Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid

Athúsáid d’Eolas na hEarnáil Phoiblí

Tabhair faoi deara go mbeidh an Bord um Fháisnéis do Shaoránaigh ag athbhreithniú ábhar an leathanaigh seo chun athruithe de dhíth faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Sonraí Oscailte agus Athúsáid d’Eolas na hEarnáil Phoiblí) a chur i bhfeidhm.

Comhlíonann an Bord um Fháisnéis do Shaoránaigh leis na rialacháin ar Athúsáid d’Eolas na hEarnáil Phoiblí (Pobail Eorpaigh (Athúsáid d’Eolas na hEarnáil Phoiblí) Rialacháin 2005 (arna leasú)) agus spreagann muid athúsáid an eolais a dhéanann muid. Tá na rialacháin ar fáil ag www.psi.gov.ie.

D'fhéadfadh eolas agus cáipéisí a fhaightear ó www.citizensinformation.ie a athchruthú agus/nó a athúsáid saor in aisce ag brath ar an gceadúnas EEP is déanaí, Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Tá eolas ar an gceadúnas ar fáil ag www.psi.gov.ie.

Faoin gceadúnas CC-BY, ní mór foinse an eolais a aithint. San áit nach bhfuil ráiteas aitreabúideachta ar leith soláthartha d’fhéadfadh an ráiteas aitreabúideachta seo a leanas a úsáid: “Coinnítear Sonraí na hEarnáil Phoiblí Éireannaigh faoi cheadúnas Sannta Creative Commons Idirnáisiúnta (CC BY 4.0).”

Léigh an séanadh freisin le do thoil maidir le heolas ar fáil ar an suíomh seo.

Le haghaidh fiosruithe ar athúsáid an eolais coinnithe ag an mBord um Fháisnéis do Shaoránaigh le do thoil seol ríomhphost chuig psi@ciboard.ie.

Ní bhaineann cead d’eolas a athchruthú ó citizensinformation.ie le aon ábhar ar an suíomh seo a d’fhéadfadh a bheith maoin de thríú páirtí. Ní mór údarú a fháil óna sealbhóirí cóipchirt i gceist chun an t-ábhar seo a athchruthú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Samhain 2016