Clár oideachais samhraidh

Cad é an Clár Oideachais Samhraidh?

Cuireann an Clár Samhraidh tacaíochtaí oideachais ar fáil i rith an tsamhraidh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus dóibh siúd is mó atá i mbaol bheith faoi mhíbhuntáiste oideachasúil.

Áiríodh le Clár Samhraidh 2023:

  • Clár samhraidh scoilbhunaithe do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i ranganna speisialta, scoileanna speisialta agus scoileanna príomhshrutha
  • Soláthar atá bunaithe sa bhaile do leanaí a bhfuil riachtanais chasta acu (nuair nach bhfuil clár scoilbhunaithe ar fáil)
  • Campaí samhraidh i scoileanna DEIS a dhíríonn ar uimhearthacht agus litearthacht

Bhí an deis ag gach bunscoil agus iar-bhunscoil, scoileanna DEIS san áireamh, clár samhraidh a sholáthar do dhaltaí príomhshrutha ag a bhfuil riachtanais chasta agus dóibh siúd is mó atá i mbaol bheith faoi mhíbhuntáiste oideachasúil.

Tá an Clár Samhraidh bunaithe ar July Provision, a thug an Roinn Oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i mblianta roimhe seo.

Cé a cháilíonn don Chlár Samhraidh?

Cáilítear na leanaí seo a leanas don chlár scoilbhunaithe:

  • Leanaí i scoil speisialta nó i rang speisialta
  • Leanaí i ranganna príomhshrutha i mbunscoileanna a bhfuil teacht á fháil acu ar an leibhéal is airde den chantanam tacaíochta. Áirítear leis seo leanaí ar a bhfuil uathachas, Siondróm Down, lagú céadfach, agus míchumas eile

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi a cháilíonn don chlár samhraidh scoilbhunaithe.

Áiteanna a dtugtar tús áite dóibh

Tabharfaidh scoileanna tús áite sa chlár scoilbhunaithe do scoláirí a bhfuil riachtanais chasta acu i ranganna speisialta agus i ranganna príomhshrutha. Bronnfar na háiteanna eile ar bhunús gá agus fála.

Na háiteanna eile atá fágtha

Leanaí ar shainaithin an scoil gurb iad is mó atá i mbaol bheith faoi mhíbhuntáiste oideachasúil agus an scoil a fhágáil go luath

  • Leanaí nár thug go hiomlán faoi fhoghlaim ar líne mar gheall ar a gcúinsí baile
  • Leanaí a bhfuil tacaíocht Mhúinteoir Oideachais Speisialta (MOS) nó Chúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) á cur ar fáil dóibh
  • Leanaí nach bhfuil a gcúinsí tí nó a dtimpeallacht bhaile fabhrach d’fhoghlaim ar líne
  • Leanaí ar sainaithníodh go ndéanann siad drochfhreastal

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi a cháilíonn don chlár samhraidh scoilbhunaithe.

Clár scoilbhunaithe

Beidh an deis ag gach bunscoil agus iar-bhunscoil clár samhraidh a sholáthar do dhaltaí príomhshrutha ag a bhfuil riachtanais chasta agus dóibh siúd is mó atá i mbaol bheith faoi mhíbhuntáiste oideachasúil.

Titfidh an clár amach ar feadh líon socraithe seachtainí i scoil an linbh i rith shaoirí samhraidh na scoile.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le scoil do linbh chun eolas a fháil faoina clár samhraidh.

Scoil speisialta

Beidh an deis ag gach scoil speisialta freisin clár samhraidh a sholáthar. Titfidh an clár amach ar feadh líon socraithe seachtainí i scoil an linbh i rith shaoirí samhraidh na scoile.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le scoil do linbh chun eolas a fháil faoina clár samhraidh.

Mura bhfuil scoil do pháiste ag cur clár samhraidh scoilbhunaithe ar fáil, nó mura bhfuil sé/sí in ann áit a thairiscint do do pháiste, déan teagmháil le Comhordaitheoir Náisiúnta an Chláir Samhraidh, ríomhphost: schoolsummerprogramme@education.gov.ie. Cabhróidh siad le do pháiste rochtain a fháil ar an gclár samhraidh scoilbhunaithe ina scoil féin nó in áit eile.

Mura féidir le do leanbh áit a fháil ar chlár samhraidh scoilbhunaithe, is féidir leo rochtain a fháil ar an gclár bailebhunaithe.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le scoil do linbh chun eolas a fháil faoina clár samhraidh.

Clár baile

Níl an clár samhraidh sa bhaile ar fáil ach do pháistí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu atá i scoil speisialta nó i rang speisialta. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gclár sa bhaile mura bhfuil clár samhraidh á reáchtáil ag scoil do linbh nó mura bhfuil sé in ann áit a thairiscint do do pháiste.

Má cháilíonn do leanbh don chlár samhraidh sa bhaile, gheobhaidh sé/sí tacaíocht 10 n-uaire an chloig in aghaidh na seachtaine ar feadh 4 seachtaine.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gclár samhraidh sa bhaile trí scoil do linbh.

Níor chóir duit clár sa bhaile a thosú go dtí go mbeidh sé deimhnithe ag an Roinn Oideachais go gcáilíonn do leanbh don chlár samhraidh sa bhaile.

In 2023, tugann an clár sa bhaile deis do mhúinteoir grúpa suas le triúr páistí a theagasc. Roimhe seo, níor tairgeadh an clár sa bhaile ach mar theagasc duine amháin nó siblíní.

Má cheadaíonn an Roinn é, féadfaidh soláthraí grúpa príobháideach soláthar a dhéanamh do cheathrar leanaí nó níos mó.

Is féidir leat tuilleadh a fháil faoin gclár samhraidh home-based.

Campa samhraidh scoileanna DEIS

Is féidir le gach scoil DEIS clár samhraidh scoilbhunaithe a reáchtáil. Féadfaidh bunscoileanna DEIS campaí litearthachta agus uimhearthachta a reáchtáil do leanaí chomh maith le clár samhraidh scoilbhunaithe.

Is féidir le bunscoileanna DEIS campaí litearthachta agus uimhearthachta a reáchtáil do leanaí a gceapann an scoil go bhfuil an méid is mó gá acu leo. Maireann gach campa ar feadh 1 sheachtain agus cuireann sé 4 huaire an chloig de theagasc ar fáil gach lá. Cuireann na campaí samhraidh cláir folláine agus rannpháirtíochta sa scoil ar fáil do leanaí freisin atá i mbaol bheith faoi mhíbhuntáiste oideachasúil. Is féidir na campaí a reáchtáil trí Bhéarla nó Gaeilge.

Is féidir le bunscoileanna áiteanna a leithdháileadh ar leanaí ar aois ar bith, leanaí i rang a sé san áireamh, agus is féidir leo na leanaí is mó a bhainfidh sochar as an gclár a roghnú.

Is féidir leat eolas a léamh do thuismitheoirí faoin gclár scoilbhunaithe agus faoi champaí samhraidh DEIS.

An féidir liom iompar scoile a fháil i rith an Chláir Shamhraidh?

Más gnách duit an scéim iompair riachtanais speisialta oideachais (RSO) a úsáid, is féidir é a sholáthar. Mura bhfuil seirbhísí iompair RSO ar fáil, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chistiú deontais i ndiaidh gur chríochnaigh do leanbh an clár.

Ní reáchtálfar an Scéim Iompair Scoile i rith an chláir shamhraidh. Má bhaineann do leanbh úsáid de ghnáth as an Scéim Iompair Scoile, is féidir le do scoil socruithe iompair áitiúil a dhéanamh. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do scoil chun teacht ar bhreis sonraí.

Eolas breise

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le scoil do linbh faoina clár samhraidh scoilbhunaithe.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gClár Samhraidh ón An Roinn agus ag gov.ie/summerprogramme.

Beidh líne chabhrach Chlár an tSamhraidh i bhfeidhm ó Luan go hAoine idir 9am agus 5pm, glaoigh ar 0906 484292.

Má tá aon cheist agat faoin gclár scoilbhunaithe is féidir leat teagmháil a dhéanamh le scoil do pháiste nó ríomhphost a sheoladh chuig schoolsummerprogramme@education.gov.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Iúil 2023