Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Scaradh, colscaradh agus díscaoileadh > Foraitheanta díscaoileadh

Print Page Send to a Friend

Foraitheanta díscaoileadh

Eolas

Ceadaíonn foraithne díscaoileadh don dá pháirtí i bpáirtnéireacht shibhialta pósadh nó dul isteach i bpáirtnéireacht nua. Má tá cúirt sásta go bhfuil na conníollacha riachtanacha comhlíonta (féach Rialacha thíos), bronnfaidh an chúirt foraithne díscaoileadh, a dhíscaoileoidh an pháirtnéireacht shibhialta. Nuair a bhronnfaidh sí an foraithne díscaoileadh, d’fhéadfaí freisin go ndéanfaidh an chúirt orduithe i ndáil le híocaíocht chothábhála agus cnapshuimeanna, aistriú réadmhaoine, cearta comharbais, pinsin a mhúchadh agus rl.

Ciallaíonn an fhíric go raibh na páirtithe ag maireachtáil go deighilte ar feadh cúpla bliain sula ndearnadh iarratas ar dhíscaoileadh, go bhféadfaidh páirtnéirí sibhialta atá ag scaradh dul isteach i gcomhaontú idirscartha chun cúrsaí a rialú eatarthu sula lorgóidh siad díscaoileadh.

In aon iarratas d’fhoraithne díscaoileadh, is féidir leis an gcúirt athbhreithniú a dhéanamh ar aon socruithe déanta roimhe seo ag na páirtithe, ar nós comhaontú idirscartha, go háirithe má tá athrú tagtha ar dhálaí aon cheann de na páirtithe.

Nuair a bhronntar foraithne díscaoileadh, ní féidir aisiompú air. Is féidir le ceachtar páirtí iarratas a chur isteach chuig an gcúirt chun go ndéanfadh an chúirt athbhreithniú ar aon ordú – ar nós cothabháil – déanta faoin bhforaithne.

Rialacha

Sula mbronnfaidh cúirt díscaoileadh, caithfidh na coinníollacha a leanas a bheith comhlíonta:

  • Caithfidh go raibh na páirtithe ina gcónaí scartha óna chéile do thréimhse ar dhá bhliain é as an trí bliana sula ndearnadh an t-iarratas.
  • Caithfidh go ndearnadh socruithe cearta nó go ndéanfar socruithe cearta do na páirtithe sibhialta.

Má chomhlíontar na conníollacha seo, is féidir le ceachtar páirtí i bpáirtnéireacht shibhialta cur isteach ar iarratas d’fhoraithne díscaoileadh

Mar gur cláraíodh na chéad pháirtnéireachtaí sibhialta i 2011, is é an t-am is túisce gur féidir le haon duine cur isteach ar fhoraithne díscaoileadh ná 2013 agus beidh an nós imeachta cosúil le cur isteach ar fhoraithne colscaradh.

Agus tú ag cur isteach ar dhíscaoileadh, beidh ort dhá cháipéis a chur isteach chuig an gCúirt Dúiche:

  • Foirm iarratais (ar a dtugtar bille sibhialta dlí teaghlaigh). Cuireann an cháipéis seo síos ort féin agus ar do pháirtí, bhur ngairmeacha beatha agus áit a bhfuil cónaí oraibh. Leagann sé amach freisin an uair ar chláraigh sibh bhur bpáirtnéireacht shibhialta, an fhad is atá sibh in bhur gcónaí deighilte óna chéile agus ainmneacha agus dátaí breithe bhur leanaí.
  • Ráiteas mionnaithe acmhainne (Foirm 37A). Leagann an cháipéis seo amach bhur gcuid sochair, bhur n-ioncaim, bhur bhfiacha, bhur ndochair agus bhur n-eisíocaíochtaí.

Ní bheidh aon riachtanas ann ráiteas mionnaithe a chur isteach i ndáil le leas bhur leanaí nó cáipéis a dheimhníonn go bhfuil comhairle faighte ar chomhroghanna ar dhíscaoileadh, mar a theastaíonn in iarratais cholscartha.

Nuair atá na cáipéisí riachtanacha ar fad comhadaithe, tabharfar dáta duit don éisteacht chúirte. Reáchtálfar an éisteacht go príomhaideach agus beidh ort a thaispeáint don chúirt go gcomhlíonann tú riachtanais an Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Cearta agus Oibleagáidí ar Leith do Chomhchónaitheoirí 2010. Má tá an chúirt sásta go bhfuil údar díscaoilte agat, bronnfaidh sí foraithne díscaoileadh.

Rataí

Níl aon cheanglas dlíthiúil ort úsáid a bhaint as aturnaeabhcóide. Go deimhin, más mian leat, is féidir leat rogha a dhéanamh tú féin a ionadú. D’fhéadfaí go bhfuil saincheisteanna casta a chruthóidh an-deacrachtaí cur isteach ar dhíscaoileadh gan aon chúnamh proifisiúnta, áfach.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá comhairle agus ionadú dlíthiúil inmholta i gcónaí. Má bhíonn aon easaontas idir tú féin agus do pháirtnéir sibhialta faoi shaincheist ar bith, moltar go láidir aturnae dlí teaghlaigh a fheiceáil. Níor cheart go n-úsáidfeadh tú féin ná do pháirtnéir sibhialta an t-aturnae céanna.

Chun fiosrú an bhfuil tú i dteideal Cúnamh Dlí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ionad dlí is gaire duit. Níl Cúnamh Dlí saor in aisce agus caithfidh tú íocaíocht a dhéanamh chuig costais.

Is eagraíocht neamhspleách dheonach í ICDSA (Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce) a oibríonn líonra clinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus oscailte do gach duine. Téigh i dteagmháil leis an Ionad Eolais do Shaoránaigh is gaire duit d’eolas ar sheirbhísí ICDSA i do cheantar. Ritheann ICDSA líne eolais agus atreoraithe i rith uaireanta oifige d’eolas dlí bunúsach.

Má roghnaíonn tú aturnae príomhaideach a fhostú, ba cheart go mbeadh a fhios agat nach bhfuil aon ráta seasta do mhuirir do tháillí dlí. Cuirtear comhairle ort roinnt luanna a fháil sula gcinneoidh tú ar ghnólacht dlí. Tá Eolas teagmhála do ghnólachtaí aturnaetha ar fud na hÉireann ar fáil ar shuíomh gréasáin Dhlí-Chumann na hÉireann.

Teagmháil

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire

Teil:066 947 1000
Lóghlao:1890 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie
R-phost: info@legalaidboard.ie

Ionaid Saorchomhairle Dhleathach

13 Sráid Dorset Íochtarach
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 (0)1 8745690
Facs:+353 (0)1 8745320
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
R-phost: info@flac.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 May 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Colscaradh
    Cur síos ar foraithne colscaradh agus eile .
  • Scaradh Dleathúil
    Cur síos ar Scaradh Dleathúil agus an córas len é a chur i gcrích
  • Neamhniú ar pháirtnéireacht shibhialta
    Ciallaíonn neamhniú ar pháirtnéireacht shibhialta go ndearna cúirt forógra go bhfuil do pháirtnéireacht shibhialta cheaptha neamhnithe. Faigh amach tuilleadh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.