Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas Réamhscoile agus Cúram Leanaí > Scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige

Print Page Send to a Friend

Scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige

Eolas

Soláthraíonn an scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige (COLÓ) bliain chúraim agus oideachais luath-óige saor in aisce do leanaí atá in aois réamhscolaíochta. De ghnáth bíonn leanaí incháilithe i gcomhair na scéime COLÓ má tá siad idir 3 bliana is 2 mhí agus 4 bliana is 7 mí d’aois ar 1 Meán Fómhair na bliana sin a mbeidh siad ag tosú. Is féidir an uasteorainn a shíneadh i gcásanna áirithe - féach 'Rialacha' thíos.

Íocann an Stát táille chaipitíochta le gach naíonra agus seirbhís cúram lae atá páirteach sa scéim. Mar chúiteamh air sin, cuireann siad seirbhísí réamhscolaíochta ar fáil saor in aisce do gach leanbh atá san aois cháilithe ar feadh líon áirithe uaireanta an chloig ar feadh líon áirithe seachtainí (Féach thíos ‘Conas a chuirtear an scéim COLÓ ar fáil’).

Is i mbliain scoile amháin a cháilítear leanaí don scéim de ghnáth, ach ta seans go mbeidh tú in ann an bhliain amháin a leathnú thar dhá bhliain má tá do leanbh faoi míchumas - féach 'Leanaí faoi riachtanais speisialta' thíos.

Rialacha

Raon aoise incháilithe

De ghnáth tá leanaí incháilithe i gcomhair na scéime COLÓ má tá siad idir 3 bliana is 2 mhí agus 4 bliana is 7 mí d’aois ar 1 Meán Fómhair na bliana in a mbeidh siad ag tosú. Ciallaíonn sé sin go bhfuil leanaí a rugadh idir 2 Feabhra 2007 agus 30 Bealtaine 2008 (agus an dá dháta sin san áireamh) incháilithe le páirt a ghlacadh sa scéim sa bhliain scoile 2011/2012.

Don scoilbhliain a thosóidh i Meán Fómhair 2012, beidh leanaí a rugadh idir 2 Feabhra 2008 agus 30 Bealtaine 2009 (agus an dá dháta sin san áireamh) incháilithe le páirt a ghlacadh sa scéim.

Díolúintí ón riail aoise

Más rud é go bhfuil do leanbh os cionn na haoise incháilitheachta de bharr riachtanais speisialta d’fhéadfadh sé nó sí a bheith i dteideal díolúine a fháil ó uasteorainn aoise na Scéime COLÓ. Ba chóir duit scríobh chuig an Roinn Gnóthaí Leanaí agus Óige agus díolúine a iarraidh ón teorainn aoise (féach ar ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos)

Más rud é gurb é beartas iontrála do bhunscoile áitiúla go gcaithfidh leanaí a bheith os cionn 5 bliana is 7 mí sula dtosaíonn siad ar scoil, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Gnóthaí Leanaí agus Óige chun díolúine a fháil ón uasteorainn aoise.

Ba chóir duit d’iarratas ar dhíolúine a chur isteach a luaithe agus is féidir.

Conas a chuirtear an scéim COLÓ ar fáil

Braitheann leagan amach na n-uaireanta oideachais réamhscolaíochta saor in aisce ar an gcineál seirbhíse a bhfuil do leanbh ag freastal uirthi agus ar leagan amach seachtainiúil na seirbhíse sin. Tá cur síos le fáil ar na cineálacha seirbhíse éagsúla inár ndoiciméad faoi roghanna maidir le cúram leanaí.

Seirbhísí in aghaidh an tseisiúin

Má tá do leanbh ag freastal ar feadh leathlae nó 'seirbhís in aghaidh an tseisiúin' ar naíonra, ar scoil Montessori nó le grúpa tuismitheoirí agus lapadán, mar shampla, is é an gnáthleagan amach atá ar an mbliain réamhscolaíochta saor in aisce ná 3 uaire in aghaidh an lae, 5 lá na seachtaine ar feadh tréimhse 38 seachtaine. Más rud é go bhfuil do leanbh ag freastal ar feadh breis agus 3 uaire gearrfar táille ort as an am breise.

Más rud é nach féidir leis an tseirbhís in aghaidh an tseisiúin a bhfuil do leanbh ag freastal uirthi a bheith oscailte 5 lá sa tseachtain, is é an gnáthleagan amach atá ann i gcomhair na bliana réamhscolaíochta saor in aisce ná 3 uaire is 30 nóiméad sa lá, 4 lá na seachtaine ar feadh tréimhse 41 seachtaine.

Seirbhísí cúram lae

Má tá do leanbh ag freastal go lánaimseartha nó go páirtaimseartha ar sheirbhís cúram lae is é an gnáthleagan amach i gcomhair na bliana réamhscolaíochta saor in aisce ná 2 uair is 15 nóiméad in aghaidh an lae ar feadh tréimhse 50 seachtaine. Gearrfar táille ort as an am breise má tá do leanbh ag freastal ar feadh tréimhse níos faide ná sin gach lá.

I gcás tuismitheoirí nach bhfuil a leanaí ag freastal go páirtaimseartha nó go lánaimseartha ar sheirbhís ach ar feadh 3 lá sa tseachtain, féadfaidh a leithéid de sheirbhís rogha a dhéanamh trí sheisiún réamhscolaíochta saor in aisce a mhairfidh 3 uaire is 45 nóiméad a chur ar fáil ar feadh tréimhse 50 seachtaine.

Ábhar agus cáilíocht na seirbhíse

Ní mór do na seirbhísí cúram leanaí atá ag glacadh páirte sa scéim COLÓ clár oideachais réamhscolaíochta iomchuí a chur ar fáil a chloíonn le prionsabail Síolta, an chreatlach náisiúnta d’oideachas agus cúram na luath-óige. Tabharfaidh comhordaitheoirí agus foireann an Choiste Cúram Leanaí áitiúil Cathrach/Contae tacaíocht do sheirbhísí rannpháirteacha trí chuairteanna cuiditheacha a thabhairt orthu agus comhairle a sholáthar.

Is féidir téarmaí agus coinníollacha ginearálta na scéime COLÓ agus bileog le haghaidh tuismitheoirí a fháil ar láithreán gréasáin Oifig an Aire Gnóthaí Leanaí agus Óige. Lena chois sin tá Nóta Faisnéise faoi na sonraí éagsúla a bhaineann leis na haoisteorainneacha.

Leanaí faoi riachtanais speisialta

Nuair a bunaíodh an scéim ar dtús, bhí áis ann chun bliain bhreise oideachais luath-óige a cheadú do leanaí a raibh míchumas suntasach acu agus a d'fhéadfadh tairbhe shuntasach a bhaint as bliain bhreise a chaitheamh ag freastal ar chúram nó oideachais luath-óige saor in aisce. Níl an áis seo le fáil tar éis mí Lúnasa 2011.

Seachas sin, má tá measúnú déanta go bhfuil míchumas suntasach ag an leanbh agus go mbainfeadh an leanbh tairbhe as freastal ar chúram nó oideachais luath-óige ar feadh 2/3 lá sa tseachtain seachas 5 lá, is féidir an bhliain oideachais luath-óige saor in aisce a leathnú thar trémhse dhá bhliain. Mar shampla, is féidir le do leanbh freastal ar feadh 2 lá sa tseachtain sa chéad bhliain agus ar feadh 3 lá sa tseachtain sa dara bliain.

Caithfidh tú cáipéisíocht iomchuí a sholáthar chun tacú le d'iarratas - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.




Rataí

Ní ghearrtar aon táille ar thuismitheoirí i gcomhair na n-uaireanta naíonra nó cúram lae a chuirtear ar fáil faoin scéim COLÓ. Íocann an Stát an naíonra nó an tseirbhís cúram lae as na huaireanta COLÓ sin trí mheán táille caipitíochta. Má tá do leanbh ag freastal ar feadh uaireanta breise beidh ort íoc as na huaireanta sin ar an ngnáthbhealach.

Féadfaidh seirbhís costas a ghearradh ar thuismitheoirí as gníomhaíochtaí breise. Caithfidh siad sin a bheith roghnach agus caithfidh an tseirbhís gníomhaíochtaí oiriúnacha eile a chur ar fáil do leanaí nach bhfuil ag glacadh páirte sna gníomhaíochtaí roghnacha sin ar gá íoc astu.

Éarlaisí áirithinte

Is féidir leis an tseirbhís éarlais a éileamh uait chun áit a áirithint dod leanbh. Tá uasteorainn ar aon éarlais a éilítear uait - méad an ráta caipitíochta cuí faoi dhó - agus caithfidh an tseirbhís an t-airgead seo a aisíoc leat roimh tús mí Deireadh Fómhair sa bhliain ina thosaíonn do leanbh ag freastal ar an tseirbhís.

Rátaí caipitíochta do sholáthraithe seirbhíse

Is €48.50 ina aghaidh na seachtaine thar thréimhse 50 seachtaine an ráta caipitíochta i gcomhair soláthraithe seirbhísí cúram lae.

Is €64.50 an aghaidh na seachtaine thar thréimhse 38 seachtaine an ráta caipitíochta atá ann de ghnáth i gcomhair soláthraithe seirbhísí seisiúnacha.

D’fhéadfadh naíonraí a bhfuil seirbhís in aghaidh an tseisiúin á soláthar acu, agus a bhfuil foirne ag obair iontu a bhfuil cáilíochtaí níos airde acu, a bheith i dteideal táille chaipitíochta €75 in aghaidh na seachtaine a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan iarratas chuig naíonra nó chuig ionad cúram lae atá rannpháirteach chun áit a fháil do do leanbh. Féadfaidh tú liosta de na seirbhísí atá páirteach sa scéim a fháil ó Choiste Cúram Leanaí Cathrach nó Contae do cheantair - féach ar ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Scríobh chuig Oifig an Aire Gnóthaí Leanaí agus Óige chun díolúine a fháil maidir leis an uasteorainn aoise - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

  • Má tá do leanbh os cionn na teorann aoise de bharr riachtanais speisialta a bheith aige nó aici ba chóir duit cóip den mheasúnú a rinne FSS nó lia comhairleach ar an riachtanas sin a iniamh le do litir. Ní leor litir ó dhochtúir ginearálta chun go bhfaighidh do leanbh díolúine.
  • Más rud é go bhfuil do leanbh os cionn na huasteorann aoise de bharr beartas do bhunscoile áitiúla i leith na haoise iontrála caithfidh tú litir a iniamh ó phríomhoide na scoile ag tabhairt le fios beartas na scoile i leith na haoise iontrála agus i leith leanaí a chur ar rolla na scoile.

Chun leathnú na bliana luath-oideachais thar tréimhse dhá bhliain a éileamh do leanbh faoi míchumas, scríobh chuig an Roinn Gnóthaí Leanaí agus Óige, le miontuairisc nuashealbhaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) mar gheall ar mheasúnú ar do leanbh. Muna bhfuil tuairisc mar seo le fáil ón FSS (agus cúis láidir leis seo) glacfar le tuarisc mheasúnaithe ón lia comhairleach atá ag cóireáil do linbh). Ní leor litir ó liachleachtóir chun an áis seo a fháil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chun naíonra nó ionad cúram lae a aimsiú, déan teagmháil leis an gCoiste Cúram Leanaí Cathrach nó Contae is gaire duit.

Stiúrthóireacht um Chúram Leanaí

Roinn Gnóthaí Leanaí agus Óige
43-49 Bóthar Mespil
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:(01) 647 3000
Facs:(01) 647 3101
Láithreán Gréasáin: http://www.dcya.ie
R-phost: childcare_mail@dcya.gov.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 August 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.