Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Réamhrá

Is eagraíocht reachtúil í Tusla - an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach - a bunaíodh i mí Eanáir 2014 faoin Acht fán nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach 2013. Faoi Alt 8 den Acht, tá sé de dhualgas ar an eagraíocht:

  • Tacú le forbairt, leas agus cosaint leanaí agus na nithe sin a chur chun cinn, agus
  • Tacú le feidhmiú éifeachtach teaghlach agus é sin a spreagadh

Cuireann Tusla eolas agus comhairle ar fáil freisin don Cuireann Tusla eolas agus comhairle ar fáil freisin don Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir le saincheisteanna a bhaineann lena réimsí éagsúla freagrachta.Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir le saincheisteanna a bhaineann lena réimsí éagsúla freagrachta.

Cén obair a dhéanann Tusla?

Tá Tusla freagrach as na seirbhísí seo a leanas:

  • Seirbhísí um leas agus cosaint leanaí
  • Seirbhísí leasa oideachais (Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla - TESS)
  • Cúram Malartach
  • Seirbhísí luathbhlianta
  • Seirbhísí um fhoréigean teaghlaigh, foréigean gnéasach agus foréigean - bunaithe ar inscne
  • Seirbhísí leasa shíceolaíocha do leanaí
  • Tacaíochtaí teaghlaigh agus tacaíochtaí áitiúla pobalbhunaithe

Seirbhísí um leas agus cosaint leanaí

An tSeirbhís Leasa Oideachais - Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS)

Baineann 3 snáithe le Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla a oibríonn le chéile le scoileanna, le teaghlaigh agus le seirbhísí eile chun na torthaí oideachais is fearr a bhaint amach do leanaí agus do dhaoine óga.

  • Oibríonn Seirbhísí Leasa Oideachais (EWS) le leanaí agus le teaghlaigh a bhfuil deacrachtaí acu maidir le tinreamh scoile, rannpháirtíocht agus coinneáil.
  • Tacaíonn an Clár Críochnaithe Scoile (SCP) le leanaí bunscoile agus meánscoile agus le daoine óga atá i mbaol an scoil a fhágáil go luath, nó atá as scoil agus nár éirigh leo aistriú chuig suíomh foghlama eile ar nós Ógtheagmhála, Ionad Oiliúna Pobail nó fostaíocht.
  • Cuireann an Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) comhpháirtíocht chun cinn idir tuismitheoirí, múinteoirí agus seirbhísí tacaíochta teaghlaigh pobail chun torthaí oideachais a fheabhsú do leanaí. Tacaíonn an scéim freisin le teaghlaigh agus a bpáistí ag aistriú ón luathoideachas go dtí an bhunscoil, ón mbunscoil go dtí an mheánscoil agus ar deireadh, ón meánscoil go dtí breisoideachas agus ardoideachas, oiliúint nó fostaíocht.

Cúram Malartach

Tá freagracht reachtúil ar Tusla Seirbhísí Cúraim Malartach a sholáthar, amhail cúram altrama nó cúram cónaithe. Tá freagracht air freisin seirbhísí Iarchúraim a chur ar fáil do dhaoine óga atá idir 16 agus 21 bliain d’aois agus a bhfuil 12 mhí caite acu faoi chúram an stáit agus iad idir 13 agus 18 mbliana d’aois. Leanann seirbhísí iarchúraim de bheith ar fáil do dhaoine óga suas go 23 bliana d’aois atá in oiliúint nó oideachas creidiúnaithe.

Soláthraíonn Tusla seirbhísí freisin do leanaí atá gan dídean nó atá scartha óna dteaghlaigh agus iad ag lorg tearmainn. Tá freagrachtaí ar Tusla freisin maidir le huchtú.

Seirbhísí luathbhlianta

Tá Tusla freagrach as cigireacht a dhéanamh ar réamhscoileanna, grúpaí súgartha, naíonraí lae, naíolanna, cúram lae agus seirbhísí comhchosúla do leanaí idir 0 agus 6 bliana d’aois.

Déantar cigireacht ar gach seirbhís luathbhlianta atá cláraithe le Tusla. Is féidir cóip den tuairisc chigireachta Tusla is déanaí a iarraidh ón tseirbhís, nó is féidir teacht ar thuarascálacha cigireachta Tusla foilsithe anseo ar líne.

Seirbhísí um fhoréigean teaghlaigh, foréigean gnéasach agus foréigean - bunaithe ar inscne

Maoiníonn Seirbhísí Tusla um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh foréigin teaghlaigh, gnéis agus inscne ar fud na hÉireann. Ina measc seo, tá tearmainn agus seirbhísí baile sábháilte a sholáthraíonn cóiríocht shábháilte éigeandála, seirbhísí pobalbhunaithe foréigean baile, agus seirbhísí géarchéime éignithe/foréigean gnéis.

Seirbhísí leasa shíceolaíocha do leanaí

Tacaíochtaí teaghlaigh agus tacaíochtaí áitiúla pobalbhunaithe

Soláthraíonn Tusla raon seirbhísí a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil do theaghlaigh. Áirítear leis seo oibrithe tacaíochta teaghlaigh, oibrithe sóisialta, oibrithe óige, ionaid acmhainní teaghlaigh, grúpaí tacaíochta agus seirbhísí comhairleoireachta.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Tusla agus na seirbhísí éagsúla a chuireann Tusla ar fáil, téigh chuig tusla.ie.

Tuilleadh eolais

Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Brunel Tógála
Heuston Ráithe Theas
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil: (01) 771 8500
Láithreán Gréasáin: https://www.tusla.ie/
R-phost: info@tusla.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Lúnasa 2023