Cás-staidéar: Do cháin ioncaim a ríomh

Creidmheasannacánach

Is duine singil í Joan agus tuileann sí €28,000 sa bhliain. Faigheann sí fógra cinnidh a creidmheasanna cánach agus pointe scoite a ráta chaighdeánaigh ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá creidmheasanna cánach Joan liostaithe ar an bhfógra mar seo a leanas:
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil = €1,875
Creidmheas Cánach d’Fhostaí = €1,875
Líon iomlán na gCreidmheasanna cánach = €3,750

Pointe scoite an ráta chaighdeánaigh do dhuine singil ná €42,000. Os rud é go bhfuil ioncam Joan faoin bpointe scoite, gearrtar cáin ar a cuid ioncaim go léir ag an ráta caighdeánach, (20%), chun a cáin chomhlán a fháil.
28,000 x 20% = €5,600 cáin chomhlán.

Asbhaintear líon iomlán na gcreidmheasanna cánach ón gcáin chomhlán chun an méid cánach is iníoctha a thabhairt:
€5,600 - €3,750 = €1,850

Tá dliteanas ar Joan an Muirear Uilíoch Sóisialach (MUS) dá hollioncam a íoc freisin.

Is é an méid iomlán a bhaintear as a hioncam ná:

€1,850 (cáin ioncaim) + €424.62 (MUS) = €2,274.62

Is féidir leat teacht ar mhéid míosúil nó seachtainiúil na cánach ba cheart a bhaint ó thuarastail tríd an bhfigiúr bliantúil seo a roinnt faoi 12 nó faoi 52 faoi seach.

Rátaícánach agus pointe scoite an ráta chaighdeánaigh

Is mar seo a leanas a ríomhfar an cháin atá le híoc ag cáiníocóir singil a thuileann €43,200 sa bhliain:

An banda ráta caighdeánach do cháiníocóir singil ná €42,000.
Ciallaíonn sé sin go ngearrtar cáin ar an gcéad €42,000 ag an ráta caighdeánach, 20%, agus go ngearrtar cáin ar an bhfuílleach (€1,200) ag an ráta cánach níos airde, 40%.
€42,000 x 20% = €8,400
€1,200 x 40% = €480

Iomlán = €8,880

Asbhaintear creidmheasanna cánach ón méid sin chun an cháin atá dlite a thabhairt. Tá cáiníocóir singil ÍMAT (Íoc Mar a Thuillir) i dteideal na creidmheasanna seo a leanas a fháil:
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil = €1,875
Creidmheas Cánach d’Fhostaí = €1,875
Iomlán = €3,750

Sa sampla seo, níl an cáiníocóir i dteideal aon chreidmheasanna cánach eile a fháil agus dá bhrí sin is é an cháin iomlán atá dlite ná:
Cáin chomhlán de €8,880
Lúide creidmheasanna cánach de €3,750
Cáin dlite = €5,130

Tá an USC ar ollioncam le híoc freisin. Is é an méid iomlán a bhaintear as ioncam ná:

€5,130 (cáin ioncaim) + €1,032.62 (MUS) = €6,162.62

Liúntaischánach

Féach an t-alt ar liúntais chánach i Conas a ríomhtar do cháin ioncaim chun míniú simplí a fháil faoi conas luach an liúntais chánach a ríomh.

Léiríonn na samplaí seo na fachtóirí éagsúla a bhaineann le do cháin a ríomh in 2023.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Eanáir 2024