Scéim iompair bunscoile

Cad é an scéim iompair bunscoile?

Soláthraíonn an scéim iompair scoile iompar do leanaí a bhfuil cónaí orthu 3.2 km nó níos mó óna mbunscoil áitiúil. Tá an scéim maoinithe ag an Roinn Oideachais.

Osclófar iarratais ar sheirbhísí iompair scoile 2024-2025 ag deireadh mhí Feabhra 2024. Foilseoidh Bus Éireann na sonraí.

Daltaí ón Úcráin

Ba chóir do dhaltaí ón Úcráin cuairt a thabhairt ar gov.ie/ukraine chun sonraí a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh ar iompar scoile. Níor cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar laithreán gréasáin Bhus Éireann. Leanfar ar aghaidh ag glacadh le hiarratais de réir mar a dhéantar teaghlaigh a athlonnú nó de réir mar a thagann teaghlaigh nua isteach.

Proposed changes to school transport scheme

A review of the school transport scheme has recommended changes to how the scheme works, so that more students can use buses by 2030.

It recommends:

  • Removing the ‘nearest school’ requirement if there are existing bus routes or if there is enough demand for a new route (at least 10 pupils)
  • Reducing the distance required for pupils to qualify for the school transport scheme

You can read a summary report (pdf) and the full final report (pdf) of the school transport review on gov.ie.

Cé atá in ann úsáid a bhaint as an Scéim Iompar Scoile?

Chun cáiliú d’iompar scoile, ní mór do leanbh a bheith idir 4 agus 12 bliana d’aois agus ag maireachtáil 3.2 km nó níos mó ón scoil náisiúnta oiriúnach is gaire.

leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu incháilithe d’iompar saor in aisce chuig agus ó scoileanna speisialta agus chuig ranganna speisialta.

Má tá suíocháin spártha ar fáil, is féidir leanaí nach bhfuil incháilithe a iompar ar iompar scoile.

Soláthraíonn Bus Éireann liosta de na CCanna faoin Scéim Iompar Scoile.

Scoileanna

Socraíonn an Roinn Oideachais cén scoil is gaire agus is oiriúnaí. Má tá leanbh ag freastal ar scoil ina bhfuil níos mó ná múinteoir amháin agus go bhfuil scoil aon-mhúinteora níos gaire don bhaile, ní dhéanfaidh an fhíric sin an leanbh a dhícháiliú ó úsáid na scéime iompair scoile de ghnáth.

Tá leanaí atá ag freastal ar scoileanna il-sainchreidmheacha nó ar Ghaelscoileanna (scoileanna lán-Ghaeilge) incháilithe má chomhlíonann siad na riachtanais achair chuig a scoil. Níl siad dícháilithe toisc go bhfuil scoil náisiúnta eile níos gaire dóibh. Tá socruithe speisialta ann freisin do pháistí Protastúnacha a fhreastalaíonn ar scoileanna Protastúnacha agus do leanaí a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta.

Pointí bailithe

Ní seirbhís doras go doras í an scéim. Tá tuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as a gcuid leanaí a thabhairt go dtí an pointe bailithe is gaire chun leas a bhaint as an tseirbhís. Go ginearálta, déantar bealaí a phleanáil ionas nach mbeidh ar dhaltaí taisteal níos mó ná 2.4 km chuig an bpointe bailithe is gaire dóibh.

Mura bhfuil seirbhís iompair scoile ar fáil, b’fhéidir go mbeifeá in ann deontas a fháil i dtreo chostais an iompair phríobháidigh do leanbh nach féidir leis teacht ar scoil gan iompar de bharr tinnis nó míchumas.

Seirbhís iompair scoile a bhunú agus a choinneáil

Caithfidh go bhfuil go leor leanaí ann chun an tseirbhís a úsáid. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh meán laethúil (thar téarma scoile) a bheith ann de 10 leanbh incháilithe ar a laghad i gceantar ar leith a fhreastalaíonn ar an scoil oiriúnach is gaire dóibh.

Scoileanna dúnta nó cumaiscthe

Cuireadh na rialacha seo a leanas i bhfeidhm sa scoilbhliain 2011-2012.

  • Níl leanaí i limistéar scoile dúnta atá ina gcónaí laistigh de 3.2 km ó ‘scoil chónasctha’ i dteideal iompair chuig an scoil sin a thuilleadh, ach féadfaidh siad cur isteach ar iompar lamháltais má tá suíocháin ar fáil.
  • Beidh daltaí reatha atá i dteideal iompair faoin Riail Scoile Lárnach/ Dúnta (CSR)*, agus a bhfuil cónaí orthu 3.2 km nó níos mó óna scoil chónasctha fós incháilithe don chuid eile dá mbunscolaíocht.

*Sa scoilbhliain 2010-2011 nuair a cumasc 2 bhunscoil nó níos mó, ní fhéadfadh na páistí a mbeadh an scoil dúnta an ceann is gaire dóibh ach iompar a fháil chuig an scoil a bhí mar thoradh ar an gcumasc. Faoin CSR bhí roinnt leanaí a raibh cónaí orthu níos lú ná 3.2 km ó ‘scoil chónasctha’ den sórt sin i dteideal iompar scoile.

Ón scoilbhliain 2012-2013, tháinig deireadh le hincháilitheacht bunaithe ar an CSR do gach dalta nua a tháinig isteach i mbunscoileanna. D’fhéadfadh go gciallódh sé seo, sa chás go bhfuil scoil atá níos gaire don scoil chónasctha anois, go bhféadfadh go mbeadh incháilitheacht iompair scoile ag siblíní i roinnt teaghlach chuig scoileanna éagsúla ón scoilbhliain 2012-2013 ar aghaidh.

Foilsíonn an Roinn Oideachais faisnéis mhionsonraithe ar na coinníollacha a rialaíonn an scéim iompair bunscoile (pdf).

Deontais limistéir iargúlta

Tá deontais limistéir iargúlta iníoctha ag an Roinn mar ranníocaíocht i dtreo socruithe iompair phríobháideacha do dhaltaí incháilithe nach bhfuil aon seirbhís iompair ar fáil dóibh. Féadfar na deontais seo a íoc do dhaltaí incháilithe a bhfuil cónaí orthu 3.2 km nó níos mó ón bpointe bailithe is gaire d’iompar scoile.

Táillí Iompar Scoile a íoc

The School Transport Scheme 2024-2025 fee for a primary school child is €50 and for a post- primary school child is €75. The maximum fee for a family is €125.

If you make a late payment or submit medical card details after the deadline date, you are not guaranteed a seat.

Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Iompar Scoile

Tá an scéim á feidhmiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne. Má tá do leanbh ag clárú sa scoil náisiúnta den chéad uair, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iompar scoile ar líne ar láithreán gréasáin Bhus Éireann.

Dúnadh iarratais don scoilbhliain 2023-2024 Dé hAoine, 28 Aibreán 2023.

Applications for the 2024-2025 school year are open. The closing date for on-time applications is 26 April 2024.

If you have queries about school transport, you can contact Bus Eireann or contact the School Transport Section of the Department of Education (see 'More information' below).

Le haghaidh fiosrúcháin faoi amchláir, pointí bailithe, bealaí agus iarratais ar dheontais iompair, ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig áitiúil iompair scoile de chuid Bhus Éireann.

Iarratais ar dheontas ceantair iargúlta

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn go díreach chuig an rannóg Iompar Scoile sa Roinn Oideachais ag an seoladh thíos.

Achomhairc

Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh ar d’iarratas ar iompar scoile, ba chóir duit an fhoirm achomhairc (pdf) a íoslódáil agus an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig an mBord Achomhairc um Iompar Scoile f/ch an Roinn Oideachais ag an seoladh thíos.

More information

An Roinn Oideachais

An Rannóg Iompair Scoile
Bóthar Phort Laoise
Tulach Mór
Uíbh Fháilí
Éire

Teil: (057) 932 5466/7
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Márta 2024