Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéimeach COVID-19

Réamhrá

Íocaíocht leasa shóisialaigh d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a chaill a gcuid fostaíochta go léir mar gheall ar éigeandáil sláinte poiblí COVID-19 is ea Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéimeach COVID-19 (PUP).

Tá ÍDP dúnta.

Cáin agus ÁSPC

Cáin

Gearrtar cáin ar Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19. Braitheann an méid cánach a bhíonn tú faoi dhliteanas a íoc ar d’ioncam foriomlán i rith na bliana, áfach. Ní íocfaidh tú cáin más lú do dhliteanas cánach ná do chreidmheasanna agus liúntais chánach.

Cáin a ghearradh ar ÍDP in 2020

Rinneadh measúnú in 2020 ar Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 i dtaobh cáin ioncaim agus MSU ag deireadh na bliana. Is féidir leat do Réamhráiteas Deireadh Bliana don bhliain 2020 a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim. Taispeántar ar an ráiteas seo an cháin ioncaim agus an MSU a d’íoc tú don bhliain 2020. Insíonn sé duit cibé acu an ndearna tú do cháin don bhliain 2020 a ghanníoc nó a ró-íoc. Má rinne tú do cháin a ghanníoc, is féidir leat:

•A shocrú go ndéanfar an cháin a aisíoc go hiomlán nó go páirteach trí úsáid a bhaint as moChúrsaí nó

•Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim an ghanníocaíocht a bhailiú trí do chreidmheasanna cánach a laghdú i rith tréimhse 4 bliana, ag tosú in Eanáir 2022.

Ní bheidh ort ús a íoc ar aon ghanníocaíocht.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim eolas breise ar fáil ar chánachas ÍDP a íocadh in 2020.

Cáin a ghearradh ar ÍDP in 2021

Caitear le ÍDP in 2021 cosúil le híocaíochtaí leasa shóisialaigh inchánach eile. Gearrtar cáin i bhfíor-am air. Ciallaíonn seo go ngearrtar cáin air de réir mar a íoctar é. Bailítear an cháin a bhíonn le híoc trí do chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta a laghdú. Is féidir leis seo aon dliteanais bhreise ag deireadh na bliana a theorannú.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim eolas breise ar fáil ar chánachas ÍDP a íocadh in 2021.

ÁSPC

Measfar gur íoc tú ranníocaíochtaí ÁSPC san aicme chéanna a bhí á híoc agat díreach sular leagadh as thú agus fad a bhí an íocaíocht á fáil agat. Cabhróidh seo leat cáiliú d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile, cosúil le Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Máithreachais agus Sochar Uchtaíoch.

Má tá tú féin-fhostaithe, bronnfar duit 52 ranníocaíocht bhliantúil nuair a dhéanann tú do thuairisceán cánach (lena n-áirítear aon íocaíocht Aicme S dlite) sa ghnáth-bhealach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Bealtaine 2022