Ráiteas príobháideachais

Réamhrá

Tá an suíomh gréasáin citizensinformation.ie á chothabháil ag An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, gníomhaireacht reachtúil atá lonnaithe i dTeach Ché Sheoirse, Sráid Chnoc na Lobhar, Baile Átha Cliath 2.

Soláthraímid nó tacaímid le soláthar faisnéise, comhairle, seirbhísí comhairle agus tacaíochta airgid. Tá raon eagraíochtaí á maoiniú againn, lena n-áirítear Faisnéis do Shaoránaigh, Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS), Seirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh, an tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas (NAS) agus Seirbhís Ateangaireachta Teanga Chomharthaíochta (SLIS).

Déantar cur síos sa ráiteas seo ar conas a phróiseálfaimid aon sonraí a bhaileoimid uait tríd an suíomh gréasáin seo.

Tá fógra Fianán ar leith againn, ina dtugtar faisnéis duit maidir leis na fianáin atá ar ár suíomh gréasáin ionas gur féidir leat cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le glacadh nó diúltú d’fhianáin den chineál sin.

Chun críche Achtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018, is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh an rialaitheoir sonraí.

Ní bhaineann an ráiteas seo ach lenár gcleachtais phríobháideachais a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le cosaint sonraí le fáil ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, agus ó na cuideachtaí atá á maoiniú againn, sna Fógraí Cosanta Sonraí ar citizensinformationboard.ie.

Chomh maith leis sin, tá raon cainéal meán sóisialta corparáideach á bhainistiú ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus tá ár mbeartais le fáil ar citizensinformationboard.ie.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Nuair a thugann tú cuairt ar citizensinformation.ie, bailítear raon faisnéise, lena n-áirítear:

  • Seoladh IP – an seoladh aitheantais ar do ríomhaire le haghaidh chód an Phrótacail Idirlín (IP), 137.191.332.82, mar shampla
  • Brabhsálaí gréasáin agus leagan
  • Leathanaigh ar tugadh cuairt orthu agus am na gcuairteanna sin
  • An córas oibriúcháin
  • An gléas nó cineál gléis
  • Téarmaí cuardaigh úsáidte
  • Seoladh an tsuíomh gréasáin ar thug tú cuairt air roimhe seo, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh úsáidte
  • Seoltaí suíomhanna gréasáin seachtracha a sroicheann tú trí chliceáil ar naisc ar citizensinformation.ie

Má úsáideann tú ár bhfoirm glao ar ais chun iarratas a dhéanamh glao a fháil ón tSeirbhís Teileafóin do Shaoránaigh, bailímid do sheoladh ríomhphoist agus d’uimhir theileafóin mar aon le faisnéis faoi ábhar d’fhiosrúcháin.

Céard le haghaidh a úsáidimid an fhaisnéis?

Úsáidimid an fhaisnéis seo chun críocha staitistiúla agus tuairiscithe, chun an suíomh gréasáin a fheabhsú agus chun glao ar ais ar chustaiméirí nuair is cuí.

Seirbhísí tríú páirtí ar citizensinformation.ie

Úsáideann an suíomh gréasáin citizensinformation.ie Google Analytics agus Google Tag Manager agus Google Maps.

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics chun faisnéis a bhailiú faoi conas a úsáideann cuairteoirí chuig citizensinformation.ie an suíomh gréasáin. Tá seirbhís Google Analytics socraithe againn le ardchosaintí príobháideachais ionas nach gcoimeádfaidh Google do sheoladh IP iomlán agus nach bhfuil cead aige aon sonraí a bhailítear a roinnt. Tá tuilleadh faisnéise maidir le Google Analytics le fáil inár 'Polasaí fianán'. Lorgóimid toiliú uait roimh fhianáin Google Analytics a shocrú agus ní bhailímid faisnéis maidir le do chuairt trí Google Analytics mura dtugann tú an toiliú seo dúinn.

Úsáidimid Google Tag Manager chun cuid de na sonraí a sheoltar chuig Google Analytics a shaincheapadh. Úsáidimid Google Tag Manager chun an méid a scrollaíonn úsáideoirí síos leathanach a rianú. Déanaimid é seo lena fháil amach cibé acu atá nó nach bhfuil riachtanais úsáideoirí á gcomhlíonadh ag an ábhar.

Nuair a chuardaíonn tú le haghaidh Ionad Faisnéis do Shaoránaigh ar centres.citizensinformation.ie, feicfidh tú roghanna ar go leor de na leathanaigh chun mapa atá ginte ag Google a lódáil. Má roghnaíonn tú mapa atá ginte ag Google, d’fhéadfadh Google faisnéis a bhailiú fad is atá an mapa á ghiniúint, lena n-áirítear do sheoladh IP, leagan brabhsálaí gréasáin, córas oibriúcháin agus a leithéid.

Féadfaidh Google sonraí a stóráil ar fhreastalaithe lasmuigh den Aontas Eorpach nó den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Tá cosaintí oiriúnacha bunaithe againn chun príobháideachas agus sláine na sonraí seo a chosaint.

Tá Polasaí Príobháideachais Google le fáil ar https://policies.google.com/privacy.

Naisc ar citizensinformation.ie

Má chliceálann tú ar chnaipí nó naisc ar shuíomhanna nó seirbhísí tríú páirtí nuair atá úsáid á baint agat as an suíomh gréasáin citizensinformation.ie, atreorófar tú chuig suíomh seachtrach, ag a bhfuil a pholasaithe fianán agus príobháideachais féin nach bhfuil aon smacht againne orthu.

Óstáil

Tá citizensinformation.ie á óstáil ar fhreastalaithe atá á gcothabháil ag Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO). Tá fearann centres.citizensinformation.ie á óstáil ar fhreastalaí de chuid an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Seirbhís náisiúnta glao ar ais

I rith shrianta COVID-19, tá na hocht Seirbhís Faisnéis do Shaoránaigh agus an tSeirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh ag obair le chéile chun seirbhís aonair, náisiúnta glao ar ais a sholáthar.

Má sholáthraíonn tú sonraí teagmhála ar an leathanach Iarratas ar ghlao ar ais, d’fhéadfadh oifigigh faisnéise ó aon cheann de na cuideachtaí seo féachaint ar do shonraí teagmhála agus roinnt sonraí ar d’iarratas.Tá fógra samplach cosanta sonraí le haghaidh Seirbhísí Faisnéise do Shaoránaigh le fáil ar an suíomh gréasáin citizensinformationboard.ie.

Tá fógra samplach cosanta sonraí le haghaidh Seirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh le fáil ar an suíomh gréasáin citizensinformationboard.ie freisin.

Seirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh

Is é Seirbhís Teileafóin Faisnéis do Shaoránaigh (CIPS), cuideachta atá á maoiniú ag agus a bhfuil an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh ag tacú léi, a fhreagraíonn glaonna chuig an uimhir theileafóin 0818 07 4000. Tá sonraí maidir le cleachtais phríobháideachais CIPS le fáil ar an suíomh gréasáin citizensinformationboard.ie.

Fianáin

Úsáideann citizensinformation.ie fianáin atá riachtanach lena chinntiú go n-oibríonn an suíomh gréasáin. Is féidir leat fianáin roghnacha a úsáid freisin. Cabhraíonn na fianáin seo linn conas a úsáideann cuairteoirí an suíomh gréasáin a thuiscint agus úsáid agus feidhmiúlacht an tsuímh gréasáin a fheabhsú.

Is féidir leat do shainroghanna fianán a athrú am ar bith trí chliceáil ar an nasc 'Bainistigh Sainroghanna Fianán' sa bhuntásc ar gach leathanach den suíomh gréasáin seo. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir leis na fianáin a úsáidimid agus an aidhm atá leo inár Fógra fianán.

Tuilleadh faisnéise nó conas iarratas a dhéanamh

Má tá imní ort maidir le conas a bheidh do shonraí pearsanta á bpróiseáil tríd an suíomh gréasáin seo, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí:

Telephone: 0818 07 9000

Email: dataprotection:@ciboard.ie

Gluais téarmaí teicniúla úsáidte

Gluais téarmaí teicniúla úsáidte

An píosa bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Is samplaí iad Google Chrome, Mozilla Firefox, Safari agus Opera.

Seoladh IP

Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), arna léiriú i gcód prótacail idirlín (192.168.72.34, mar shampla). Tá seoladh IP ar leith ag gach ríomhaire atá nasctha leis an ngréasán, ainneoin nach gá gurb ionann an seoladh gach uair a dhéantar nasc.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Bealtaine 2023