Fógraíocht agus cur chun cinn

  • Cosnaítear tomhaltóirí in Éirinn agus san AE ar fhógraíocht bhréagach nó mhíthreorach. Faigh amach cad atá sna rialacha a chlúdaíonn fógraíocht agus cé a dhéanann faireachán agus a fhorfheidhmíonn na rialacha sin.

  • Ní mór do mhiondíoltóirí agus do ghnólachtaí eile rialacha dochta a leanúint maidir leis an mbealach ar cheart praghsanna a thaispeáint. Faigh tuilleadh faisnéise faoi rialacha praghsála agus faoi do chearta.

  • Tá rialacha an AE agus na hÉireann maidir leis an bhfaisnéis a chaithfidh lipéid táirgí a thaispeáint. Faigh amach na rialacha a bhaineann le déantóirí agus conas a chosnaítear do chearta.

  • Cosnaíonn dlí na dtomhaltóirí tú in aghaidh cleachtais díolacháin éagóracha, mhíthreoracha agus ionsaitheacha ar dócha go gcuirfidh siad isteach ar do chinneadh ceannacháin. Faigh tuilleadh faisnéise faoi na rialacha maidir le cleachtais éagóracha.