Éarlais

Cad is éarlais ann?

Is éard is éarlais ann ná suim airgid a íocann tú roimh ré mar rún rud éigin a cheannach.

Is féidir go n-iarrfar ort éarlais a íoc le haghaidh táirgí agus seirbhísí, mar shampla, nuair a bhíonn rud éigin á ordú agat ó shiopa, ag fáil feabhsúcháin tí nó ag fruiliú trealaimh.

Nuair a íocann tú éarlais, íocann tú an t-iarmhéid airgid atá dlite ar sheachadadh na míre nó ar chríochnú na seirbhíse.

Aontaíonn tú féin agus an díoltóir méid na héarlaise agus téarmaí eile – féach thíos.

Téarmaí agus Coinníollacha

Nuair a íocann tú éarlais, déanann tú conradh leis an díoltóir nó leis an soláthraí. Féadfaidh an conradh a bheith ó bhéal nó i scríbhinn. Tá tú féin agus an díoltóir faoi cheangal ag téarmaí agus coinníollacha an chonartha.

Caithfidh na téarmaí agus coinníollacha a bheith soiléir agus cothrom. I measc na dtéarmaí a d’fhéadfadh a bheith éagórach:

  • Tá éarlais neamh-inaisíoctha i ngach cás
  • Más rud é go gcealóidh tú, ní mór duit costais uile an díoltóra a íoc. Ní féidir leis an díoltóir ach méid a chumhdaíonn na caillteanais iarbhír ó do chealú a choinneáil. D’fhéadfadh costais íoctha cheana féin nó caillteanas brabúis a áireamh leis seo (mar shampla, nuair a chealaíonn tú ar ghearrfhógra)
  • Tá cead ag an díoltóir an éarlais a choinneáil má chealaítear tú ach mura gcúitítear thú má chealaíonn an díoltóir

Cad atá le seiceáil roimh íoc

Sula n-íocann tú éarlais, seiceáil:

  • An méid éarlaise
  • Catháin a chaithfidh tú an t-iarmhéid a íoc
  • Má íocann tú i dtráthchodanna, cé mhéad a bheidh i ngach tráthchuid
  • Sonraí faoin táirge nó faoin tseirbhís chruinn atá á cheannach agat
  • An dáta a seachadfar an táirge nó an dáta a chríochnófar an tseirbhís
  • Cibé an ndéanfar nó nach ndéanfar an éarlais a aisíoc in aon chás (go hiomlán nó go páirteach)
  • Aon mhéid neamh-inaisíoctha nó muirear cealaithe, má shocraíonn tú cealú

Faigh deimhniú na faisnéise seo i scríbhinn nó trí ríomhphost. Faigh admháil i gcónaí ar an éarlais a d'íoc tú.

An féidir liom m'éarlais a fháil ar ais?

Tá sé de cheart agat d’éarlais a fháil ar ais:

  • Mura soláthraíonn an díoltóir an méid a comhaontaíodh
  • Murar féidir leis an díoltóir an táirge a sholáthar nó an tseirbhís a d’ordaigh tú a sheachadadh
  • Mura seachadann an díoltóir an táirge nó an tseirbhís ar an dáta comhaontaithe agus mura féidir leat dáta seachadta nua a chomhaontú
  • Mura seachadann an díoltóir an táirge nó an tseirbhís ar an dáta seachadta nua

D’athraigh mé m’intinn

Má shocraíonn tú rud éigin ar íoc tú éarlais as a chur ar ceal, de ghnáth ní cheanglaítear ar an díoltóir do chuid airgid a thabhairt ar ais.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an díoltóir cealuithe a cheadú má athraíonn tú d’intinn, ag brath ar na téarmaí agus coinníollacha (féach thuas).

Má théann an díoltóir as gnó

Má íocann tú éarlais agus má théann an díoltóir as gnó sula seachadtar d’earraí nó seirbhís, d’fhéadfadh sé a bheith deacair duit do chuid airgid a fháil ar ais nó an earra nó an tseirbhís a fháil.

De ghnáth, beidh airgead ag roinnt daoine ar an díoltóir agus mar sin níl d’éileamh ach ar cheann amháin as go leor. Tá rialacha ann maidir leis an tosaíocht a thabharfar d’fhiacha nuair a théann gnóthas faoi leachtú nó faoi ghlacadóireacht. Go ginearálta, beidh tú íseal san ord tosaíochta.

Má d’íoc tú an éarlais le cárta creidmheasa nó cárta dochair, féadfaidh tú dul i dteagmháil le do bhanc nó soláthraí cárta creidmheasa chun aisíocaíocht a iarraidh.

Má dhiúltaíonn an díoltóir d’éarlais a thabhairt ar ais

Tá cearta agat mura gcomhlíonann an díoltóir a gcuid oibleagáidí duit. Má sháraíonn an díoltóir téarmaí an chonartha agus má dhiúltaíonn sé d’éarlais a comhaontaíodh a aisíoc, féadfaidh tú:

Tuilleadh faisnéise

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí seo a leanas le haghaidh comhairle agus tacaíochta:

  • Díospóid le trádálaí atá bunaithe in Éirinn: Déan teagmháil leis an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) le haghaidh faisnéise agus comhairle
  • Díospóid le trádálaí atá bunaithe i dtír AE eile: Déan teagmháil leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC) Éire chun comhairle a fháil faoi idirbhearta trasteorann

Faigh tuilleadh faisnéise faoi eagraíochtaí um chosaint tomhaltóirí.

Tá tuilleadh faisnéise ag an CCPC faoi thaiscí. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi do chearta tomhaltóirí in Éirinn.

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Teach Bloom
Sráid an Iarnróid
Baile Átha Cliath 1
D01 C576

Uaireanta Oscailte: Línte oscailte Luan-Aoine, 9rn - 6in
Teil: (01) 402 5555 and (01) 402 5500
Láithreán Gréasáin: http://www.ccpc.ie

ECC Éire

Teach Bloom
Sráid an Iarnróid
Baile Átha Cliath 1
D01 C576

Láithreán Gréasáin: http://www.eccireland.ie/

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Feabhra 2024