúint.

Smacht scoile

Caithfidh cód iompair a bheith ag scoileanna maidir le smacht scoile agus bulaíocht agus tá dualgas ar mhúinteoirí iad féin a iompar de réir an chóid sin.

Mí-úsáid leanaí

Tá rialacha agus treoirlínte ar leith ann do mhúinteoirí má thagann ceist maidir le mí-úsáid leanaí chun cinn.

Árachas

Go ginearálta bíonn an Bord Bainistíochta faoi dhliteanas as failí a mhúinteoirí. Ciallaíonn se sin go ndéantar bord na scoile a agairt i gcásanna dá leithéid de ghnáth.

Tá dualgas ar bhord na scoile clúdach árachais cuimsitheach a bheith acu don scoil. Caithfidh an t-árachas seo dliteanas poiblí, faillí na foirne nó lochtanna sna foirgnimh a chlúdach. Caithfidh an polasaí árachais a bheith ar fáil lena iniúchadh.

Faigheann roinnt tuismitheoirí árachas chun leanaí a chlúdach in agaidh timpistí ar scoil nach bhfuil an scoil freagrach as. Spreagann roinnt scoileanna tuismitheoirí chun é seo a dhéanamh. Is ceist phearsanta é seo go hiomlán. Tá na seirbhísí sláinte ginearálta ar fáil do leanaí ar an ngáthbhealach má fhulaingíonn siad díobháil ar scoil.

Gearán a dhéanamh foai mhúinteoir

Má tá gearán agat faoi mhúinteoir nó faoin scoil, is é an chéad chéim de ghnáth labhairt leis an múinteoir ranga. Ansin, mura réitítear an gearán, labhair le príomhoide na scoile. An chéad chéim eile ná dul i dteagmháil le cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile.

Má tá nós imeachta gearán na scoile ídithe agat agus mura bhfuil tú sásta fós, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an Ombudsman do Leanaí.

Má bhaineann do ghearán le hoiriúnacht múinteora chun múineadh, ba chóir duit nós imeachta gearán na scoile a úsaid ar dtús. Má tá an nós imeachta seo ídithe agat agus mura bhfuil tú sásta leis an toradh, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Níl aon chumachtaí dlí ag an Roinn Oideachais gearáin aonair faoi mhúinteoirí a fhiosrú ná treoir a thabhairt do scoileanna treoir ar leith a leanúint maidir le gearáin aonair. Cuireann an Roinn eolas ar fáil faoin nós imeachta gearán sa bhunscoil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Deireadh Fómhair 2023