Ag tosú gnó nuair a fhileann tú ar Éirinn

Réamhrá

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn tar éis duit cónaí thar lear, b'fhéidir go gcinnfidh tú oibriú duit féin, seachas d'fhostóir. Féadfaidh an t-eolas agus na scileanna atá agat a fuarthas ón saol thar lear cabhrú leat chun rath a bhaint amach sa gheilleagar áitiúil.

Tá faisnéis ar an leathanach seo maidir le conas a bheith i d'úinéir gnó in Éirinn, lena n-áirítear treoir ar conas plean gnó a scríobh, foireann a fhostú agus do chánacha a bhainistiú.

Má tá saoránach neamh-Éireannach ag teacht go hÉirinn chun gnó a bhunú leat, b'fhéidir go mbeidh orthu iarratas a dhéanamh ar chead ar dtús. Léigh faoi theacht chun gnó a bhunú in Éirinn mar náisiúnach neamh-LEE, na RA nó na hEilvéise.

An clár 'Back for Business'

Is clár forbartha saor in aisce é Back for Business chun cabhrú le saoránaigh Éireannacha atá tar éis filleadh ar Éirinn chun gnó a fhorbairt. Tá an clár maoinithe tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Tabhair cuairt ar ár leathanach faoin gclár Back for Business.

Do threoir maidir le gnó a thosú in Éirinn

Cibé an raibh gnó ar siúl agat agus tú i do chónaí thar lear, nó má tá tú ag éirí fiontraí den chéad uair, is féidir leat an faisnéis seo a leanas a léamh faoi ghnó a thosú in Éirinn:

Beithnithe airgeadais

Ní mó duit raon saincheisteanna airgeadais a mheas sula dtosaíonn tú ar ghnó. Mar shampla, athrófar do fhreagrachtaí cánach. D'fheadfadh go mbeadh deontas tosaithe uait freisin nó gur mhaith leat fostaithe a fhostú.

Léigh ár bhfaisnéis ar:

Tuilleadh faisnéise

Is féidir leat an comhlacht ionadaíoch do thionscal ar leith a aimsiú chun treoir agus tacaíocht shaincheaptha a fháil.

Má tá inbhuanaitheacht tábhachtach duit, féach ar an raon tacaíochtaí atá ar fáil chun do ghnó a dhéanamh neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Féach ar ár liosta de shuímh Ghréasáin, de ranna Rialtais agus de ghníomhaireachtaí le faisnéis chun cabhrú leat gnó a thosú in Éirinn.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis na heagraíochtaí seo a leanas freisin chun treoir a fháil:

Fiontraíocht Éireann

Enterprise Ireland,
East Point Business Park
The Plaza
Dublin 3
D03 E5R6

Teil: 01 727 2000
Láithreán Gréasáin: http://www.enterprise-ireland.com/

An Oifig um Chlárthú Cuideachtaí

Teach Bloom
Gloucester Place Lower
Baile Átha Cliath 1
D01 C8P4
Éire

Teil: (01) 804 5200
Lóghlao: 0818 452 000
Facs: (01) 804 5222
Láithreán Gréasáin: http://www.cro.ie

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Eanáir 2024