Erasmus +

Cad é Erasmus +?

Clár AE é Erasmus + ar féidir leis cabhrú leat taisteal chun taithí oibre a fháil, staidéar a dhéanamh nó tabhairt faoi oiliúint i dtír eile. Is féidir leat idir 2 lá agus 30 lá nó idir 2 sheachtain agus bliain a chaitheamh thar lear agus tú rannpháirteach in Erasmus +, ag brath ar an saghas tionscadail ina bhfuil tú páirteach.

Tá Erasmus + ar oscailt do go leor daoine, iad seo a leanas san áireamh:

  • Daltaí i scoil
  • Mic léinn san ardoideachas
  • Mic léinn sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint
  • Daoine óga in eagraíochtaí óige
  • Foghlaimeoirí fásta

Is féidir leis an bhfoireann i suíomhanna oideachais agus oibrithe don ógra páirt a ghlacadh in Erasmus + freisin.

Ní féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach le Erasmus +. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh trí eagraíocht rannpháirteach cosúil le do scoil nó coláiste nó áit oibre.

Má éiríonn leis an iarratas, gheobhaidh tú cistiú a íocann as do chostais taistil agus as an gcostas maireachtála thar lear, de ghnáth. Is féidir leat cistiú a fháil chun íoc as costais eile freisin.

Is féidir leat Tacaíocht Teanga ar Líne a fháil freisin chun cabhrú leat an teanga a fhoghlaim a úsáidfidh tú nuair a bheidh tú thar lear le Erasmus +.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh an bhliain a bhaineann tú 18 mbliana d’aois amach ar phas iarnróid DiscoverEU mar chuid de Erasmus +, más saoránach AE thú.

Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi Erasmus + ar an láithreán gréasáin erasmusplus.ie.

Cén tír ar féidir liom taistealchuici le Erasmus +?

Is féidir dul go tír AE ar bith agus roinnt tíortha lasmuigh den AE le Erasmus +.

Tá tíortha cláir incháilithe do gach cuid de Erasmus +. Áirítear leis na tíortha cláir gach ballstát an AE, an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Tuirc agus an tSeirbia.

Is féidir le tíortha comhpháirtí páirt a ghlacadh i roinnt gnéithe agus caithfidh siad coinníollacha ar leith a shásamh.

Cuirtear liosta tíortha ar féidir leo páirt a ghlacadh in Erasmus + ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

Mic léinn Thuaisceart Éireann

Chuir an RA deireadh lena rannpháirtíocht sa chlár Erasmus+ an 31 Nollaig 2020. Tacóidh Rialtas na hÉireann le mic léinn ardoideachais i dTuaisceart Éireann leas a bhaint as soghluaiseachtaí agus intéirneachtaí ar fud na hEorpa.

Cén costais a n-íocann Erasmus +astu?

Gheobhaidh tú cistiú Erasmus +, de ghnáth, chun cabhrú le híoc as do chostais taistil agus costais mhaireachtála ar nós cóiríochta agus bia. Beidh ort féin íoc as aon chostais nach mbaineann leo seo. Braitheann an méid cistiú a fhaigheann tú ar an saghas tionscadail a bhfuil tú páirteach ann.

Tá cistiú breise ar fáil chun tacú le daoine faoi mhíchumas agus ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste.

Ní bheidh ar mhic léinn ardoideachais táillí a íoc ar theagasc, clárú, scrúduithe, agus táillí ar rochtain ar shaotharlanna nó leabharlanna san institiúid ina bhfuil staidéar á dhéanamh acu le Erasmus +. B’fhéidir go ngearrfaí táillí ar árachas nó ar bhallraíocht d’aontas mac léinn fós féin.

Is féidir leat teacht ar eolas ar leibhéil deontais agus saghsanna cistithe in Treoir maidir le Clár Erasmus+. D’fhéadfá deontais bhreise a fháil ó d’institiúid, rialtas nó ó fhoinsí eile. Seiceáil an Treoir maidir le Cistiú Eorpach.

Cén tionscadail a chistíonn Erasmus+?

Ní féidir ach le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar chistiú Erasmus +. Áirítear leis seo scoileanna, institiúidí ardoideachais agus oiliúna, eagraíochtaí óige agus spóirt.

Caithfidh iarratais ó eagraíochtaí rannpháirteacha tacú le ceann amháin nó níos mó de cheithre thosaíocht chlár Erasmus+ 2021-2027.

  • Tá mar aidhm ag Erasmus + Ionchuimsitheach comhdheiseanna a chinntiú do gach duine
  • Tá mar aidhm ag Erasmus + Digiteach foghlaim agus oiliúint dhigiteach inrochtana agus ardchaighdeáin a fhorbairt.
  • Spreagann Erasmus + Glas rannpháirtithe eolas agus tuiscint ar inbhuanaitheacht agus athrú aeráide a fhorbairt agus a úsáid a bhaint as iompar carbóin níos ísle
  • Tacaíonn rannpháirtíocht Erasmus + sa saol daonlathach le rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí

Má tá tú ar scoil, is féidir leat am a chaitheamh thar lear le staidéar a dhéanamh i scoil chomhpháirtí. Is féidir leat dul freisin mar chuid de ghrúpa le foghlaim le scoláirí eile scoile thar lear.

Má tá tú san ardoideachas, is féidir tréimhse do staidéir a shuimiú leis an tréimhse a chaitheann tú ag tabhairt faoi chúrsa oiliúna.

Más oiliúnaí nó printíseach thú, is féidir thú a óstáil in ionad oibre nó in institiúid eile d’oiliúnaithe d’fhoghlaim atá bunaithe ar an obair. Is féidir le do chúrsa oiliúna maireachtáil idir 2 sheachtain agus 12 mhí.

Má foghlaimeoir fásta thú, is féidir leat am a chaitheamh ag eagraíocht foghlama aosach a bhféadfadh foghlaim rangbhunaithe nó obairbhunaithe nó scáthfhoghlaim a bheith i gceist leis. Is féidir leat staidéar a dhéanamh thar lear freisin mar chuid de ghrúpa.

Is féidir le daoine óga in eagraíochtaí óige agus oibrithe deonacha taisteal chun freastal ar oiliúint nó tabhairt faoi mhalartú óige agus páirt a ghlacadh i gceardlanna, díospóireachtaí agus gníomhaíochtaí faoin aer.

Cuireann cuideachtaí agus eagraíochtaí folúntais intéirneachta ar fáil ar an láithreán gréasáin Erasmusintern.org.

Is féidir leat teacht ar eolas ar gach tionscadal a chistítear faoi chlár Erasmus+ ar ardán Torthaí Tionscadal Erasmus +.

Conas iarratas a dhéanamh ar Erasmus+

Leanaí scoile

Má tá tú i scoil, caithfear iarratais ar Erasmus + a dhéanamh trí do scoil. Caithfidh an scoil a bheith cothrom, ionchuimsitheach agus trédhearcach nuair a roghnaíonn siad iarrthóirí do Erasmus +.

Is féidir le do scoil iarratas a dhéanamh ar Erasmus + go díreach nó trí chuibhreannas scoileanna.

Is féidir le do scoil deiseanna Erasmus + a fhiosrú tríd an ardán Ríomhnasctha agus Tairseach Oideachais Scoile.

Mic léinn in institiúidí ardoideachais

Más mac léinn ar thríú leibhéal thú, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Erasmus +, cúrsa oiliúna nó ar Erasmus + agus cúrsa oiliúna le chéile trí oifig idirnáisiúnta nó Erasmus + d’institiúide ardoideachais.

Caithfidh tú a bheith cláraithe in institiúid ardoideachais agus staidéar á dhéanamh agat do chéim nó cáilíocht tríú leibhéal aitheanta agus bheith sa dara bliain, ar a laghad. Caithfidh an staidéar nó an cúrsa oiliúna thar lear bheith bainteach le do chéim nó do riachtanais forbartha pearsanta.

Má bhain tú céim amach le déanaí, caithfear thú a roghnú do chúrsa oiliúna i rith do bhliana deireanaí staidéir agus caithfidh tú an cúrsa oiliúna a chríochnú laistigh de bhliain amháin tar éis duit do cháilíocht a bhaint amach.

Má rinne tú bunchéim, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Scoláireacht Comh-Mháistir Mundus Erasmus +.

Is féidir leat tabhairt faoi Erasmus + go leor uaireanta. Ní féidir leat ach Erasmus + amháin a dhéanamh, áfach, i rith gach Baitsiléir, Máistir, céim Dhochtúireacht nó a chomhionann.

Foghlaimeoirí nó printísigh ghairmoideachais agus ghairmoiliúna (VET)

Más printíseach thú nó má tá tú ag freastal ar chúrsa gairmoideachais agus oiliúna (VET), déan teagmháil le Léargas chun teacht ar eolas ar eagraíochtaí nó fostóirí ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar Erasmus + leo.

Mheasfaí gurb eagraíocht VET do Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOO) áitiúil i dtaobh Erasmus +. Foilsíonn Léargas liosta eagraíochtaí gairmoideachais agus oiliúna (VET) atá incháilithe do Erasmus +.

Rannpháirtithe óige, oibrithe deonacha agus oibrithe don ógra

Ba cheart do dhaoine óga in eagraíochtaí óige nó oibrithe deonacha iarratas a dhéanamh trí eagraíochtaí nó grúpa óige.

Is féidir leat teacht ar eolas ar Erasmus + agus deiseanna óige eile ar láithreán gréasáin Léargas.

Cathain iarratas a dhéanamh ar Erasmus +

Bíonn dhá spriocdháta iarratais ann, de ghnáth, d’eagraíochtaí gach bliain, ceann amháin san earrach agus ceann eile san fhómhar.

Foilsítear dátaí iarratais do scoileanna, gairmoideachas agus oiliúint, printíseachtaí, oideachas aosach agus eagraíochtaí óige ar láithreán gréasáin Léargas.

Foilsítear dátaí iarratais d’institiúidí ardoideachais ar láithreán gréasáin Erasmus + an Údaráis um Ard-Oideachas euireland.ie.

Deiseanna eile a chistíonn an AE

Is féidir le daoine óga páirt a ghlacadh i dtionscadail oibre deonaí agus tionscadail dlúthpháirtíochta in Éirinn nó i dtír eile trí chlár eile ar a dtugtar an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Is féidir leat clárú ar Thairseach an Chóir Dhlúthpháirtíochta Eorpaigh nó cuairt a thabhairt ar europeansolidarity.ie le heolas breise a fháil.

Is féidir leat teacht ar dheiseanna chun taisteal, oibriú, staidéar a dhéanamh agus obair dheonach a dhéanamh san Eoraip ar Eurodesk.ie.

Is féidir le daoine óga agus eagraíochtaí óige teacht ar eolas ar láithreáin ghréasáin thairseach óige na hEorpa agus Youthpass.

Údarás um Ard-Oideachas

Rannóg Oideachas Idirnáisiúnta
Teil: 01 2317 100
Láithreán Gréasáin: https://eurireland.ie/

None

189-193 Sráid Parnell
Baile Átha Cliath 1
Éire

Facs: (01) 873 1316
Láithreán Gréasáin: https://www.leargas.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Meán Fómhair 2023