Bulaíocht ar scoil

Cad is bulaíocht ann?

Sainmhíníonn an Roinn Oideachais an bhulaíocht mar iompar diúltach nach dteastaíonn, briathartha, síceolaíoch nó fisiceach, a dhéanann duine aonair nó grúpa i gcoinne duine (nó daoine) eile agus a dhéantar arís agus arís eile le himeacht ama.

Meastar freisin gur iompar bulaíochta é teachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí aonuaire atá maslach nó díobhálach a chur ar Láithreán líonra sóisialta nó ar fhóram poiblí eile inar féidir leis an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil nó a athrá.

Cibearbhulaíocht

Is éard is cibearbhulaíocht ann ná bulaíocht ar an idirlíon nó ar an bhfón póca, go minic trí shuíomhanna líonraithe sóisialta a úsáideann daoine óga. Cuirtear an leabhrán GET WITH IT! Treoir maidir le cibearbhulaíocht (pdf) le chéile mar chomhthionscnamh idir an Oifig um Shábháilteacht Idirlín agus Barnardos. Tá sé mar aidhm ag an leabhrán feasacht a mhéadú ar gach gné den chibearbhulaíocht, lena n-áirítear conas í a shainaithint agus conas í a chosc.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil bulaíocht á déanamh ar mo leanbh?

Bíonn eagla ar go leor leanaí a bhfuil bulaíocht á déanamh orthu labhairt amach. Bíonn faitíos orthu roimh bhearta díoltais má insíonn siad a scéal do dhuine éigin. Léirítear i dtuairiscí go dtagann níos mó drogaill ar dhaoine óga labhairt le duine de réir mar a éiríonn siad níos sine. Éiríonn siad níos aonraithe agus níos aonraithe, is minic a bhíonn dúlagar orthu agus, i gcásanna tromchúiseacha, is féidir leo dochar a dhéanamh dóibh féin nó iarracht a dhéanamh ar fhéinmharú.

Comharthaí bulaíochta

Is féidir le comharthaí na bulaíochta a bheith:

  • Eagla dul ar scoil
  • Obair scoile lag nó ag dul in olcas, neamhábaltacht díriú
  • Iompar tarraingthe siar
  • Dúlagar
  • Cailliúint muiníne
  • Drogall dul amach
  • Ganntanas airgid
  • Éadaí stróicthe, spéaclaí briste, leabhair scoile ar iarraidh
  • Comharthaí arís agus arís eile de ballbhrú agus gortuithe

Cad is féidir liom a dhéanamh más bulaí é mo leanbh?

Má cheapann tú go bhféadfadh do leanbh a bheith ina bhulaí tá sé tábhachtach é seo a aithint agus cabhrú leo déileáil leis. Ba chóir duit labhairt leis an múinteoir ranga faoin iompar bulaíochta seo agus conas a d’fhéadfaí é a athrú.

Conas a stoptar an bhulaíocht?

De ghnáth, bíonn gá le hidirghabháil ó dhaoine fásta. Caithfear aghaidh a thabhairt ar an iompar bulaíochta nó tarlóidh sé ar bhonn rialta agus éireoidh sé níos measa.

Má cheapann tú go bhfuil bulaíocht á déanamh ar dhuine, ba cheart labhairt leis an múinteoir ranga nó leis an bpríomhoide.

Mura féidir le foireann na scoile an fhadhb a réiteach, is féidir an scéal a chur in iúl do Chathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile.

Tá an Bord Bainistíochta freagrach go dlíthiúil as an scoil a reáchtáil ó lá go lá agus tá dualgas cúraim air i leith dhaltaí na scoile. Dá réir sin, tá Bord Bainistíochta na scoile freagrach do phátrún na scoile as a dhualgais faoin Acht Oideachais 1998 a fheidhmiú.

Is féidir leis an Roinn Oideachais comhairle a chur ort maidir le gearán a dhéanamh. Níl aon chumhacht ag an Roinn Oideachais féin gearáin a fhiosrú.

Is suíomh gréasáin náisiúnta é an suíomh gréasáin ‘Tackle Bullying’ ar a bhfuil eolas do dhaoine óga, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí maidir leis an mbulaíocht agus an chibearbhulaíocht a chosc, a réiteach agus a bhainistiú trí idirghabháil a dhéanamh.

Ní mór cásanna tromchúiseanna bulaíochta, nuair a mheastar an t-iompar a bheith ionsaitheach, a thuairisciú do Tusla nó don Gharda Síochána.

Nósanna imeachta frithbhulaíochta i scoileanna

Is féidir le bulaíocht tarlú ag aois ar bith agus in aon timpeallacht. Is fadhb ar leith í an bhulaíocht i scoileanna mar go gcaitheann leanaí an oiread sin dá gcuid ama ann agus go bhfuil siad i ngrúpaí sóisialta móra.

Tá údaráis na scoile freagrach as déileáil le bulaíocht. Ba chóir go mbeadh polasaí frithbhulaíochta ag gach scoil mar chuid dá gcód iompair foriomlán. Tá Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna (pdf) foilsithe ag an Roinn.

Cá bhfuil cabhair le fáil

Má tá bulaíocht á déanamh ar do leanbh, ba cheart teagmháil a dhéanamh le scoil do linbh.

Is féidir teacht ar eolas faoi shuíomhanna ghréasáin agus eagraíochtaí úsáideacha a thabharfaidh treoir agus tacaíocht duit ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.

Cuireann Barnardos acmhainní ar fáil do dhaoine óga maidir leis an mbulaíocht.

Ní mór cásanna tromchúiseanna bulaíochta, nuair a mheastar an t-iompar a bheith ionsaitheach, a thuairisciú do Tusla nó don Gharda Síochána.

Tá straitéis nua frithbhulaíochta foilsithe ag an Roinn, Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht (pdf), chomh maith le plean cur chun feidhme 2023-2027.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Deireadh Fómhair 2023