Cearta comharbais tar éis idirscartham colscartha nó scaoilte

Cad iad cearta comharbais?

Is éard is comharbas ann nuair a fhaigheann duine bás agus go bhfaigheann a gcéile, a pháirtnéir sibhialta nó a leaní le hoidhreacht a mhaoin.

Tá cearta comharbais leagtha amach sa dlí. Ciallaíonn sé seo má fhaigheann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás, tá tú i dteideal sciar dá eastát go huathoibríoch. Is é an t-eastát a sealúchais go léir, lena n-áirítear airgead, earraí agus réadmhaoin.

Cearta comharbais tar éis idirscartha

Nuair a scarann tú go dleathach ó do chéile nó do pháirtnéir sibhialta, féadfaidh tú an rogha a dhéanamh do chearta comharbais a thabhairt suas.

Má tá comhaontú idirscartha foirmiúil agat féin agus ag do chéile, seans go bhfuil do chearta comharbais tugtha suad atat cheana féin.

Má bhronn an chúirt foraithne idirscartha bhreithiúnaigh duit, b'fhéidir go ndearna sí ordú a rá go bhfuil deireadh le do chearta comharbais.

Ní dhéanfaidh an chúirt do chearta comharbais a thréigeann (a thabhairt suas) ach amháin má tá sí sásta go ndéanfar foráil cheart duit.

Cad a tharlóidh mura bhfuil mé scartha go dlíthúil?

Má bhí tú féin agus do chéile i do chónaí scartha óna chéile, ach nach raibh comhaontú idirscartha forimiúil nó colscaradh agat, féachtar ort mar chéilí go fóill faoin dlí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil tú fós i dteideal na scaire cuí d'eastát (seilbh) do chéile nach maireann.

Cearta comharbais tar éis colscaradh

Má tá tú colscartha, níl cearta uathoibríocha comharbais agat ar eastát do iar-chéile. Tarlaíonnn sé seo toisc go dtagann deireadh le cearta comharbais nuair a dheonaíonn an chúirt 'foraithne colscartha'.

Mar sin féin, féadfaidh do iar-chéile rud éigin a fhágáil duit ina n-uacht.

I gcúinsí áirithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar sciar d'eastát do iar-chéile. Léigh 'iarratas a dhéanamh ar sciar d'iar-chéile' thíos.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar sciar d'eastát m'iarchéile?

Mar chéile colscartha, nó mar pháirtnéir sibhialta a bhfuil a pháirtnéireacht shibhialta díscaoilte, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar sciar d'eastát do iarchéil más rud é:

  • Déanann tú iarratas laistigh de 6 mhí ón Deonú Probháide nó Litreacha Riaracháin
  • Níor phós tú arís

Ní éiríodh le d'iarratas ach amháin má chineann an chúirt nach ndearnadh soláthar ceart duit sa cholscaradh nó sa scaoilte. Go minic le linn imeachtaí colscartha nó scaoilte, déanfaidh an chúirt ordú a chuireann cosc ort iarratas den chineál seo a dhéanamh.

Cad a tharlóidh má tá uacht agam?

Doiciméad scríofa is ea uacht a mhíníonn cad ba mhaith leat a tharlóidh le do chuid sealúchais tar éis duit bás a fháil.

Tá do chéile nó do pháirtnéir sibhialta fós i dteideal scaire i d'eastát, fiú mura luaitear iad le d'uacht.

Tuilleadh faisnéise

Tá an dlí maidir le cearta comharbais leagtha amach san Acht Comharbais 1965.

Mura bhfuil tú cinnte faoi do chearta comharbais tar éis idirscartha nó colscartha, déan teagmháil le d'aturnae chun comhairle a fháil.

Faigh tuilleadh faisnéise ar cad a tharlaíonn d'airgead agus sealúchais duine éagtha.

B'fhéidir gur mhaith leat léamh freisin faoi stádas pósta agus oidhreacht agus cearta oidhreachta lánúineacha comhchónaithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Deireadh Fómhair 2023