Print Page Send to a Friend

Colscaradh

Eolas

Ceadaíonn Foraithne Cholscartha don lánúin phósta pósadh arís. Bhronn na Cúirteanna in Éirinn 3,347 colscaradh san iomlán i rith 2004. Léiríonn an figiúr seo méadú de 12.7% ar líon na bhforaitheanta colscartha a bronnadh sa bhliain 2003. Bunaithe ar staitisticí oifigiúla pósta, áfach, is amhlaidh ráta colscartha na hÉireann a bheith fós íseal ag 16%, i gcomparáid le tíortha eile san AE.

Caithear na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh sula féidir leis an gcúirt colscaradh a cheadú:

Rialacha

  • Caithfidh na páirtithe a bheith ag maireachtáil óna chéile suas le cheithre bliana as an tréimhse chúig bliana roimh a dhéantar an t-iarratas.
  • Caithfidh sé nach mbeadh cosúlacht ar bith ann go mbeadh athmhuintreas eatarthu.
  • Caithfidh socruithe cuí a bheith déanta nó a dhéanamh don chéile agus d'aon duine den teaghlach ar nós an clann, ag ceachtar don dá pháirtithe agus gaolta eile.

1. Má chomhlíontar na coinníollacha sin, is féidir le ceachtar de pháirtithe an phósta iarratas chun cúirte a dhéanamh le haghaidh Foraithne Cholscartha. Má táthar sásta leis an réitiú, tabharfaidh an chúirt cead don Foraithne Cholscartha agus an pósadh a scríosadh. Nuair a cheadaítear don Fhoraithne Cholscartha, d'fhéadfadh an chúirt ordaithe a dhéanamh ó thaobh cúram agus teacht ar na bpáistí, íocaíochtaí cothaithe agus cnapshuimeanna, aistriú úinéireachta, deireadh a chuir le cearta oidhreachta, cearta pinsin agus mar sin de.

2. De bhrí go gcaithfidh na páirtithe a bheith ag maireachtáil óna chéile le cheithre bliana as an tréimhse chúig bliana roimh a dhéantar an t-iarratas ar cholscaradh, bíonn Aontú ScarthaScaradh Dlíthiúil ag chuid mhaith lánúin atá ag scaradh óna chéile chun réitiú a dhéanamh eatarthu roimh a iarrann siad colscaradh.

3. In aon iarratas ar Fhoraithne Cholscartha, is féidir leis an gcúirt súil a chaitheamh ar aon réiteach a déanadh roimhe seo idir na páirtithe ar nós Aontú Scartha, go háirithe má tháinig athrú ar chúrsaí ceachtar de na páirtithe.

4. Nuair a cheadaíotar Foraithne Cholscartha ní féidir aisiompú a dhéanamh air. Is féidir le ceachtar de na páirtithe iarratas chun na cúirte a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na h-ordaithe, ar nós cothú de réir an Fhoraithne.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Scaradh Dleathúil
    Cur síos ar Scaradh Dleathúil agus an córas len é a chur i gcrích
  • Foraitheanta díscaoileadh
    Tugann foraithne díscaoileadh cead don dá pháirtí i bpáirtnéireacht shibhialta pósadh nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nua. Caithfear conníollacha speisialta a chomhlíonadh, áfach, sular féidir le cúirt díscaoileadh a bhronnadh.
  • Neamhniú pósta
    Cur síos atá sa cháipéis seo ar céard a reachtaíonn "neamhniú pósta" i ndlí na hÉireann

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.