Fóirdheontas uilíoch um chúram leanaí

Cad é an Fóirdheontas Uilíoch?

Is fóirdheontas cúraim leanaí é an Fóirdheontas Uilíoch do leanaí atá i gcúram leanaí atá cláraithe le Tusla atá níos sine ná 6 mhí d’aois ach atá níos óige ná 15 bliana d’aois.

Baintear an fóirdheontas ón mbille foriomlán a fhaigheann tú ó do sholáthraí cúram leanaí.

Buiséad 2024: méadú ar fhóirdheontas cúram leanaí

Fógraíodh i mBuiséad 2024, go méadófar ráta fóirdheontais na Scéime Náisiúnta um Chúram Leanaí ó €1.40 go €2.14 in aghaidh na huaire ó Mheán Fómhair 2024.

Conas cáiliú don FhóirdheontasUilíoch

Chun cáiliú don Fóirdheontas Uilíoch:

  • Caithfidh do leanbh a bheith níos sine ná 6 mhí (24 seachtain) ach níos óige ná 15 bliana d’aois.
  • Caithfidh do sholáthraí cúram leanaí a bheith cláraithe le Tusla agus i gconradh leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun an Fóirdheontas Uilíoch a thairiscint.

Níl an fóirdheontas tástáilte ó thaobh acmhainne.

Ní féidir leat an Fóirdheontas Uilíoch agus fóirdheontas ioncam-mheasúnaithe a fháil ag an am céanna. Is féidir leat a roghnú, áfach, cé acu fóirdheontas is mó tairbhe duit.

Ráta an Fhóirdheontais Uilíoch

Íoctar an fóirdheontas uilíoch um chúram leanaí ag €1.40 in aghaidh na huaire go dtí uasmhéid de 45 uair in aghaidh na seachtaine do gach leanbh incháilithe.

Is féidir leat an t-áireamhán fóirdheontais ar láithreán gréasáin an NCS a úsáid chun cabhrú le do theidlíocht a oibriú amach.

Mar shampla, má tá do leanbh ag freastal ar ionad cúraim leanaí ar feadh 45 uair in aghaidh na seachtaine, d’fhéadfá fóirdheontas de €63 in aghaidh na seachtaine a fháil (€1.40 x 45 uair).

Mar shampla, má tá do leanbh ag freastal ar ionad cúraim leanaí ar feadh 20 uair in aghaidh na seachtaine, d’fhéadfá fóirdheontas de €28 in aghaidh na seachtaine a fháil (€1.40 x 20 uair).

Conas iarratas a dhéanamh ar anbhFóirdheontas Uilíoch

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an bhfóirdheontas uilíoch faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí nua ag ncs.gov.ie. Beidh cuntas MyGovID deimhnithe agus dáta breithe agus uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ag teastáil uait do gach leanbh a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bpost ach dul i dteagmháil leis an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Tógfaidh sé níos faide na hiarratais seo a phróiseáil agus d’fhéadfadh sé seo tionchar a bheith aige ar an dáta tosaigh ónar féidir d’fhóirdheontas a íoc.

Íocfar an fóirdheontas go díreach le do sholáthraí cúram leanaí agus asbhainfear é ó chostas do chúraim leanaí.

Caithfidh do sholáthraí cúram leanaí a bheith cláraithe le Tusla. Is féidir leat liosta de na soláthraithe cúram leanaí ar conradh a fháil ar ncs.gov.ie.

Is féidir leat tuilleadh a léamh inár ndoiciméad ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS).

Cá ndéanfaidh mé iarratas ar anbhFóirdheontas Uilíoch?

Chun teacht ar sholáthraithe cúram leanaí i do cheantar a thairgeann an Fóirdheontas Uilíoch déan teagmháil le do Choiste Cathrach nó Contae i gCúram Leanaí.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, tabhair cuairt ar www.ncs.gov.ie nó déan teagmháil leis an Ionad Tacaíochta do Thuismitheoirí de chuid na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí. Glaoigh ar (01) 906 8530 (9am - 5pm Laun go hAoine).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Deireadh Fómhair 2023