Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Uchtú agus altramas > Uchtú

Print Page Send to a Friend

Uchtú

Eolas

Ball de theaghlach nua a dhéanamh de pháiste atá i gceist le próiseas an uchtaithe. Cruthaíonn sé gaol buan, dleathúil idir na tuismitheoirí uchtaithe agus an páiste.

Le blianta anuas tá i bhfad níos lú páistí Éireannacha ar fáil le tógáil ar uchtú agus is ar thíortha thar lear atá go leor tuismitheoirí ag triall le páiste a thógáil ar altramas. Tugtar Uchtú Idir thíorthach ar an bpróiséas seo.

Más mian leat páiste a thógáil ar altramas, bíodh sé in Éirinn nó thar lear, ní mór ar an gcéad dul síos teagmháil a dhéanamh le cumann altramais chláraithe nó leis an mbord sláinte áitiúil.

Má tá tú intofa, má tá mionscrúdú déanta ort mar dhuine feiliúnach le páiste a thógáil ar altramais, má tá tú cláraithe le cumann altramais agus má tá páiste curtha le fanacht leat, déanfar iarratas ar ordú altramais chuig an mBord Altramais, bord neamhspléach reachtúil, agus breathnóidh an Bord Altramais ar an iarratas altramais agus déanfaidh sé ordú altramais in am. Má tá tú ag tógáil páiste ar altramais ón iasacht tá an próiséas níos faide.

Próiséas casta dleathúil é altramas agus is cúnamh duit é eolas a bheith agat ar na bundlithe a bhaineann leis.

  • Níl sé de chead ach ag cumainn chláraithe altramais agus ag boird sláinte páistí a chur chuig teaghlaigh ar altramas.
  • Cintíonn ordú altramais stadás an pháiste sa teaghlach altramais. De réir an dlí is páiste de chuid na dtuismitheoirí altramais é/í an páiste mar an gcéanna agus dá mba rugadh dóibh é/í. Tá an t-altramas dleathúil buan.
  • Deantar iarratas i ngach chás ar ordú altramais chuig an mBord Altramais.
  • Tá cead de réir an dlí páistí gan aon tuismitheoirí agus páistí a rugadh do thuismitheoirí nach raibh pósta lena chéile a thógáil ar altramas (san áireamh, i gcásanna áirid, páistí go bpósanna a dtuismitheoirí a chéile ina dhiaidh sin). I gcásanna fíor eisceachtúla is feidir leis an ArdChúirt cead a thabhairt páistí a thógáil ar altramas má tá teipthe ar a gcuid tuismitheoirí nádúrtha ina ndualgas breathnú ina ndiaidh (d'fhéadfadh páistí a rugadh taobh istigh den phósadh a bheith san áireamh anseo).

Cé hIad na Daoine gur féidir leo páiste a thógáil ar altramas?

In Éirinn ní mór do dhuine a bheith ar a laghad 21 bliain d'aois agus ina c(h)ónaí sa Stát le páiste a thógáil ar altramas. Más lánúin phósta atá ag tógáil an pháiste ar altramas agus más máthair, athair nó gaol eile an pháiste duine acu, ní gá mbeadh ach duine den bheirt acu 21 bliain d'aois.

Is féidir leis na daoine seo a leanas páiste a thógáil ar altramas

  • Lánúin phósta atá ina gcónaí lena chéile
  • Duine pósta atá ina (h)aonar. Teastaíonn cead ón gcéile eile leis an bpáiste a thógáil ar altramas ach amháin sa chas nach bhfuil an lánúin ina gcónaí lena chéile agus go bhfuil siad scartha ón chéile le hordú cúirte nó ordú scartha, nó má tá an duine gur mian leis/léi páiste a thógáil ar altramas tréigthe ag a c(h)éile nó má d'imigh an duine gur mian leis/léi óna c(h)éile ar chúis mhaith de bharr mí-iompair an chéile sin.
  • Máthair, athair nó gaol eile an pháiste (seantuismitheoir, deartháir, deirfiúr, uncal, aint an pháiste atá i gceist le gaol agus/nó céile aon duine acu sin, gur féidir gaol leis an bpáiste a chruthú ar thaobh na máthar nó ar thaobh an athar).
  • Baintreach mná nó fir
  • Is féidir le hiarrthóir aonair nach bhfuil luaite in aon rannóg thuas páiste a thógáil ar altramas má tá an Bord Altramais sásta go bhfuil sé feiliúnach sa chás áirid sin. Ní féidir le beirt nach bhfuil pósta lena chéile páiste a thógáil ar altramas lena chéile.

Níl aon uasteorainn aoise le páiste a thógáil ar altramas de reir an dlí, ach bíonn teorainn aoise i bhfeidhm ag na cumainn altramais go hiondúil.

Cead

De réir an dlí ní mór cead tuismitheoir/coimeadóir an pháiste a fháil len é/í a thógáil ar altramas. Má rugadh an páiste do thuismitheoirí nach raibh pósta lena chéile agus muna bhfuil aon chearta ag an athair mar choimeadóir, ní gá ach cead a fháil ón máthair an páiste a thógáil. B'fhearr más féidir a chur in iúl don athair a bhfuil ag tarlú ach ní gá a chead a fháil. Ach, má phósann an t-athair an mháthair tar éis breith an pháiste nó má ainmnítear mar choimeadóir an pháiste é nó má thugann an chúirt ordú go mbeadh an páiste ag maireachtáil leis an athair is gá a chead a fháil an páiste a thógáil ar altramas.

Tugann an mháthair, an t-athair (nuair is coimeadóir an pháiste é) nó coimeadóir dleathúil eile cead ar dtús nó aontaíonn sí/sé go mbeadh an páiste curtha ar fáil don altramas ag cumann cláraithe altramais. Amach ansin beidh uirthi/air a bheith sásta agus cead a thabhairt go ndeanfaí ordú altramais. Is féidir an cead seo a tharraingt siar ag aon am roimh an ordú altramais a bheith déanta.

Má dhiúltaíonn an mháthair a cead nó má tharnaíonn sí siar cead a thug sí cheana is féidir leis na tuismitheoirí gur mian leo an páiste a thógáil ar altramas iarratas ar ordú a chur ós comhair na hArd Chúirte. Má tá an Chúirt sásta gur chun leas an pháiste atá sé déanfaidh sí ordú an páiste a chur faoi choiméad na dtuismitheoirí altramais ar feadh tréimhse faoi leith agus tabharfaidh an t-ordú cúirte sin cead don Bhord Altramais neamhní a dhéanamh do cheart na máthar a cead a thabhairt ordú altramais a dhéanamh.

Má athraíonn máthair a hintinn faoin bpáiste a chur ar altramas roimh an ordú altramais a bheith déanta, agus má dhiúltaíonn na tuismitheoirí altramais an páiste a thabhairt ar ais, is féidir léi ansin dul i muinín na cúirte le go mbeadh cúram an pháiste tugtha ar ais di.

Nuair a tugtar ordú altramais is féidir teastas breithe nua a fháil don pháiste. Cé nach fíor theastas breithe atá ann tá an stadás dleathúil céanna aige. Tugtar an dáta ar a déanadh an t-ordú altramais agus ainmneacha agus seoladh na dtuismitheoirí altramais agus tá sé cosúil ar chuile bhealach le teastas breithe.

Próiséas críochnúil atá ann páiste a thógáil ar altramas agus tógann sé roinnt ama, bliain ar a laghad. Nuair a dhéanann tú teagmháil leis an mbord sláinte áitiúil nó le cumann cláraithe altramais iarrfar ort teacht chuig seisiún eolais, in éineacht le lánúin eile gur spéis leo an t-altramas freisin le heolas a fháil ar an bpróiséas a bhaineann leis an altramas. Má theastaíonn uait leanúint ort leis an iarratas ní mór duit iarratas a dhéanamh ar na foirmeacha cuí a fháil sa phost.

Measúnú

Ní mór do dhaoine gur mian leo páiste a uchtáil iarratas a dhéanamh chuig Cumann Cláraithe Uchtála nó chuig an mBord Sláinte áitiúil. Tá ceart dleathúil agat go ndéanfaí measúnú ort i dtaobh páiste ón iasacht a uchtáil níl an ceart sin ann i dtaobh páiste a uchtáil in Éirinn. Déanfaidh cumann uchtála measúnú fíormhion ar lánúin atá ag iarraidh páiste a uchtáil. Bíonn an measúnú seo dhá dhéanamh thar tréimhse ama, idir 9 agus 15 mí, agus níos faide amanta. Tá sé mar aidhm ag an measúnú seo a chruthú an bhfuil an lánúin feiliúnach mar thuismitheoirí uchtála. Duine de oibrithe sóisialta an chumainn a dhéanfaidh an measúnú. Beidh agallaimh agus cuairteanna baile i gceist. Más lánúin phósta atá i gceist mar iarrthóirí beidh agallaimh le déanamh ag an lánúin lena chéile agus ina n-aonair. Pléifidh an tOibrí Sóisialta caidreamh na lánúine agus/nó caidreamh a bhí acu roimhe, na fáthanna atá acu le páiste a uchtáil, na rudaí lena bhfuileadar ag súil ón bpáiste agus a gcumas cúnamh a thabhairt don pháiste eolas agus tuiscint a fháil ar a (h)oidhreacht nadúrtha. Ní mór do gach iarrthóir scrúdú leighis a fháil déanta.

Má tá sé i gceist agat páiste a uchtáil ón iasacht beidh ceisteanna a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha an pháiste agus riachtanais speisialta a d’fhéadfadh a bheith aige/aici pléite mar chuid den mheasúnú.

Tuairisc

Cuireann an tOibrí Sóisialta tuairisc le chéile ansin le cur faoi bhráid choiste an chumainn altramais nó coiste an bhoird sláinte agus déantar cinneadh ar an iarratas.

Más altramacht in Éirinn atá i gceist ní bheidh sé de chead agat an tuairisc sin a fheiceáil.

Mas altramacht taobh amuigh den tír seo atá i gceist cuirfidh an tOibrí Sóisialta ar an eolas thú faoi a bhfuil sa tuairisc agus beidh tú in ann aon cheisteanna go dteastaíonn uait a ardú. Má aontaíonn an tOibrí Sóisialta le aon leasuithe atá agat is féidir an tuairisc a cheartú. Muna n-aontaíonn an tOibrí Sóisialta leat is féidir leat, tar éis idirghabhála, cuntas i scríbhinn maidir leis an ábhar a chur leis an tuairisc agus cuirfear é sin ós comhair an choiste. Tá sé de cheart agat achomharc a lorg ar aon mholadh/chinneadh a dhéantar.

Paiste a thógáil ar altramas in Éirinn

Má ghlactar le d'iarratas, is cinnte go mbeidh fanacht fada ort roimh a thiocfaidh leanbh chugat. Nuair a dhéantar leanbh a thairiscint duit ní mór iarratas a dhéanamh chuig an mBord Altramais agus sonraí sláinte, sonraí pearsanta agus trí litir mholta a chur in éineacht leis an iarratas. Tá dualgas reachtúil ar an mBord Altramais údarás a thabhairt don altramacht agus do na gníomhaireachtaí. Tiocfaidh Oibrí Sóisialta ar cuairt faoi dhó chugat roimh ordú altramais a dhéanamh. Idir 6 mhí agus bliain a thógann sé de ghnáth iarratas altramais a bhaineann le páiste Éireannach a chur tríd an gcóras go dtí an pointe go bhfuil an Bord Altramais sásta ordú altramais a dhéanamh.

Nuair atá an tordú tugtha faoi dheireadh iarrfar ort teacht ós comhair an Bhord Altramais agus mion a thógáil ar cé thú féin agus go bhfuil tú intofa don altramas. Cuirfear eolas ar fáil freisin duit ar cén chaoi le teastas breithe nua a fháil don pháiste. De ghnáth bíonn an teastas breithe nua ar fáil ó Oifig an ArdChláraitheora taobh istigh de cheithre sheachtain.

Rialacha

Athruithe a mholtar don Dlí

Ar an 16 Meitheamh, 2003, chuir an Roinn Sláinte tús le próiseas comhairliúcháin leis an bpobal faoi reachtaíocht uchtála in Éirinn.

Is é an aidhm a bhí leis an bpróiseas comhairliúcháin sin ná creatlach níos nua-aimseartha agus níos oiriúnaí a spreagadh in Éirinn. Chuir an Roinn plépháipéar le chéile a rinne imscrúdú ar shaincheisteanna éagsúla. Tugadh cuireadh don phobal aighneacht a dhéanamh ar na hathruithe a moladh.

Mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin seo dréachtaíodh reachtaíocht i 2004 chun:

  • Coinbhinsiún na Háige ar Chosaint Leanaí a dhaingniú,
  • foráil a dhéanamh chun an tÚdarás Uchtála a chruthú mar an tÚdarás Lárnach a éileofar faoi théarmaí an Choinbhinsiúin
  • feidhmiú éifeacht a chur le huchtuithe idir-tíre a fhorbhreathnú
  • déileáil le saincheisteanna ilghnéitheacha maidir le huchtú intíre agus foirm speisialta nua Caomhnóireachta a chruthú
  • Táthar ag súil go ndéanfar achtú ar an reachtaíocht seo, ar a dtabharfar an Bille Uchtála (Coinbhinsiún na Háige, Údarás Uchtála agus Ilghnéitheach) i dtreo dheireadh 2005.

Conas Iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil leis an mbord sláinte áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Bord Uchtaithe

Teach Shelbourne
Bóthar Shelbourne
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:(01) 230 9300
Láithreán Gréasáin: http://www.aai.gov.ie
R-phost: info@aai.gov.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.